ISOS logo
en

The Book of the O'Conor Don

The Book of the O'Conor Don

[f. 24v15] .

Trúagh do bheatha a bhean areir. an ngoilleann ort féin mur taoí. ní chúala féin thúaidh nó theas. leath thainnis ar fer nó ar mhnaoí.
Ar creatúir dár cum día. ní chúala riam leth bur nolc. don duine achd boichde fan gréin. ni tiubrainn féin mo dhéirc thort
Gach martra da bfuilngea[n]n tú. gach crádh cridhe a cúl na sreath. da bfuilngedh sibh ar son dé. do reachtha gan péin ar neamh
Más do[.] deóin ataoí m[.] sin. ni mór gur bfhearr dhuit dár ndóigh. da méd da nderna tú. dhol ar do dhá ghlún don róimh
As truagh leam nach léigter duit. gé beag fechain soir no síar. dom dhóigh ní léigfi leat. a radh go mad geal an fíach
Ge taoi cosmail mur chuid súl. badh gerr mairfeas tú mur taoí. ionann do bheatha agus bás. dar leat tugais grádh do mhnaoí
Cuid dod dhonus día do bhéad. nach deacha tú déag na tráth. uch mo trúaighe ataoí faríor. ad cairdius criosd agan mbás
Ni mor an truaighe atá dhuit. móide a dhonas dod dreich naoí. do creidfedh chach cumachda dé. muna bfaicdís fein mur taoí
Iomda giolla seaghuin suairc. do bhí san riochdsoin uaid féin. ní bhí an sáogal achd fa sech. trúagh do bheatha a bhean aréir.

//TRUAG//