ISOS logo
en

The Book of the O'Conor Don

The Book of the O'Conor Don

[f. 24r19] .

.o heoghusa .i. eochaidh .cc.
NI mé bur naithne a áos gráidh. na sginnidh re sgath seachráin. fúar dár seisi im ionad inn. spiorath meisi nac mairinn
An dóigh libh a luchd mféaghtha. nach taidhbsi a ttruaill aértha. nó spiorath anma fallsa. tarla im ionad agamsa
A aithne as eidir liomsa. sibh gan fhíacha oramsa. da mbeath cás fam ég oruibh. mo bhás créad nach ccúalabhair
Trúagh sin a daoíne dona. do cháochlódh bur ccéadfada. as edh tarla am ainmsi ann. taídhbhsi anma gan anam
Ní misi an duine as dóich libh. adradh damh as díth creidim. taídhbsi buile gan aird inn. a mhuire as mairg do mhillfinn
Da bfheachtha fir na cruinne. annamh fúair dúil dháonduighe. da ré ar an sáogal achd sinn. do náomadh mé ma mhairim
Gidh be adearadh nach deachadh. ní fhuil ann achd aimseachadh. ní trath damhsa a rádha riom. cára almsa rem anam
Ni hanbhúain ní hiomlat mbáis. rom mharbhsa achd meisci sholáis. ní sgís meanma ga mó broid. ní ró teádhma na treabhloid
Más dúil do dúilibh nimhe. tug lé tíobriodh nainglidhi. goid manma gan íodhnoibh báis. iongnadh dámhna mo dhóláis
A radharc ó ranuig sinn. uch a criosd créd fá mairfinn. dúil do mharbh an uile fhear. as duine marbh nach muirbhfedh
Ni tonn líonmur leanna duibh. ní neamhgrádh neith ar talmain. ní hannsa duine ga dás. rom dallsa uile achd úathbhás
Ar neirge ón riochd reimhe. creidigh sinn go simplidhe. do mharbh sé don uamhan inn. do chúala mé go mairim
A heagcosg ní fhidir me. ní fhéd suil silled uirrthi. a hamarc gin gur éd sinn. a radharc do fheagh minntinn
Os síabhradh meallta meisi. gan súil éirge on ainccisi. nar fhaice súil an dhuine í. an dúil collaidhi ad chluinti
Ar ttaithbheóadh suil tí dhi. día dar nanacal uirrthi. ní tharla cás roimhe rinn. an bás oile nar noirchill
Cíall manma an uair do mharus. terc eólach na amharus. sagh gá mbí cíall agus cruth. iar agus í gan folach