ISOS logo
en

The Book of the O'Conor Don

The Book of the O'Conor Don

[f. 25v31] .

Cú chonnachd ua cleirigh .cc.
Neimthinn an galur é an grádh. breag a rádh cách da thaoíbh. éinnec riam ní raibhe slán. ag nach raibhe grádh do mhnaoí
Grádh mná ga bfuilim a laimh. ní bíam tríd ag dál dheór. as fada ó do gheabhuinn bás. achd an gradh dom congmáil be[o]
Do congaibh mé mfheóil is mfhuil. do grádh [anma exp.] aindre an cuirp mur ghéis. ithim morán do nim súan. in gach ceól is búan mo spéis
Moille me ina crann ré sruth. ata mo ghuth ar mo breith féin. da mbeidís bruit leithe cuinn. fa mo druim do bheith sé te
As teo an teine ina mo chneas. da mbeinn fa eas do beinn fúar. da ndeachadh duine seang slan. do ghébha me bás go lúath
Toramsa do thiocfadh téd. as fliche mo bhel na an spongc. dar día ni iobhainn an loch. as cruaide an chloch na mo bholg
Aithnim nach oídhche an lá. aithnim an bád tar an luing. aithnim an dubh tar an mbán. tar a bfuil do grádh fam thuinn
Aithnim nach capall an fíadh. aithnim nach e an slíabh an mhuir. aithnim an beg tar an mór. aithnim nach é an rón an chuil
Cuid do dheiredh báid ós tuinn. is seachd ccuill ar nach bíd cna. an tainm fa bfuilim a mbroid. as áon do sgoil bheanfus as
An aoínbhean as annsa fan grein. ní bhia mé ní sía da ceilt. ní rug a gradh uaim mo chonn. dar an rígh ní holl mo neimh.

NEIMHTHINN//