ISOS logo
en

The Book of the O'Conor Don

The Book of the O'Conor Don

[f. 23v27] .

Tadg óg ó huiginn.
Cía do géubhainn go gráinne. do bhacfadh dhi a derbhaile. ar mo comhairle an mbía an bhean. mforfhuighle cía ó ccreidfedh
Más fíor gráinne a nglas cumhadh. nach urusa dfhúasguladh. atá oram na eire. gobhang na mná mainighe
Bíaidh mur shaoílim ó sho amach. ag ríoghain rátha teamrach. mo chéadfhuíghle achd go ccluine. éaccuimne ar a heolchuire
Bás a meic gidh mór an crádh. do rioghain rosa comáin. a ferg doba doilge dhí. an cheard do róighne ruaidhrí
Gidhedh ní hádbhur sgísi. sgaradh ría don rúaidrisi. ní hádhbur sgís an sgaradh. fágbadh dís gan dealughadh
.b. Mar toirchairthi tugadh dhi. nóchar na righe rúaidri. as é rug é as a haithle. an té tug an turchairthi
.a.Tuigedh féin nach fáth tuirrsi. duilliubur an domhuinsi. gabadh sé do gráinne greim. as scáile é no as aisling
Do bhí ag mnaoí do mhnáibh connachd. as cubaidh a cconclondachd. mac mur sin do fuair oidhigh. beir lat uaim dá hionnsoighidh
Cuiredh mur cuirim badh dheas. mac coisi a gceann na néigeas. go hingin taidg uair oile. san aird thúaidh lé teachdoire
Teasda ceadrogha an chúaine. rug do rígh na craobhrúaidhe. an bern do cháidh san chloinnsi. derbh áil nochar fhuiluingsi
Nír bhiongnad éaccaoíne a meic. dingin taídg an eich oirdeirc. rí oiligh do bé a athair. sé na oighir dulltachuibh
Aodh mac domhnaill dhún munaidh. ráth oiligh na urchomhair. da mbeath dágh ar oilech néid. fa soidheach lán a leithéid
Na bíodh uirre aithnim dhi. cumha a meic ar mac coisi. abair damhsa re derbh áil. gur sealbh fhallsa a fhaghail
IN raibhe ag nech gus aniugh. ní badh aoibhinn lé a aignedh. nac cúis toirrsi am oile. sloinnsi thall a theachdaire
Mac ar íasachd ma fuair sin. on duileamh athaidh éigin. abair ré derbh áil as muchd. nach sealbh dob áil don íasachd
Searbh ar tús le ga labra. teagusc an fhir ealadhna. gidhedh do tráigh a tuirsi. derbh áil leis na briatraibhsi

[f. 24r] .

[. . .]airg nac diongnadh a derna. ingean taídg da tígerna
[. . .]ar mur anáir. úa an crobhdhuinn ga doilge dhi. na oíghre domnaill dhisi
[. . .]a g[ra]inne as í mimpidhe. déis do meic a fhleasc leamhna. gidh leasc dheit gan doimeanma
[. . .]. tug da onóir don éigsi. da mbeath rún méara agaibh. déana tnúdh lé a ttugadur
[. . .]a aitris soin. a bfhúair aithirne ó eochaidh. eochair dot chosg dot chumhaidh. rosg eochaidh don ollamuin
[. . .]na búan an loisi. sgel ar a bfuil fíadhnoisi. maoíl seachluinn do bheir banbha. dom leathchuing fhir ealadhna
[. . .]a na hanáir soin. ceannus banbha re bliadhuin. dfaghail as do cheas cumhadh. treas anáir na healadhan
[. . .]righe do nim anos. an fulang leat ar labras. munab cead ar chan tollamh. ga beag dhamh a ndúbramar
[.]abh chugad a ccanuim ruibh. a riogan do fhréim cheallaigh. ga dás gradh ag duine dhi. tuile agus tráigh gach toici

//CIA//DO//