ISOS logo
en

The Book of the O'Conor Don

The Book of the O'Conor Don

[f. 46r25] .

Leighios an bheatha bás dé. ar mbeatha na bhás do bhaoí
geall re beathuidh bás mur é. grás dé ní dheachaidh fa dhlaoí
Crú an ochda do ainic íad. na naghaidh gé sompla súd
ní dheachaidh grás thoighir déag. créd ar ccás san oighidh úd
Mó as domhain do chóidh a ccríaidh. ar ccobhair lé tóir an taoíbh
seachd troighe dod toígre a núaidh. doimne do chúaidh goire ar ngaoíl

[f. 46v] .

[. . .]lor
[. . .]dine andat a dér. sgath a mbel oirbhire an ógh
[.] grás thoígre dlighim dóigh. ge leighios don coimdhe cháidh
tiocfa fúaire a thoile um thaoíbh. úaidhe na ngaoíbh goile gráidh
Gé domhain an crannsa ad chígh. damhsa ní docair do réir
do chúaidh do ró toile am thaoíbh. tar ghaoibh cró na croidhe céim
In fhuil nach bfuarus a lúach. do ghuin is úamhan gan fháth
ní guin croidhe dhít badh díoth. ní fríoth trit achd cuid do chách
An ógh léar ceiledh do cheart. as lór do leigheas mo lochd
deirge na ndeóradh ós tfhiort. do fheóghadh sliochd tfheirge ort
An díol cóir ní faghthar úain. do chóir as cosmhail gur shín
déanadh tú éigion madh áil. ní héidior cáir a ccrú an chígh
Na labhair a leigion diot. at aghaidh gur éirgedh síad
nír bheanta ioc oile at éag. dhiot más tréad oile íad
Long easbhadhach inn gach iúl. nár fill ó merughadh mhór
brisedh síodha da ttí um tháobh. sáor ar ndíona badh hí an ógh
Mór ccríoch a suirge réam shíar. nach bfríth achd lé fuíghlibh rúin
do reac aingiol feis re hóigh. nír dhóigh leis nár daingean dúin
Da mbeith go ttuillinn gan triall. san teach fa a bfhuilim go fúar
meinic ag tochda go teagh ríogh. fer bádh díol a optha úadh
Ar mbuainne rér mbrathair féin. a áluidh úaisle do fhúaigh
do shín doilge tinne an taoíbh. giorra gaoíl a hoígre úain
Fiú a hoighe mur feuchadh dhi. ar ccóirne do léigedh lé
teach idir ríoghain is rí. ní bhí a leath ag díoghuil dé
An fhuilsin do fhúasgail cách. dúaisle na fola na féch
cionnus do roíghne sé síodh. díoth thoígre más é do fhéch
Síol da bfuighter cobhair cháigh. domhuin do chuiris a ccríaidh
an dearg do rinneabhair róin. cóir míneadhadh dealg na dhíaigh
Báoghal go bfoghthar ar bfaill. ón torchor lér sáoradh sinn
mairg duit do ragha do roinn. do chuid croinn da bfagha inn
Deoch domblais nár dhlighis dól. do ibhis dar ccomhdha a ccúan
beag lér síair a nibhe dfíon. síodh a ndíaigh na dighe as dúal

[f. 47r] .

Crú an ochda da chur a ccruth. nach omhan a thochda asteagh
do bhéaradh tfearg eól amach. sgath dealg na bheól muna bheath
Nír bfiú a fhine a ndeárna dhóibh. crú croidhe as dernonn do dháil
gé lór doímhne cneidhe an chígh. reimhe do chím coímhdhe cháigh
Ar ttochd dar ccoimhdhine a cclí. a oirbhire ag dol fa dhlaoí
do luidh cóir ar leinbne lé. do chóigh ré na feirge faoí
Más lá dealaighthe lá an lúain. inar ndeaghaidhne atá tóir
a bfuil do mhoille mná um shíair. bíaidh lá na coinne san chóir
Mac óighe nach mac do mhnaoí. ar ccóirne da chur a cclí
ní mac fíre don óigh é. cóir dhé nó go síne sí
Ní neimhnighe nimh an taoíbh. deirgighter libh ann gach láimh
domhain do cuiredh san chígh. fuigheal síl do chobhair cháigh
Da mbeith agra um chionn fan ccíogh. bean da tagra liom as lór
cuimhnigh da ttí tar an taoíbh. gur dáor do fhuilngidh í an ógh
Nir dhúal téimdheadh doígre dhé. ní fuighthe éinbhean mur taoí
faghthar go maith ar óigh é. cóir dhé mun ar mhaith do mhnaoí
Guin deilge leat ann gach láimh. mur shealbh ar mo theachd a ttír
do congoibh tú toil an gaoíl. don taoíbh astoigh .do chrú an chígh
Géar ghnáth lé cách romhuibh ríamh. na mná don chonair do chlódh
da luchd iomuidh do bhean búaidh. an fear do bhúail iomuibh ógh
Díon magra do bfiú mo shiúr. gan tagra fa do chrú do chím
ní tug tú a naisgidh don óigh. do chóir ar bfaigsin crú an chígh
Achd thoígre a ndeacra fár ndíon. nír leaba oircheas an úagh
beag lé do chodail an chíogh. ar síodh do thógaibh sé súan
A déara deargfhola ad dhíaigh. do cheannchomur séula ar síodh
búain a bosuibh óighe ar thúaigh. úain fa chosuibh chóire in chíogh