ISOS logo
en

The Book of the O'Conor Don

The Book of the O'Conor Don

[f. 15r30] .

An persún ríabhach
A luchd chumus breag sa dán. da ttí an bráth badh aithrec súd
digheolaidh da neirge a fhearg. bréag do cor ar cerd na ndul
Gach ar cheannaigh criosd a ccroich. sar cruthaigh fana thoil féin
ar dhealbh breitheam laithe an luain. an athchumha as crúaidh an céim

[f. 15v] .

Don dúil granna gan bheith mhór. cumaidh sibhsi lor d[. . .]
aille súd nach gach mac mná. ós gach milidh ata ar [. . .]
Dfior na ccos bfionnfadhach bfíar. is nach ar sgar riam re [. . .]
áon dhuine as aille da chois. idir cholpa troigh is tsháil
Cuirter úrla crutach cáomh. ar éadan mhaol mór anail
cumthaoi dfior criothshúileach cham. go mbí a rosg mall mur ghloin
An te do ní a sttigh a chac. snach beireann amach a mhún
cumaidh sibhsi ar giolla an thuill. bíaidh banba chuinn aige súd
Don duine chartoighe chrón. cumaidh sibhsi ge glór trúagh
cneas mur eala uchd mar áol. ata gun ghéig is caomh snuadh
Tren a ccill neimhtren a túaith. ní thógbhann don lúaith a thón
ceann feádhna da ghlac go leith. bronnaigh súd eich is ór
Mar ghabhus méad mheanman íad. glúaisid soir no síar ar creich
ortha mur luigheas an tóir. bi fhíach féin a ttóin gach fir
O gach áon ó mbeirthi dúais. do thuill sibhsi fúath is fioch
asa mholadh as fáth leóin. badh ifrionn fa dheoigh a crioch
As mairg do chúaidh re bur cceird. a luchd do ní deilbh a nuilc
a núaimh ifrinn dorcha an treabh. do chuireabhair fer is a luchd

//A LUCHD//