ISOS logo
en

The Book of the O'Conor Don

The Book of the O'Conor Don

[f. 15v19] .

Maoileachluinn na nuirsgeal
Úasal ferontus fergail. mur ta sin a seanleabhraibh
asé as uaisle lé a fheachain. sé ar úaisle na uirsgélaibh
Críoch mheig eochagáin ní fhuil. cur ar úaisle na haghaidh
críoch do ní óg don arsuigh. fód í ris nach éaccosmhuil
Tuaruscbháil mhidhe mic floinn. ata riamh os aird agoinn
do thoradh midhe ní mhair. achd talamh fine fíachaidh
An chuidsi do chlár midhe. ata ó thus aimsire
gan tearcughadh ar a toradh. in seantalamh síotamhuil
An fonnsa athá a nurchair. ag so cuid da chomharrthaibh
easbaidh toraidh ar dhúil de. ní foghair dúir na duisge
Iomda a habhla asedh a mil. iomdha íasg ina haíbhnibh
glas a fiodhbadh mín a muir. tír gan iongnad na hiongnaibh
Foghar éanlaithe an fhuinnsi. maith dfoiridhin attuirrsi
guth gach eóin bhinn fan mbrosnaidh. na rinn cheóil da chomharsoin

[f. 16r] .

[. . .]eoin ar áon. maith iad ré a náireamh déantáobh
[. . .] isle seana soin. sreabha is úaisle ina nurdail
[Later: [B cancelled] Ath] an urchair áth dha shean. ga beag fheabhas doigheir
[later: s]gaile a sgoth aille a néanuigh. sgáile a sroth le sírfheaghuin
[. .] chill air na nabhann nglan. go ría biorra ar brúach mumhan
maith do bhuing a orchra dfior. druim gach tolcha do thaisdiol
Cnoc aisde adhbha na sgol. cnoc í chosgair carn fíachodh
ó chaidreabh na ttri ttolach. ní bhí aignedh easbadhach
Ionnamhail uisnigh midhe. ní fhuil go tír thairrngire
feaghain na midhe do mhúin. sgearaidh cridhe le cumhuidh
Na feaghmais gidh bé do bheth. le síol fiachadh uisneach
tolach sin as dísle dháibh. fa ndligh an tírsi teagmháil
Teagmáil fpadruig fpuirt chaisil. fíacha fer na tolchasin
ní nár a cluinsin da chloinn. ar gradh uisnigh do fhuloing
La éigin ar neirge amach. téid fíacha mac mhic eothach
go huisneach a fhine féin. nír thuirseach cridhe ón choisgéim
Buidhean chleirech ar a cheann. do gheibh mac airdrigh éireann
is padruicc munaidh tar muir. sa tulaigh fhadbhuicc fhéarmuir
Iarruis an téarlamh ann sin. ionad eagailsi ar fhiachuidh
mar do iarr sé an eaglais air. freagrais é is nír áontaigh
Na cuir le huisnigh diarraidh. do ráidh mac neill naoíghiallaigh
ní tiocfa dhíom deaghail riom. do thealaigh na ríogh romhom
An tulachsa tabhair dhamh. a fhíacha ar an téarlamh
do bhéarsa neamh dhuid íar ndul. búdh eadh [do chuid add marg.] don chunnradh
Uisnech mhidhe ar sa mac neill. ní thiubhar déarlamh eiséin
mar iomlaoíd ar neamh anos. in threabh nach bfionnmaoíd a fheabhus
Re mac airdrigh innsi fáil. eirgios ferg ar an bpriomhfháidh
do bí an chrithir derg dharach. in ferg frithir fhriochnamhach
Téid go hainndlightech ann soin. a cceann easgaoíne ar fhíachoidh
gé do éaradh an tapstal. a dhéanamh nír dhligeastar
Seachluinn náomh fa náomhtha cuing. fer do mhuinntir mhic carpluinn
do eirigh fa nderna dhó. meanma an chleirigh gur chláochló
A sheachluinn deónaighim dhuit. do ráidh an priomhfháidh pádruic
ó taoí ag dula da serg soin. mferg do chura ar na clochoibh

[f. 16v] .

Téid an cion ar na clochaibh. an easgaoíne anachain
téid láimh ris an tí nár thuill. mur nár áil í gan f[. . .]
Clocha uisnigh da éis soin. ní tarbha mur tá a leabhroib
a ndeilbh an úair as obar. suaill a bfeidm a bfothrogadh
Maccarploinn aithnighios soin. nár chóir easccaoíne ar fhiachaidh
do roighne mas fíor sdo bfíor. síodh is oíghre an airdríogh
Ní fhuilim na dheaghaidh dháibh. do ní padruig an príomhfháidh
síth is fíacha leath ar leath. sní frith ó fhíacha uisneach
Uisnech ón ló sin ille. sliocht fhíacha déis a chéile
dóibh féin deaghaidh a ndeagaidh. dleaghar ón fhein fhuinedhaigh
A theine a nuisneach dfhadágh. mithidh do mag eochagán
do bhí ag na fremhaibh da bfuil. ní is déanaimh lé a dhuthaigh
Na léigedh mac mic donnchoidh. a fhearann fa allmurchaibh
dá leigedh ní badh leigthe. da madh éigean imeirche
Ata a bfuil ó inndeóin air. go fionnloch inndinn deasbaidh
mó badh cumang [in insert] cridhe. dhó a fhulang fa ainbfine
Clár midhe na maoíleann nglan. da mbeith uile fa fhergal
ní bheanfadh sé ainchion dfior. do chaithfiodh é sdo fheithfiodh
Do dháil eallaigh is ionnmhais. do thabhach a thigernais
atá a eangnamh sa aeinech. dfeargal ná dhá nimpigheach
An fiche bó do bhronnadh. in teach is é ar céadlongadh
ní toirberta lé a gruadh ngeal. is túar oirberta dáireamh
Atá on ló fa leanamh. gan a inntinn daithreaghadh
díoghbháil is uille ní fhuil. ag síordháil duille an domhuin
Clanna fíacha mic neill náir. leasg le filidh a bfhagbháil
breath duiligh ni iarr orra. do mhían fuirigh eatorra
Trí hádhbhair fa ndeanaim dán. dingin iarla fhóid ghabrán
sí go caithmheach ar a crodh. is í go haithneach uasal
Uasal a hionadh ar nimh. muire mathair an duilimh
do lár mhuighe nimhe anúas. go ccuire mo cridhe cogúas

//UASAL//