ISOS logo
en

The Book of the O'Conor Don

The Book of the O'Conor Don

[f. 18r25] .

[later: o heodhusa .i. eochaidh]
Mairg iarras iomlaoíd cáinte. connradh as cúis miofháilte
da ccáinear an té réam tháobh. s mé do cháinedh na comaoín
Aitheas nach ádhbur beadhgtha. creachd a ccomaoín fhoirdergtha
díogha gaisgidh guin ar ghoin. oil a naisgid ní faghthoir
Nír derg gruaidh nar gríosadh féin. ní tug aisg nac bfhúair toibhéim
mairg len hionmhuin adhaint cháigh. ar mhalairt nionnlaigh dfagail
Ga ttú achd ní thiúbra meisi. cáinedh do chionn aiteisi
mo chailg badh creuchd gan chumhail. mairg dan héachd air nionnsamhail
Ní diol liom a los mfola. ingreim áosa ar ccongnomha
búdh griosadh gan fháth ar noil. ní gríosa[b altered from d] cách na chionoidh

[f. 18v] .

Do ghéubhainn da ngabhdaoís úaim. bheith gan b[. . .]
ré a tteangthoibh atú meata. gearrtar chú na coingh[. . .]
Ad lochar don fhlaith rom cum. a ndernadh deigceart oru[.]
fuarus guin nach gríosfadh ar ngoimh. ni íobhsa fhuil na haghoidh
Do fheuchadur ní horm a sal. mo tugha le tár mbríathar
is áilne na adhnadh cáigh. náire gan ádhbhar dfaghail
Ni beag díoghaltus dé mhóir. a ndíaigh a nionnlaigh égóir
meisde an té lé a ttabhair guth. gan é na aghaidh dionnlach
Ní dhearg arm nach darm basg[ad later]. glór íosa ré a ardasbal
ní ar dhomhan a fhir mo luit. nach gonaibh ibh na éaruic
Do fhéuchfuidhthea ar thainimh féin. da leanta lorg in tsoisgéil
a chomharsa ód chí sibh. a mbí oramsa dainimh
Ni creidim go ccualaidh sibh. mar rug breath na breith shúaithnidh
an rí ceart coimsigh nimhe. san fhoirmsi fheachd áiridhe
La náon aniarusa léim. teagar cuige cúis soilléir
bainghiall ar ar baisded coir. nar coisgedh dainmían éadroidh
An bhean do chí ar cách uile. a los a locht collnuidhe
ad lé ó cheart a clochadh. san reachd is é as ordachadh
Gi bé ar dhía nach derna coir. buailedh cloich ar an cciontaigh
a measg cáigh más amhghlan í. cóir a dámhnadh mar deirthí
Cuimhnighid cionta gach fir. a los fhuighill dé dhúiligh
nír leir dhóibh día do thuigsi. cía dár chóir a clochuidhsi
Mar do sháór cuimhne a ccean féin. an mnaoí ndrúith ón druing aigméil
air féin da bféachadh gach fear. do dhéanadh ceill réam cháinedh
Maithim don mhéid da ndleaghar. bheith choídhche dom choireaghadh
mar tá mé na léigidh linn. an te [adéaradh exp.] nach eidir dingreim
Gach ciontach as cosmhail rinn. chaitheas a chloich fam thuairim
bioth na leith os é a nobair. tar breith ndé mo dhíobhrogadh
Aitchim a síth sleachdoim dháibh. coisgid diom diúltoim teagmháil
luchd cáigh a ccogar do chailg. ní náir obadh a niomairg

//MAIRG//