ISOS logo
en

The Book of the O'Conor Don

The Book of the O'Conor Don

[f. 22r] .

[. . . ? ll] .cc.
[. . .]ineach. agus fós cnú na héadan. nár féadadh do briseadh
[. . .]rían as mó dá aoís. cathol ag araidh a dha each. mo chloidheamh ar san cerc fraoích
[. . .] . ané nach donus dhuitsi. is súil ré cois gac urchair. agad a mhurchaidh bhuidhe
[. . .]dach. ó nach éidir a faicsin. tús an átha an sa tuile. dhearbhus ar dhuine an ainimh
[. . .]antuigsec. ádhbur an duine mhaithsi. ge madh beag an barrthuisledh. ní tharla dhó san tuigsi
[. . .]te as beag oram féin. a mic dé dhealbhus gach mionn. gin go ttugus fúath don ló. as saoithe as mó as annsa liom
Ge b[.]g [.]eatsa an téan fionn. ata a ccionn an gearráin rúaidh. a oired sin do dhán gheal. nocha nfhuil ar fad it dhúain
As maith aithne mic uí neill. a mhacaoim théid leis an dúain. do mholfuinn gan dul ann. an ccúalais rann an eich rúaidh
Dighéoladh go [min above] mín. ar ó ghnimh. a nderna sé [blank] do ber clairsec a measc cháich. a laimh a reachaire fein
Fear na bhuidhin fer na bhard. reacaire balb da triúr mac. ag imteachd ó thir go tír. nír bhióngnadh ó gnimh do slad
Muca dubha chloinne sheóinin. mairid uile achd barr a cclúas. mairidh ál na muice rúaidhe. ó chath mhuighe gúaire anúas
Muca an deagánaigh uí uid. ní leigter a bhfuil fo lar. ní bhía síad na bfuighioll sgéin. muna bfaghaid fein bás
Da mhuic dhéag fhirionna an fir. as as sin chuirfinn mo gheall. go mbíaidh síad fon tráthsa arís. na da bfichid nó tri ceann
Bláitec seaain í charra. treisi a tana ina a tighe. cían ó thairnig a maisi. treisi a glaisi ina a [tighe later corrected to gile]
Mo charuidsi sin. leig amuigh go léig. cidh úathadh atád. súathadh agus séid
Each is éideadh dliger diom. as oircheas a ndiol fa seach. moluim an séidedh a laimh. is cairde go caisg fan each
Ní molfuinn do macámh óg. uasal achd ger mór a lom. búain ré fer dana is gidh edh. as aithnidh dam creach ar thom
A mhic uí uiginn ó thúaim. ar do dhúain ni tugus guth. achd da ndeachuinn da mheas. as maith an teach an teach dubh
A mhic ui uiginn a grádh. ar do dhán ó nach bfuil lochd. ma taoí ag ceasachd ar do dhúais. beir leat an dúain ar a son
Olc bur tturus ó bhar ttoigh. a tríar mac meic craith ón múmhain. na tri dúana tugabhair libh. do bfearr tri cuala cunnaidh
An teach bán nac bfuil a maoín. ata teann ar a táobh clé. muna ngabha ó heachadháin í. bodach an tsean-
atáin [later corrected to dachdáin] léith. tabhair dúa mhaoíl chonaire í. sa rí narab soraidh dhó lé.
Mac uí dhomhnalláin an ruis é. do thuit sé ar lár a dhúaine. gur chuir sé a dhá dhorn trithe. go nderna
dhi gírle ghuairrle. ar niompódh cuice arís do. do cuir an chuid sís di súas di
Da mbeinn dá áoradh do gnáth. ann gach cás a ttuillionn sé. muna aóruinn ladrann meirbh. do badh duine gan chéird mé
Léigfed thoram an uairsi. macámh sa úaisle ar dtraothadh. o nach bfaicim da shonus. achd a olcus re a aóradh
San oireachd ach mo [sháoradh exp.] chara. dob annamh duine úasal. sgur dealadhain da deanadh. nach édfadh dul re túatochd
Le na maith onóir is bíadh. as aithnidh dam dias re dán. agus da ndeachuin da meas. muna léigthi a dteach na ccásg
Macam maith creidius do féin. nír bfearr ina bheith do reir cháigh. ar a thuigsi nach bí tlachd. minic do geibhter blas láir
Ar tús do gabadh re a ais. go mbeith sé go maith ré spré. anois ni hinbheite ris. do chúaidh aige ar a min féin
Ar an macamh osgardha. tig saoí atáin is ionair. ger bhéadtrom mo thothlughadh. nir theilg chugam na giobail
Ge fer gaire agus cluithe. ní hait do dhuine úasal. a rádh ris go bhfédtar. nár dhuine breugach úarac
An macámh fionn firghlicsin. as fionn o bhonn go bathais. as truagh gan fionn fírinneach. agam re a chur na aghaidh
Do badh maith leis gan ar tteachd. go ccaithedh sé greis da chuid. da mbedh da dhigh no trí. go mbemís arís a muigh
Fer dána an macamsa sa thíar. aderar íasg re hiasg beag. goirter nead do nead gach eoin. ned an fhinnín óir is nead
A persúin meic ullioc rúaidh. ort féin do chúaidh sult do bhí. san beagán beag teid thort. ní ar olc téid dot mhnaoí
Ni tu fer mo mhealltasa. sgo mbeith choídhche gan dúsachd. ann do leabur seanchusa. an lacha gona clúmhach
Flann agaibh na aimsir féin. do sháraigh sé ar mhéad an fás. do saoíledh gur dhuine ard. no go ttainig an flann mna
Féch leat a bfuarus da maoín. is teac aice o aoís go bás. achd meara aón uair fa íasg. ni dhúadhus do bhíadh na mná
O ghéig thailltean nó macha. gé fada thanag chuige. bun dom mhuirn leam ni lemadh. is beara mo mhuirn uile
Muca mna í eachaidhéin. achd al na bliadhna anuruidh. nocha sine sean uirsgél. na gach muc dona mucuibh
A ingean in bhíatuigh. mé an file sa fer dána. atá mo spuir oram. sdo ionnuil me mo lámha

[f. 22v] .

A ttoirdhealbach féin ar fad. ata leath an gerráin bháin. sgan do gerran [. . .]
A ingean uí mhuireadhaigh. ata astighsi dot fhearoibh. a hochd nó a naoí durra[. . .]
An brathair rúadh na riochd féin. gion gur leigedh é asttech. maith an réd do rinnedh ann. a[. . .]
A mic dubhuill ghéarrannuigh. ar nach bfrith báoghal basgaidh. an buannachd do beurma[. . .]
an ghaisgidh. is go bfuigmís eirionnach. do theithfedh dhúin a nasgaidh.
Milledh póg sin ar do bhél. a inghean aluinn oilibhéir. uch a dhuine ní hedh. achd an muine dho[. . .]
Sona dona mucaibhsi. tar na mucaibh nach mairionn. a tteagmháil chugaibhsi. mar do bhí a ccuid na[. . .]
Fóghmur tirim gáoth is grian. da mbeith ag brían is céad each. mile capoll mile carr. ní cuirfedh sé a bharr asteach
A fhir dhéanta na dúaine. a dúais ortsa do díoghladh. tainm ar imioll a marbháin. agus a fhagbhail sgriobhtha
Cú choluinn is conall cernach. agus dálach mac mhaoíl tuile. as mó do chuir síol síaghail. fa liaguibh na íad uile
Léigedh an táos ealadhna. don oglachus bhog briste. car beag dhóibhsion eadamur. an dán dírec do milledh
Mas binn orlaidhi na cerdcha. mas binn sgeamhghal na ccapall. mas binn gach ní dár shinnis. as ní milis an gafann
Urusa a aithne ar do dhán. as air fuarais an gearrán. an lair bhuidhe gona hál. beir a bhuidhe lead sparán
Dar an ccruit fa a bfuil mo lámh. as re ngabhuim dán gan lochd. as binni leam téadsa thúas. ina a ccualaidh mo chlúas anochd
O aifrionn an angcaire. ge taim gan aifrionn oile. mur coiméd dom anmuinsi. rachad ar fedh na faithche
Da mac ag duine a neirinn. mac leighinn is mac túata. an mac leighinn ni cleirec. sas cleith ar each an mac túata
Gach a ndernuis do dhúanuibh. na creid go núadur maduigh. is nár ordaigh mac Samhain. achd saoí dfhaghail a nasguidh
Na braitre na braitre. síar soir ar fedh na sráide. síad tar éis fhíona dibhe. nocha mire na braithre
Brathair agus bean do chíam. muna a bfóire día bíadh ar neamh. ní ibhid eanbráon achd fíon. ní ibhid fíon achd fíon medh
caithid a néanchuid ar bord. codluid a seómra chorr gheal. sgan aca achd iad ar áon. fédtar a mbeith sáor achd gidedh
A reacair ó neachaidhéin. urusa a aithne ar do théaduibh. ar ól tú do chaiserbhan. tig sé amach ar do mhéruibh
Caóruigheachd mor ag muínntir gnimh. olc an tír a bfuilngter íad. trúagh a dhé nach ccluinid goill. agus na roinn do ní síad
Freitec re cor clainne neill. ma tug meisi féin ós aird. sin mo luighe gan bheith olc. téigim a ccor ort a taidg
Maith cruithneachd an muighe mín. as aithnidh don tír a lochd. maith an gort úd ar an ríasg. agus as olc días an ghuirt
Ni hí a bhuime nó a mhathair. ní cóir brathair do líamhuin. do sméid air as an proinntigh. est tespoin die díarmuid
An aisling ad connarcsa. agus me am chodhladh treimsi. baraille na nodlacsa. ga ól seachdmuin roimpe
Da mbeanadh beirtín lúacra. leis gach núachur da nderna. do bheanfadh bean mo croidhe. toighe thighe na heamhna
Each dubh ar dhath na dúaine. beir uaimsi go híbh ccairbre. da nderna an dúan amsoin oile. bíodh agatt
do lúach cairde. agus an dúan do rinnisi. go brath na himidh thairsi
Da ttugtha paidrín a bhean. da gach fer da ttugais grádh. dom aithne inghean uí neill. do bhíadh feidm agad ar snáth
Conchobur ó cobhthaigh cóir glas. ni fhaghann se blas ar dhán. achd an dán do ní se fein. agus mo la léin an dán
Do cheannach éaduigh dot mhnaoí. da ndeachdhása a saoí gan lochd. a mheic mhég aóngusa ón port. na híarr brat ingin in deirg
Cruit óir go tteadaibh airgid. na samhlaigh ní bhus lugha. agus a ndol fad méruibh. do bhiadh na ttéaduiph umha
O nach rabhais againn ríamh. do bheth gan bhíadh is olc linn. agus ní da thabairt duit. a ghiolla a stuic meic í bhéirn
Corc is cían do gheibim duit. ó bfuilid síol ccuirc is céin. an ghinn ó bfuilid mic ghinn. ní fhaghuim achd na ginn féin
Fuluing dhóibh gan dul gan teachd. deagla íad da meas ar théis. cairdi agad mun dúais. agus cairde ar an ndúain féin
Meath na mbreitheamh más é sin. bheith na léaghthóir ag breith bhreath. beirim a bhuidhe ré día. as aithnidh dam días nár mheath
Don breitheamh nach tuilcrionna. mar gach túata ar a theangaidh. nocha nfuil achd buinchíoradh. buain leis a bferachd leabhair
Nír luigh áonduine a mbeathaidh. ré gar do seachdmhuin aice. as lámh a ccionn bhó maoíle. don mnaoísi deanam feisi
Gé tá sé na shagart chuil. as ferr duit na beith ag dís. ní beag seal a naghaidh dé. fill ar do shagart féin arís
A bfuigheal is a ccuma. os leis as usa a ndéanamh. dligidh an macámh úasal. easna stúama ar a bhréugaibh
A ingean uí chorrdergáin. leis nach áil achd fer úasal. ard eirgius an proimpiollán. is tuitidh arís na bhúaltrach