ISOS logo
en

The Book of the O'Conor Don

The Book of the O'Conor Don

[f. 25r13] .

tadg dall o huiginn .cc.
Fuarus féin im maith ó mhnaoí. an tim maith masa maith é. dóigh leam nach fa bhoin do bhí. an ní da bfoil do mhill mé
Do bhí feasóg ar bfhás air. narab slán dfheasóig an fhir. súgh as nach neimhnighe neimh. géir go mblas seirbhdigh[rubbed]
Do ba breac fa hodhar é. ní fa ghobur bhleachd do bhaoí. fada ó im an aisgidh é. sa ghné dfaixin linn gach laoí
A ghníomh leabur mur fholt eich. uch ní frith sgeana ro sgoith. fada as tinn an tí ros caith. an tim maith ro bhí nar mboith
Brat eisréda fan gréis ghoirt. mur eisléine déis a cuirp. dob airghe déisdin ré dheirc. in cheirt d[f above]eaghain daídhbhle a huilc
Do bhi ar an fersoin túth trom. do mhúch is do mhearuigh inn. tarfás duinn gach aondáth ann. barr craobach clúimh ósa chinn
Ní fhacaidh sé an salann riam. ní fhacaidh an salann é achd úadh. ní léig a cuimne sinn slán. im bán is ghuirme ina an gúal
Do bhí an gréis ann sní hí amháin. do bhí gach ré mball don chéir. beag dim do úadhus da dheóigh. an tim na fheóil fúarus féin.

Fuarus//