ISOS logo
en

The Book of the O'Conor Don

The Book of the O'Conor Don

[f. 13v20] .

Seaan mac céibhionnaigh .cc.
Narab día do bheatha a bháis. a cheann uidhe gach úathbháis
beag dot olc a mheabhlaigh mhir. tochd dom leanmhuin a laíghnibh
Rugus céim ad cuinne a bháis. a laighnibh dámhna doláis
ní bríoghmur tarbha ar ttoisge. líonmur tarla an tuboisde
Measa mur tarla trúagh sin. ni fhuil réam lind a laíghnibh
duine ar bioth gan baspurt goill. ag rioth da nannsmachd eadroinn
Croch a ccionn gacha baile. ni hí an croch gan crochaire
ní nár dhúinn da ngabham glonn. do chúaidh mhanam asom [above: no sgan suil re manam agom]
Do bhán mo shúil do shín mfolt. ní mor nar múchadh mamhorc
tainig mo lá dfhás mfhail. atá an bás inar mballaibh
An trúagh libh a luchd grádha. mo thoisg diarraidh eadála
mé gan aga achd aimsir ghann. a ccainnsir fhada oram
Olc an toisg da ttainig sinn. a chormuic úaine í uiginn
feacha leat an sochar sin. dom crochadh leat a laighnibh
A cormuic do mheall misi. a chumhthoigh mo croidhisi
mairg nach fhaghann úaidh dhamhsa. do chúaidh manam asamsa

[f. 14r] .

[. . .]cidhe. bás ollaimh an fhúcaire
[. . .]ar dhoilge ar ndol. cách gan oigre nar nionadh
[. . .]uime gan mháthair. gan deirbhsiair gan derbhrathair
[. . .] trúagh mé anois gan mhnaoí amháin. ag caoí re cois mo corpáin
[.]nochd achd gé deiredh dhamh. do bheith da mbeinnsi a mbáoghal
dream óigfhear go teann ag teachd. fam cheann a ccoigeadh chonnochd
Do chóir chaisléin an bharraigh. da ccluinti méag eadamair
do bheith páis is teann tuirrsi. fa cheann bháis an bhodaighsi
Mo crochadh da ccluindís cách. do bhíadh ar maidin a mochtrath
neac dom fharroid ó mhnaoí amuigh. dom chaoí a ccarroig an chobhlaigh
Mo bhás féin da bfionndaoís soin. ógbhaidh oiléin an chlochair
ni beith cosg ar ngair guil. sni náir gan tosd an tóchuir
Glúasochd re diomus damhsa. do dhíoghail día oramsa
mairg threig a bert bhuile. teachd rem pléid ó partruighe
Cuimnigh féin da mbeirthea búaidh. a bháis ar bheathaidh ndiombúain
nach lat achd an chalann chuil. manam da mac sda mháthuir.

NARAB