ISOS logo
en

The Book of the O'Conor Don

The Book of the O'Conor Don

[f. 13r26] .

Tadg dall
Ca talamh dhuit a brathair. dona grásuibh bheith umhal
innis sgéula gan aincheas. nach beam a nainbfios umad
An cuid dod ríaghail crabaidh. léara a brathair is innis
créd tug do broga fallán. is hatán [lan do shalchar l exp. and canc.] do bheth brisde
Déis ar shiúbhlais do roide. a brathair coisfhlich chalma
iongnadh leam gloine thasán. is hatán lán do shalchar
An raibhe ad riaghail crabaidh. a brathair ó crich connachd
crúas do bróg agus tasán. is hatán do bheith robhog

[f. 13v] .

Dar liom ni fhaicim aonlochd. ar teadach fa[. . .]
a brathair croidhe cheóilbhinn. achd nach fiú feóirling [. . .]
Idir chota agus chaipín. eidir aibíd is easán
tar gach éanchuid dod chuladh. ní maith do cumadh hatán
Ni dot aibid atámuid. a bhrathair as díol masáin
féuch ad dhíaigh as féuch romhad. mur tá brollach ar hatán
Thatán a macaoímh leighinn. gidh bé a néirinn ór gadadh
ní hatán duine dhílis. bhíos da shírreic a bfalach
Ní hé a chuma go lochdach. ní hé olcus a dhatha
tug gan a dhiol sa ccabhán. achd é na atán gada
Beith ga bhélreic a brathair. as trid táinig do mhilleadh
baile so a ndéantar nathán. mairg tug hatán go sligech
Fulang gada do brathair. ní do gnathaibh an íarla
da seóltar tú na dhathán. bíaidh an tatán go ríabach
Maith do léine agus hionor. deas do siobhal ar chlochán
sas  áluinn fós do mhatal. sas olc ghabhus tú hatán
Cred do beir thaibíd goirid. stfhalluing go nuige do shálaibh
agus thatán fliuch fada. cá talamh duit a brathair.

//CA//TALAMH//