ISOS logo
en

The Book of the O'Conor Don

The Book of the O'Conor Don

[f. 25r29] .

Tadg ó cobhtuigh .cct.
Corrach do chodhlus aréir. codladh dobadh docair dhuinn. ag so an crithir búan nach báidh. gúal an gráidh ag ficheadh fúinn
Mo chodhladh fa codhladh saobh. tre chodhladh corrach do chiam. bean bruit úaine is sinn ar súan. sdúaigh fhinn do ba núaidhe níamh
Trem chodhladh do conncus duinn. nír comtach réar gabhtha gráin. sdúaigh mersheang fa medh do rígh. bean ga mbím a ngeibenn graidh
Ni hionann gradh ele is í. mo thoilsi mur tá don mhnaoí. trúagh gan mo gradh dhuid a dhé. me gum ghoid ar lár an laoí
Doigh serce dom tholladh triom. ar chodhladh ní leigter lúadh. ón grúaidh gil is tinn atám. búaidhridh a gradh sinn nar súan
Ar ccur mhaignidh na gruaidh ghil. súan ar ar naire ni uil. toirrceas na heirce assí sin. doigh sheirce tream chlí do chuir
Rug maire dimirt is dól. an ainnir is gile grúaidh. rug a tromgrádh sinn dar seól. ceól mur orghán linne a lúadh
Searc mná óna dodolta dhuinn. lán robharta ag tochd a ttír. mur badh muir a ccomdháil chúain. do chúaidh doigh a tromgraidh trim
An toilsin ga teine as teó. am croidhe na chosair chró. gum shíorghoin asttoigh atá. toil mna ga miorbhoil as mó
Na lán mara do mhuigh triom. an toil nach lamur a lúadh. cosg na toile as ar gan fhál. lán do gabh san croidhe cúan

[f. 25v] .

Do serc mná na maladh seang. da grádh mur do gadadh sinn. am riocht f[ein . . .]
Do chúaidh maithne an aoínfheachd uaim. rem aignedh ní héidir srían. beith ciallaid ni[. . .]
A serc do bhláthnuid do bhí. astteagh go ttainic a ré. tug tol a meanman don mhnaoi. m[. . .]
Dal naoísi fá dheirdre ar ndál. nach feirde faoílti no fíon. ní reábhradh ré nach do niamh. each g[. . .]
Cearbholl farbhlaidh fuair an mnaoí. rem uaill ní samhlaidhthi achd sé.do bí a ttairrngire a theachd dí. do sní serc f[. . .]
O duibhne fa gráine ar gradh. ní suirghe tainig a táomh. mo serc falaidh fa linn lán. samhail ar gradh rin[. . .]
Mac coisi is máol meadha ar meadh. máol meadha ó charuidh do char. da huaill nír bharamhail bean. fuair fer fa [. . .]
Slúagh na gréige asttigh sa traoí. búan an tserc far leigedh lé. an bhean do thoirbhir an traoí. do mnaoí ar airgibh fa med[. . .]
Ni aithnim umha tar ór. ní aithnim uisce tar fhíon. mo croidhe gonta da grádh. lán mara ar a docra díon
Nó go bfhéchar a folt fann. agus réulta na rosg ccorr. ní faghtar glóir achd glóir gerr. as dóigh leam gur cadhan an chorr

//C