ISOS logo
en

The Book of the O'Conor Don

The Book of the O'Conor Don

[f. 24r37] .

In fer ceadna .cc.
A bhean do ní an truaghpeacadh. do bferr duit deanam láncraoís. adéaradh fer túaithleasa. nach mor gur brisios cataoír
Ar choir nach bíadh eifeachdach. nír cromtha do chúl bachlach. ceannach ifrinn déinpeacadh. nír mhór liom dinghin thathar
Ni céim do mhnaoí shimplidhi. an ní fa bfúaruis aithis. nír fhiú do mhnaoí tinmeisi. ifrionn diarraidh a naisgidh
Sealg ísiol con mineachda. oruibh dob ádhbur masáin. mairg do bhíadh ar bigerachd. ar iorball beinnsi Satáin
Más é dith aithiorraidh. tug duitsi luighe ar míbheirt. gabadh día ag an anacair. ní bhia tusa gan dínit
Da madh meith do pheacadhsa. fa ríor ní bfuighthea sgannail. olc leam gan do theannfhocal. ré aradh a nifrinn agaibh

//A bhean//