ISOS logo
en

The Book of the O'Conor Don

The Book of the O'Conor Don

[f. 14v4] .

Maolmuire mac an bhaird
Ca síth don cheól do chúala. cía don macroidh mhínchuanna
siodhaighe le sóidh a sheinm. don ríochuire ó bhóin bhraoin[b exp.]mheirbh
Ag fionnbharr mór meadha siúil. frith an taoídhe téd taidhiúir
nó sa síth leabhairthe lir. frith an neamhaithne núaisin
A mbrug áongusa alcmhuir. [above: .b.] no i síth easa da éaghonn [\thair a chéile .b. .a. marg.]
do réir mfeasa frith an fonn. [above: .a.] nó a síth oirderc ábhartuig
Dar leat tug an té do shinn. beag an tiongnadh nach aithnim
an ceól mer fortuil falláin. seal ar macraidh manannáin
Nioclás dall nach dall croidhe. do sheinm so sni síodhaighe
ni fuighthe fear a leanta. san choilce mer múiseaca
Croidhe líonmur nach lean gnás. fa chách do chuaidh ó nioclás
géag ó sgaoíl dlúithfrem dosach. a lúithmer caoín cumusach
Tairm buinne ré beim trachda. no lúas gaoíthe gealmhárta
lúth a mheóir fhiorchaoín fhortuil. ar shíothcraoíbh cheóil chumhochduigh
Ceól súain ógbhan ré níodhnuibh. guth cúach fedha finniobhraigh
dord fíansa flaithfheindidh breagh. síansa ó naitheirigh aignedh
Dar leat tug treall da aimsir. ag iarraidh nadhbainnsin
ag aoíbhill nó a mín mháighe. nó a síth aoíbhinn fhionnáine
Nó as é an ceól ler cealg cerbhall. farbhlaidh fheata aisdiormhall
ó sheangalbain na neas tte. teas go beannardaibh bóirne
No as é so an síansa síthe. lér cealg fergus foiltfhithe
baillghil do brigh na seanma. ó rígh aingidh échdtéamhra
Ní neach da nabraim uile. fearr mur tá achd dúil dhaonnuidhe
a chlos linn as leódh menman. do shinn an ceól criterghlan
Seinm niocláis na ccor cciníl. mas fíor do chluin caitilín
is faoídhe binn a beóil tana. da rinn cheóil a ccomhragha
Teighim durra ar a dreich nduinn. fa beith ar bhuidhin conuill
fa a niarrfa go ttí asttoigh. mo bhríatra dhí achd go nderbhthair

//C//A//S//I//T//H//D//O//N//C//E//O//L//