ISOS logo
en

The Book of the O'Conor Don

The Book of the O'Conor Don

[f. 48v5] .

Gofraigh fionn ó dalaigh .cc.
Maircc mheallus muirn an tsháoghail. gearr bhíos búaidh an móráonuigh
mairg nach rocháomhuin é air. ré ré an drochsháoghail deacraigh
Flaitheamhnus mor ar mhoirn mbig. beatha tshíor ar sheal ngairid
tréigean dé as diombúaidh an dáil. ar ré dhiombúain an domhnáin
Sódh na socraide neamhdha. atá thúas mun tígerna
gach sódh fo nimh seacha soin. is beatha fhir an úamhuidh
A dhaoíne da ndáilter rath. leis nach beag méad a méadhrach
bur sódh as uime as lór libh. gan sódh is uille dfaicsin
Da derbadh sin ag so sgel. bheanus ris do réir fhirén
sgél é óna biontuir neamh. gi bé sgriobtuir ór sgaoíledh
Bean torrach ag túar broide. do bhí a bpriosún pheannoide
bearar do chead dé na ndúl. lé leanabh beag san phriosún
Ar na bhreith do bhí an macamh. ag fás mur gach fochlacán
da fhíadhnoibh mur badh eadh dhún. seal do bliadhnoibh san bpriosún
An inghean dfaghail bhroide. meanma an leinibh nír lughaide
sí da réir gé do bhaoí a mbroid. mur mhnaoí gan péin gan peannoid
Do soillsi an laoí nír léir dhóibh. achd a bfaicdís fáth dóbróin
do druim iodhan an achuidh. tré ionadh thuill tarathair
Mun orchra nír bhionann dál. da mháthair is don mhacámh
do athroigh dealbh da dreich ngil. is an leanb ag breith bhisigh
An leanb doileamhuin ann. do bfeirde aige a fulang
nír léir don bharrthais óg úr. nár bfód parrthais an priosún
Eision ag breith rúag reabhraidh. isi ag dul ar dhoimheanmuin
maircc tra na ttiúbhradh dha aoíbh. ionnramh na mná sa macaoímh
Ar bfaicsin dér ré a dreich ndil. ráidhis an leanbh lá éigin

[f. 49r] .

ó tharla tfhuighioll ar móidh. cluiniom dámhna do dhobróin
Neimhiongnadh gé ghéanuinn maoíth. ar sisi a leinibh lánbhaoíth
as rían cumhong nar chleachd dún. teachd dfulong pían a bpriosún
An bfuil ar sé sódh eile. is aoíbhne nó ar ninmheine
nó an bhfuil ní is soíllsi na so. ó do ní an toirrsi tromsa
A nabra ní hiongnadh dheit. ar an ingean a óig mheic
faoí gheibhe an treabh do thoghuis. teagh eile ní fhacadhuis
Da bfaicthea a bfaca misi. ria tteachd don tigh dhoirchisi
do bhíadh doimheanma ort ann. do port oileamhna anam
Ós agadsa as fearr a dhearbh. a inghean ar an tóig leanbh
na ceil oirn fionnochdain de. do mhóirn diomorcaidh óirne
Loisi an tsháoghail mhoirsi amuigh. as í tarrus ó thosuigh
mé a ttigh dhorcha na dheaghaidh. a fhir chomtha as cinneamhuin
Dar linn ar an leanabh óg. gé taoí bronach a bheanód
as léir dhuinn ar ndíol soillsi. na bíodh ar thúidh athtuirrsi
Le cleachdadh dorchachda dhe. snach bfhuair sé sódh badh aoíbhne
nír cheis a grúaidh griosúr ghlan. ar an bpriosún bfuar bfalamh
Baramhail do bearar dhún. an leanab do bhí san bpriosún
luchd an bheatha cé an cupla. a ré as beatha briosúnta
Ag feaghadh mhéadhrach mhic dhé. flaitheas ar a bfuil buainré
cúis bróin beatha gach dúnaidh. slóigh an bheatha as briosunaigh
Ata idir neamh na naoí ngrádh. as aoíbhneas [an above] talmhan tonnbhán
a mbí idir úaimh dhórcha dhuibh. agus tolcha a núair áonuigh
Dromchladh áluinn gach achuidh. as grían tre tholl tarathuir
gach téaghadh gréine do gheib. ag féaghadh fhréimhe an ríchigh
Ní bhí an tsoillsisi an tsháoghail. seach mhúr nimhe núabráonaigh
táobh ré dháil as doibhéas damh. achd mur tshoiléas chlár chomhladh
Fearr ina an loisi as lugha. aoíbhneas ris nach ionchora
ní búainimne an mhoirnisi amoigh. túairimne in tshoillsi suthain
Túarusccbháil theaghlaigh nimhe. san brogha aird ainglidhe

[f. 49v] .

go ttí an brath sa bheith ris. ní reith lé cách í daitris
Maith na cruinne ar comus damh. agus neamh dfaghail fa deiredh
leigfe mé an mhaithsin úaimh. is é dfhaicsin an athúair
An talamh gona ttig dhe. do treigfinn ar teagh nimhe
sgan faicsin dúnaidh dé dhamh. achd mé ar cúlaibh a comhladh
Éisdeachd ré héanlaith nimhe. is cuid don cheól ainglidhe
na heóin is díoghadha dhe. fíorragha cheóil na cruinne
Iomdha oirfidec eóin bhinn. ag mac ingheine iachim
nocha léir da nglársan guth. nach sásfadh a bpéin pheacuch
Iomda a nifrionn na aghaidh. ní dá ccur a ccomhroghain
guil agus ualla arda. ga bfuil úadha ar ionnarba
Ifrionn aitreab na ndeamhan. priosún dáor an dúileamhuin
rochdain ilphían triall don tigh. imchían ó ríamh an ríchigh
Da bfeasdaoís daoíne an domhain. sgéula ifrinn urcradhuigh
ré a chlaisdin do bá cóir sgeinm. dhóibh sgan faigsin ifreinn
Do badh neamh leis gach áon ann. bás dfaghail sní fhághann
ní dul ní téarneamh astigh. brugh gan éunbhrugh a aithchin
Beag gach gúais achd a ghábadh. losgadh ann as iombháthadh
smúal breachda nach baithfedh loch. sneachda nach ttráighfedh teasbhach
Aghaidh uirre as trúagh an teidm. péist atá ar thairsech iféirn
da bfaicedh í feadh radhuirc. gach fer ad chí a cconntabairt
Brugh ifrinn nár fhaice me. a ccéin uaithe nó a bfhoigse
rí na ndúl gé cuin do chear. an dún a bfuil go bfaicthear
Ní treisi ar dhía an duine thrén. ina an bochd bhíos na fhírén
ní le teann tíagur ar neamh. ferr a iarraidh go háilghean
Croidhe uiríosal umhal. tig dhe duine dhárdughadh
na lúaighidheachd nach lór dfior. gúaillidheachd ógh is aingiol
Beatha gan aoís gan orcra. dóibh so ar son ccobhortha
sláinte gan fhoircheann dfhearoibh. fáilte choitcheann cairdeamhoil
Mairg do tréigfedh teagh nimhe. ar ar mbeatha breigine. ga haird nach báoghal abhós. an s[. . .]
as mairg mheallus.

// MAIRCC