ISOS logo
en

The Book of the O'Conor Don

The Book of the O'Conor Don

[f. 43r] .

Glac a chompáin comhairle. o bh[. . .]
ar an riaghail rofhoir[fe]. o[. . .]
An obair do triallabair. madh áil a dul a ttarbha
ata oirbh do ríachdanus. da ní nach ttigter tharsa
An céad ní is cuis roghúaisi. coimhed thú féin go seasmhach
ón uile ni soghluaisde. sáoghalta bhios god mhealladh
Ar mhodh nach bíadh agaibhsi. curum fa ní don tshaoghal
achd mur neithe fabhairsi. snach beidís ann ar áonchor
An dara ní is tionnsganta. madh áil an ríoghdhochd shuthain
tu do dhéanamh íodhbarta. dhíot féin don tí rod cruthaigh
Ar an modh go ttroidfithea. do thaitneamh ris an triathflaith .b.
ris gach ní nach croidfithea. do ghníomh is do bhriatraibh .a.
An cead ní réad dhíthchiollsa. do geubha tú ar an modhsa
ar tús tu féin disliughadh. madh ad mac ríogh no modhadh. aga mheas gud//
Achd gidhedh na measuidhsi. cách eile leis an ceadfuidh// dhisbeagadh. nach ad fiú ní san domhan
achd meas a bheith beannaighthe. an tí as measa gud tfhéachuin
Ag cách oile seachuibhsi. gach ní ad chluinfe sdo chífe
nach ó mhaith na measuidhsi. adeirter as do níthear
Ge go bfaicthe a aithearrac. don nadúir bhios ag cláonadh
óir ní hannamh raimhealladh. ar an mbaramhail ndaonna
Tucc thaire nach miothaitne. ré duine ar druim na talman
choidhche luchd bur bfíorchaidribh. bíod uile lán dod tannsachd
Re duine da choíbhneasa. na tarr ort féin gud mholadh
achd gomadh mó tfhoilcheasa. ar do mhaith ina ar tholcsa
Ar neach gémadh micreidmheach. go brath go trom na labhair
geamadh follus fírinnec. an ní adeartha na aghaidh
Achd amháin ad tfaoisidin. is sin féin re húair néigin
nochdadh thuilc go saoílfidhe. ar modh eile nár éidir
Na glac mur chúis roimheanma. da ccluine olc do bhíodbadh
eisdidh níosa thoileamhla. moladh cháigh ina a nionnlach
Bíodh do chomhrádh deighchíallaidh. fírinnec, annamh, tráthach
lán do tshuim a mbeigbhríathraibh. s ag teachd tar dhía go gnáthach

[f. 43v] .

[. . . ] ndiomhaoin
[. . .]ornaoimh
[. . .]da tteigeomha. daoibh fein, no da bur ccoíbhneas
mad áil bheith ar deigheólus. na bíodh ort na dhoilgeas
Gémadh damna doimeadhra. narab móide do mhaoithcheas
gémadh ádhbur soimheanma. na bíodh ort ná aoíbhneas
Déantar úaibh gan iongantus. thuile dhíothcioll ó úmhlachd
do chum bheith go friochnamhach. fad leas féine do shunnradh
Achd do dhéanamh fíortharbha. más eidir libh na labhair
seachoin bheith ag síorlabra. ór is fearr tó, na labhairt
Labhairt gan chás ndoirbhéigin. ní mholfuinn daoíbh go gnáthach
ó nóin a ndíaigh coimpléide. go deóigh naifrinn amárach
Ní ar nach bíadh [bur above] rathaitneamh. ag cách oile da bfhionna
féuch ort féin go hamhuirsec. an mbíadh a leithéid ionnad
má ta bí go raaireach. a bfad úaid aga sgriossan
Dá bfhaice in bhar samhuilsi. éinní maith fós nach ttarruis
tarruing ort na cagailsi. bheith formadach san ccássoin
bíaidh gach éinní aguibhsi. mar sin na sgathán ccrabhuidh
Da mhéid cúis da ccluinfisi. na héagnuigh geamadh cionntach
leighios uilc le tfhuíghlibhsi. muna shaoíle go ndiongna
Madh áil gan bur neibhliugadh. na diúlt, na derbh lé déine
do dhiúltadh sdo dheimhniughadh. bíod na cconntabairt cheillidh
Seachuin gáire gáireatta. da mbeath go bfuighthea fachan
ar uairibh ag fáilteachadh. déana faipteadh beag annamh
An céad ní gan chonntabairt. do ghéubhae mur adubhart
san dara ní adúbhramur. do ghéubhae tú ar an modhsa
Déantar uaibh gach áontratha. thurnuidhe a naimsir dhlighthigh
snár[ab] lór libh bélcrabhadh. gan an smúainedh san ccridhe
Biod aguibh a ngnáthchuimhne. na tri neithe nar ndíaighne
ar tús cionnus do bhábhairsi. créd tú, agus cionnus bhíaidhse
Do bhádhuis ad bhréunchubhar. créd tú gidh mor do céadfadh. as caoimhe bur creachuladh.
achd soightec lán do bréuntus. iar ccaitheamh bur ttérmasa. bhías ag crumhuibh mur fhéasta

[f. 44r] .

Mar an cceadna cuimhnighsi. pri[. . .]
sa píana ar nach ccuirfidir. [. . .] saog[. . .] na saog[. . .]
sda mbeith cách gan rodhoille. créad giorra is loighiod aoíbhnis
an ainmíana colnuidhe. tré a ttuillid beith san daoírsi
Tug arís ad meamnuinsi. glóir san crich ar nach ccuirthear
is loigit an derlaicthi. ar ar éidir a tuilleamh
is ar mhéad na róidhiomdha. orra féin ar na ttréigean
bhíos ar luchd a ccoilleamhna. ar ní nach feas a eifeachd
Ní bhús olc léd aigneadhsa. da neirgedh duit san sáogal
nó ar a mbíadh bhar bfaitcheasa. réana a leithéid do bháogal
Annso as cóir a comhnughadh. dá mbeithea a nifrinn dhéarach
ar do cionn go sunnradhach. go bfuightheasa an ní céadna
sgach ní oile urbhadhach. do bhiadh a naghaidh ccéadfadh
Da rabh libh ní éadalach. nó áilgheas a mheic sámhla
do bheith libh da bféadtasa. smúainidh da mbeithea a bparrthus
gumadh libh gan lághdughadh. an ní sin sgach ní oile
búdh éidir do shanntughadh. do reir thoile bur ttoile
A bféil gach naoim smúainidhsi. créad do fhulaing an náomhsoin
ar son críosd a ccrúaidhshlighthibh. s créad fuair ar son a sháothair
gairid dhó fa dhúaidheire. glóir siorruidhe do sháothruigh
Smúain arís go ccríochnuighter. saotar is dhograing na bfhírén
s gáirdecus mór míothuigsech. na bpeactach thuilleas fírég
An chéad drong gan chonntabhairt. go bfaghuid an ghlóir suthain
is an dara adúbramur. a ttuarusdal ceart cubhaidh
Da mbeath go mbíadh raileisge. dod chlaoí, nó sgís ar úairibh
cuir a mheic ar thaghaidhsi. an sgríbhinnsi, agus smúainidh
An drong ata a ndaoírfpíanoibh. créad do bhéardais mur comhuidh
ar an aimsir naoimhfhíadhuigh. do chaithis ar an modhsoin
A naimsir bhar ttreabhlaide. smúain nach bfuil a macsámhla
ar popal a néamhthoighe. ar an droing ata a bparrthasa
Sa naimsir bur naoíbhnighthe. smúain nach bfuil a mac samhla

[f. 44v] .

[. . .]nadh
[. . .]g[rá]sa
[. . .]smúaintighthe. s gach a ndernuis an lása
IS cionnus do chaitheabhair. an aimsir ttoirrthigh ttarbhuigh
do deanam an daightreabhuigh. dho toiligeadh don anmuin
Más maith mol ó dheaghcridhe. íosa criosd bur cceann caingne
más olc déan aitridhe. sna cuir tfhaoíside ar cairde
Ní a naghuidh bur naoímhirse. ma tharla dhaoíbh do dhéiniomh
ré ndul da bur bfaoísidin. na tomhuil achd lé héigion
Dealbh tar éis gach increachaidh. da chathair ar do chomhair
ar oile go nimreasnoibh. ar oile go síoth socair
s gumadh í bur nimdheaghail. dul ceachdair don da chonair
Do chum uilc dot neamhtholsa. feach créd fhéadus do chláonadh
nó dod chor tar deaghobair. ní sháoilim ní san sáoghal
Coimhéid a óig eagnuidhe. ar an nádhbursa a nabruim
is léagh gacha seachdmhuine. día máirt agus día sathuirn
Arna mheas gur choimhéadais. comhairle an abuidh eóluigh
moluidh críosd bur ccoimhéduigh. sa trocaire rod treóruigh
Ag so an tslighe as rodhaingne. madh áil dul as gach báogal
glac a compáin comhairle. ó bhearnard an tab náomhtha

//GLAC//