ISOS logo
en

The Book of the O'Conor Don

The Book of the O'Conor Don

[f. 25r22] .

An ccluine mé a macaoímh mná. chuir do chonnradh ar athlá. a folt geagglan buidhe búidh. duine éadmhar ní hionrúin
Leig dot comhradh sechuin sinn. an go foill féach ad timchioll. sguir dhinn na tarr dár ttagall. bí am ag an uragall
Druid síar na suigh am fharradh. atáid cách ad chúalam[bh exp.]ar. a chiabh nochd na foighéag bfionn. ag coiméd ort ós í[o exp.]sioll
Beag an fáth fa a bfaghtar guth. sechuin tú na tuill tionnlach. am aice na suidh mur soin. an bfaice a bfuil dár bfeachain
NI uil ar breith duit na dam. a mhuire as mór an tamhghar. ge beag cur mo laimhe ad laimh. mo náire ag dul dot dhíoghbáil
O nach bfuil gut dreich ndealbaigh. cead suirge nó sibeanruigh. truagh agus éire ar haghaidh. an céile rér ceanglabhair
Meisi gach laoí ad leanmain. tusa gan cead ceileabhraidh. a chúl druimnec do mhill me. sinn a ccuibhrec ré chéile

//AN//