ISOS logo
en

The Book of the O'Conor Don

The Book of the O'Conor Don

[f. f. 23v7] .

An tadg dall ceadna .cc.
Gur mheala an tármsa a Émuinn. a roscc núa ar ghné goirmnéamhuinn. dot ghnúis áolghairthi grúadh nglan. rob túar báoghlaighthi bio[...]
Rob séan cáomhanta carad. rob séan airgthi teas[c below]carad. a mheic lean hannsa ar naithghin. an tarmsa dheit deárlaicthear
Rob séan árdaighthe tfhine. rob séan úaire is aimsire. a lamh trén dínsimhthi drong. rob sén íslighthe eachdronn
NI hionann marmsa is airm cháigh. gidh maith lé nec é dfhagáil. eagail a coingill ré a chois. a dhreagain bhóinnshlim bheárnois
Da ngabhtha nír gabhta dheit. ar comthaibh [ó.]r is airgeid. arm go leanbaidhe as mo laimh. a bhádhb ghealmhuighe gabhráin
Ni ghéubhaidh ód grúaidh leathain. gan bheith feithmec fuirechair. gan déachsoin dod dreich náraigh. fa bheith éasgaidh eassádhail
Códhladh mar a ccaithid proinn. ní háil leis da luchd cumoinn. ní fuilngter leis locadh áigh. docair a gheis do gabháil
Ar úath nó ar iomad slúaigh. ní háil leis dúain no danbhuain. colg fáobhairthi nac rech rinn. bheth áonoidhche ar áidhlinn
Geis dó anmhuin ó fhoghail. geis don armsoin fúarabhair. a bheithir ó áolthoigh airt.áontroigh teichidh do thabhairt
Creach leissin an seachdmadh[...]r misde dhuit da ndeárntá. mí daimsir gan creich gan chion. beith don armsoin ní heider
Da mbeinnsi um im[...]do ghéantasa a ghnúis eadrochd. fa cheann séd cladhachaidh cuinn. céd anachain nach abroim
Ni choidéalta ar chluimh no ar cuilt. sni lamtha fledh do thomhuilt. da mbeith [coimdidh exp.] roidhéachain úaim ort. gan coimhedaidh úaibh damarc
Do bheitheá lá laimh re duibh. laimh ré heachdghe an fhuinn gríanaigh. lá oile um cruachain na ccath. lá um bhrúachaibh thoighe teamhrach
Do ghéanta loiscthi um loch ríach. do bheithea lá ag lot thoirsgíath. lam ré breaghmach a ghné glan. nó am sheanloch cerna creachadh
Da rabh bháiter a bhas sheang. ag ol nó ag imirt fíthchioll. bísi at tarmuibh ré huchd gcean. a luchd ádhbhair go nairgthear
Feidm na gcogtach re cois long. feidm teancaire a tigh ghabhann. a gheag thoraidh ádhbha ír. tarla oruibh gott tairdrígh
Muna derna a ndubart ribh. ní bhíadh aguibh ón armsoin. fa cheann séd is creach ó cuinn. achd meath nó ég a Eumuinn
A mbruit corcra a ccoin sheanga. a mná a bfhailge a bfhithchiolla. a ccuirn óir a nasgaidh duit. a naisgidh óir is árguit
Madh áil leat a laoích chodhail. bheith go sáoghlach séanamhuil. ges na nairmsin bíodh ar bun. do shíor tairsibh na teagar. //Gur mheala//