ISOS logo
en

The Book of the O'Conor Don

The Book of the O'Conor Don

[f. 24v31] .

ua heoghusa .i. eochaidh
A macaoímh maoídheas do shlad. atá an fhírinne agad. meinic dob foghlaidh é ort. an té do fholmhaigh thaghart
Do gadadh uait más fíor duit. proinn shaídhbhir do snet promuic. gibé gadaidhe do ghad. bradaidhe é ina easpag
Do mhionnochaidh duine dhamh. gé tharla thusa at áonur. go raibe ad leabaidh leth ruibh. neach dob eagail dot arguin
Do dhúsgadh feithmech fada. de frith faill na morghada. da mad cadal bádh lonn lat. nír gadadh poinn dot promac
Fúarabhair faill an tshlaidsi. trúagh truime do dhúsgaidhsi. ar maduin ré feill bfolaigh. greim agaibh nír fhágabhair
Do gheana me go min mín. oruibh féin fios an taidgín. smior a taissicne as tú do ibh. aisigthi a cclú don chóisir
Rugais úaid ar eidir lat. gibé tú tainig chugad. feach ga brú as tinne asttigh. mo chú uime na héagnuigh
As tu féin nó an bráthair bochd. tuc an arguinsi ar thaghart. más sáor tú ar thoradh an tshuip. an cú odhar as ionnruic

//A macaoímh//