ISOS logo
en

The Book of the O'Conor Don

The Book of the O'Conor Don

[f. 50r] .

Tadg og ó huiginn .cc.
Múin aitridhe dhamh a dhé. ga bfios an bfuighinn búainré
ní trath sithimh a dhé dhamh. as mithidh mé do mhúnadh
Mo mhúnadh do mhuin cridhe. fedh ar naoís óigine
gur arsoigheas nír iarr me. cían ó chasmhoileas creidmhe
AS deacra aniugh na a naoís óig. lamh fam teagusc a trionóid
mur do ní crann díona dhi. nocha nam sníomha slaite
Báoghal damh a dhé nimhe. ar tteachd da ttrían maimsire
bheith san trían nach ttainig dhi. mur atáimid riamh roimhe
Feadh a ré go roige sin. da ccaithimh uile ataighidh
minic térna teach nimhe. neach lé héanla aithrighe
Tabhair gion go ttuilleann sinn. gradh na haitrighe minntinn
lá éigin a dhé ream dhul. na léigidh mé do mhealladh
Men chroidhe ní folair duit. tfhaghail úaim na éaruic
do chóig cridhe a ccosair chró. do chosuin tfhine a neanló
IOmdha déar do dhoirt tusa. dfuil do chnis dom cháomhnusa
déura mo shúl ar a son. méula dhún gan a ndéanam
Le día athar is ionráidh. iomda agam eisiomláir
fa ndligh mé deanamh na ndér. do sgélaibh dé sa dheibhlén
Troightec dé da derbadh soin. lá éigin mur do ionnoil
peacadh muire mhaghdalean. do badh glan uile ón fhíréan
Peadur asbol na aghaidh. do shéan é le híodhaloibh
do ní déara na dhion sin. ar séana ríogh an ríchigh
Gabhais ar ngoin a croidhe. mac dé día do trocoire
gé do tholl ráicridhe an ríogh. aitridhe ón doll sa doighníomh
Atá sgél uasal eile. agam ar an aithreighe
an sgél mur do sgriobh in peann. adér más fíor a fhuigheall
Toirrceas foluigh fada ó shoin. do ríghne mac lé a mháthoir

[f. 50v] .

an toirrcheas nír tharbha dhi. tárla na fhoilcheas aice
Gearrtar lé lór do pudhur. deagla an chuil do cronugadh
braighe an leinb an lá do ghein. gion gur cheird mná don mhnaoísin
Do leanadur da laimh dheis. tri deóra diochra an aitheis
sgeinm ris na deóruibh do dhligh. dfheolfhuil an leinb an lá sin
Do dhíochor na ndear bfala. ionnlais an mbais mbarrthana
ní dheachaidh ball as don fuil. a bas ann gé do ionnuil
Do bhidís na boill chorcra. uirthe déis gach ionnolta
tuirrsec í dá nionnladh sin. ní nár bhiongnadh don ingin
A ccionn treimsi an tan do thuig. lá éigin dar éis ionnluid
rí nimhe na námhuid dhi. na cridhe tanuig tuirrsi
Tograis lé toirrsi cridhe. dfhaoísidin na hingine
mur fuair lé an lásoin a toil. fa grásoibh dé go ndeachoidh
Innisidh géar dheacair dhi. san eaglais déis a chéile
a bhreith dfhior na fhior chuil. sa chion a leith an leinibh
On dá tháomsoin túar creidimh. fearuidh aga faoísidin
tairthighe na séana sin. déara aitrighe ón inghin
Lamh an comhardha mar do chuir. do bhúain na ndéar da dercuibh
ón chaoí do fhear ón fhabra. do chlaoí ar ceal an comhardha
Ga  ttám achd ní dheachaidh dhi. lé huisce ionnloit eile
an ainimh do bhaoí ar a bais. caoí na aighidh gur urmais
Na boill do bhí ar cridhe. ionnarbais an aithrighe
na tri braoín aille don fhuil. do thaoíbh a laimhe an lásoin
An lámh ón ló sin amach. mur do bhí uile ar áondhath
go rabh lé snighe na súl. sal mo cridhe ar na chláochlúdh
Go ttáobhor athoidh oile. riot a rí na trocaire
an drochsaoghal a dhé bhí. na rotháobhar é a airdrí
Eadrad a athair néamhdha. san bhioth cé cúis doimheanma
tig mo rún anall sa nonn. tig fúm ann gach ré n[d exp.]iodhlonn
Bim trath go saoílfedh sinn. nach ttiúbhrainn truagh an inntinn
grádh don pheacadh seacha soin. ré heatal ceatha a chosmhoil

[f. 51r] .

Gairid ainnséin da aithle. go ttaíghleam tuar meraighthe
na seachd bpeacaidh as pían dam. deacair srían ris an sáoghal
Na dúile da ndearnuis me. sna cóig ceadfadha a coimhdhe
deacair dhún cridhe cobhsaidh. do thúr nimhe ón náonmursain
An saoghal sa chalonn [clcuil exp.] chuil. agas aingiol an úabhuiR
na ttrí ccásoibh inar ccionn. a rí do fhásoigh ifrionn
An aithrighe ina héanor. na naghaidh do foigheanadh
go múine caoí fár cceanaibh. gac laoí dhúin a dhúileamhain

//MÚIN AITHRIGHE//