ISOS logo
en

The Book of the O'Conor Don

The Book of the O'Conor Don

[f. 14r17] .

A chláirsech chnuic í cosgair. chuireas súan ar sháorrosgaibh
a nuallánach bhinn bhlasda. grinn fhúaránach fhorasda
A chlár bhúadha as bláith finnlearg. a mhongarach mer mhéirderg
a cheóladhach do chealg sinn. a dhearg leómhanach láinbhinn
A bhréagadh eóin a healta. a ionnfhúaradh aigeanta
a dhonn bhionnfhoclach bhallach. lonn iongantach íodhlannad [above: no ch]
A leighios gach laoích ghonta. a shódh breagtha banntrochda
a ól gnáthach ós goirmlinn. a ghlór fáthach fogurbhinn
A bádhadh gaca croinn chiúil. a crann taithneamhach taidhiúir
a chomhnaidhe idir cloinn ccuinn. a croinn dhonnbhuidhe dhíoghuinn
A énleannán na neólach. a chora bhláith bhinncheólach
a réulta chorcra ós chionn síodh. a mhionn ochda na nairdríogh
A sgatha binne boga. a chlairsec donn dhíarmoda
a cruth gan fhúath ó fheadhain. a ghuth cúach a ccéiteamhain
Ní chúala cheól mar do crann. re linn túatha dé danann
a craobh donnlagach dhata. cháomh formnadhach allata
A fhúaim trachda re toinn cciúin. a crann fosgadhach fírchiúil

[f. 14v] .

[a exp.] fledha ga nól atfhochair. a ghlór eala ós fionnsrota[. . .]
A nuall bhan síth a sith lir. gan ceól ag cur a taghaidh
ód treóir as teidbhinn gach teach. a chéidrinn cheóil na ccláirsec //A[. . .]