ISOS logo
en

The Book of the O'Conor Don

The Book of the O'Conor Don

[f. 15r] .

[. . .]a seanma. gnath dúil a ndíaigh oileamhna
[. . .] na sédmhur sídh. bunadh na cceadghlún cciníl
[. . .]dfíaghnuisi ar sin. imreasuin da mac mílidh
[. . .]g roinn fhóid bláthchoille breagh. don dámhchoille óig fheinnedh
[.]ugsad go héirinn eidir. filidh agus oirfidigh
a slios tuir mbratghloin mbeoghain. tar muir natfoir nanfhannoigh
Onaoí ainm an fhir chiúil. cior mac cis ceann ar seiniúil
ní leanfam da slonnadh sin. da ollam merchlann mílidh
Ordaighis éimer ámhra. cranncor fa a naoís ealadhna
ar mbeith déireamhón ón fhior. ar leith gleimheadhón gaoídeal
Do thaoíbh éimhir gár bfearr céim. do bhí an toirfidech ainnséin
ré gnúis mbuig ngeilmhiolla ngloin. fa neimhdíogha an cuid crannchoir
Ríoghdhachd na seanma ó so lat. ag leanmhuin luirg na ríomac
ata ag seinshliochd eimhir fhinn. éighriochd re a neirigh inntinn
Da mbeith fos nac raib reimhe. ata an úairsi dhairidhe
freamh an cheóil amuigh mhumhan. sgeóil ar a bfuil fíadhnughadh
Ata aniugh ag nioclas dall. ar cheart ar cumus neamhonn
mír curadh cheóil na banbha. bunadh eóil na healadhna
Cumadóir na ccleas ndoílche. gadaidhe na geamhoídhche
musgladh bróin biothcroidhe ban. glóir nach síolfoidhe a síothbrugh
Ádhbur caómhnaidhe cumha. sás meanman do mhórughadh
síans ón girre laoíthe leábhra. nach binne caoíthe céideamhna
Colloid ré caoíne a sheanma. na beatadhaigh bruideamhla
ag éisdeachd mharbhchor i mheóir bhrais. do anfodh eóin re anamais
Líonmhaire na an féar a fás. ar leath ó lámhuibh niocaláis
sreath a geg cciothbráonach cciúin. do gealchaolach tted ttaigiúir
Mar dheilbh a ndíaigh a rannta. ní fios daoís aigeanta
séis marbhghlan a mheóir rathmhair. dámhnadh an cheóil chuimhighthi.

//TIAR//