ISOS logo
en

The Book of the O'Conor Don

The Book of the O'Conor Don

[f. 24v24] .

Do chúaidh mo shúil tar mo chuid. oram féin ní bfuil mo nert. ní creidim is cuma leam. ma tá an sgél is ferr gan techd
Da ngeallta mil ar gach mír. damsa a bhean ó a mbim a bpéin. as tfocal ní fuilim teann. each do búailedh na ceann mé
Asam féin do beanadh leam. nach as glór dar geall sibh. sástar an sanntach lé bréig. trúagh nár mealladh me mur sin
An gealladh sin agad féin. beag an tarbha na ttéid dam. ní bhearadh ar crioth um cruib. da mbeith cabhair duinn a ngar
Do chúaidh diomsa gan bheith bochd. ní hádhbur do chosg mo pían. tfhocalsa na gealladh mná. smé féin dona mur tam ríamh
An tanamsa an uair do mhair. trúagh nár druidius a ngar duit. duine dona adubairt riamh. go mad fearr cíall na cuid
No go creide mé na mná. ni creidiobh féin go bráth duit. mas í an maith as goire dhuinn. do chúaidh mo shúil tar mo chuid

//DO