ISOS logo
en

The Book of the O'Conor Don

The Book of the O'Conor Don

[f. 27r14] .

Domnall mac dáire meic brúaidedha .cc.
Maircc duine braitheas é féin. mo bert as da héis do chí. ní braitfe nech fir nó mná. mo rún féin go brath arís
A bhean cumainn a cruth fíal. do bí agam ríamh a ngioll. mairg léigeas a rún re mnaoí. fuaire a chách ataoí fom chionn
Oram féin do frith an lochd. ní beag nod da chur a cceill. rug ar cumann druim tar ais. buailter duine da shlait féin
Ni thiobhradh orlach ar ór. diom a ingean as óg snúadh. ge gearr ó niodh gus ané. do bhuaidir mé an tuisce súas
Méad na toile tuguis dúin. mairg dar gealladh a ghnuis nár. umam féin ó taoí go fúar. comfada téid fúar is grádh
Do chúala féin fada ó riamh. cumann deisi do dhiall rinn. duine a mumhain na mur ngeal. dhíobh is duine do leth cuinn
Do bhádur da bliadhain déag. an da sgolair fa sgel súairc. gan deaghail ga díocra serc. ar fud éirionn theas as thúaidh
Déis a muinte a mbailtibh sgol. dala an chupla ar nac cclos beim. do tionnsgain gach duine diob. dol an tratsoin da thir féin
Dob íad ráidhti an fhir atúaidh. san sruth dér le a gruaidh ag teachd. ni dóigh go bfaiceam a grádh. gnúis a cheile go brath beachd
Da ttí ar an scolaire andeas. olc nach feas dúin da bríogh. ós ag deaghail duin ar ndís. go mad duitsi bhías a dhíoth
Deis ar ccumainn gus anochd. ni mór a bhean na bfolt slim. nach i freagra an fhir andeas. raidhter leat ag sgaradh rinn
Ni hi hansocrachd na tferg. ní díth ceille ní cerd bháoth. ni crúas ní droichtheist ni tnuth. do bheir deaguilt dun araon
Gach ar leigius leat dom run. a ghéag úr an aignidh shéimh. aithnim diot a cheilt ar chách. go brath brath sa cheilt ort féin
Gan tú sa cricsi a mbíodh méadhbh. nó a ccrích laighean na learg réidh. nó a ccuigedh deaghaidh meic sin. tuc mo deaghail ribh rem ré
Ni fúarais ge meanma sháobh. a glac shocair gan táom ccruáis. cúis mo treigthi achd me ad ghar. maith gach connradh a bfad úait
Am ghar choídhche is bim gan fer. a ghnúis dhíoghuinn na nderc mall. an fer leis nach beithea réidh. ni leigfinn fein ar céd marg
A stúaidh miolla na mbas ngeal. ge léige mo serc a bfhaill. fúaire it thoil ní tucus fós. mo scaradh riot ga mó mairg.

//Mairg