ISOS logo
en

The Book of the O'Conor Don

The Book of the O'Conor Don

[f. 24r10] .

Tadg óg céadna .cc.
Maircc neach do ní derbháile. ferr criost ina camchara. mur theagaid na gearrlaithe. teagaid na laithe faide
Maircc nech do ní a thaisgedha. féaghar leat mur atúsa. guth beag as é aitheanta. ní thig ní san dorn dhúnta
Barr na coilleadh ceanntroime. ge lór a treisi thuiteas. féagha leat lá bealtoine. an géagach dosach duilleach
Mar ranuig an caladhsa. soir go hochras na nairdtreabh. nír mairister agomsa. lón áonoidhche dom airgeat
Do chí sin an saoírbreathach. íosa criost ceann an pobail. seabhac gleglan gaoídhealach. do chuir cugainn dár ccabhair
Gé mór dferuibh socraide. fúarus ó aoís mo leinibh. mó do fhúaslaic oruinne. giolla cuibneachd[. .]ceallaigh
O ceallaigh mo compánach. cuimsec me ar an bfial bfaoíligh. go mbeire búaidh ccomdhála. ó dheamnuibh is ó dhaoínibh
An géin mhairfeas eireannach. agus coimhéltar cairdeas. madh misi bhus déigeanach. ní ba hí an mhalairt mhairgnec.

//Maircc//