ISOS logo
en

The Book of the O'Conor Don

The Book of the O'Conor Don

[f. 16v22] .

Ta[g altered to d]g Dall
Aoibhind an lasa a lonn[d insert]ainn. mór ngiolla sáor sochomainn
dom luchd cumainn do chúaidh soir. go lun[d insert]nainn uaim ré hathaidh
[f. 17r] [. . .]cnu croidhe. innte dom áos ionmhoine
[. . .]t as neamhdhaí[d insert]bhre aniugh. do sheanraíghne mac miliudh
[. . .]atorra do bait linn. luchd ré nairdeóchadh minntinn
[. . .]mda a lunnainn dom luchd gráidh. dom luchd cumainn is comráidh
[.]ugadh go lunnainn tar lear. glóir badh aoíbhne rem aignedh
áineas na ccraobh mbonnbhán mbog. comhrádh mo cháomh smo charod
Gion go mbeith dulc no deasbaidh. oirn choídhche achd an cuigersoin
níor bfiú áonchuiger díath breagh. an sáorchuiger fíal feinnedh
Donnchadh ó bríain bláth toraidh. donnchadh croidhe ó conchobhair
da gribh chumhdaigh bruaig banbha. a lunndain fuair allmurdha
Beag na dhíaigh mo dhíol taithimh. donnchadh ó cuinn céadchathaigh
sa ndíaigh mo chumthaigh croidhe. dunnchaidh í bríain bhóroimhe
Mac í fheargail mi[a expm]ríall féin. ata a lundain úir aigmhéil
diombáidh gan [eras.] mo triall tar tuinn. smo tríar leannán a lunnainn
Beagán ar da bhlíadhuin déag. ata padruicín pluingcéd
a ccuirt úir na nabhall bfionn. gan taghall ar úir éirionn
Gion go bfaca ríamh roimhe. dreagan dhúna samhnoidhe
na grúaidh mhín ngnéghairthe ngloin. bí gach éanaidhce ar maghaidh
Padruicín miríal máos gráidh. mo dhá dhonnchadh días conáigh
túar neamhthuirrsi do clár cuinn. dál an ceathruirsi chuguinn
An seisedh fear ata thall. brían mhageochagán mhanam
do chóidh go lunndain tar lear. do cumhgaid ar glóir ghaoídheal
Donncadh baidricín is brían. mo dhonnchadh oile is miríal
an mhéid shaoílim ma tá thoir. dob aoíbhinn mo lá a lunndain
Mo tríar compánach croidhe. uilliam risderd rúghroidhe
tríar nár bfallsa ríamh [roimhe exp.] da rann. triar as annsa na an tanam

//AOIBINN//