ISOS logo
en

The Book of the O'Conor Don

The Book of the O'Conor Don

[f. 12[b]r31] .

giolla brighde mac con midhe
Maircc do grios giolla padruicc. gan cion da ghnuis gealfhádbhuicc
grúaidh an gil aird fa asguidh. máirg nár dhligh ar dergasduir
Mairg do grís a grúaidh thibhrigh. an tsheabhuicc dheirg doinningnigh
clár finnleargan a aighthe. dimdergadh dob an aithne

[f. 12[b]v] .

As mairg teanga thug deathaigh. tre a gnuis riogdha [. . .]
a dhe na dig fam cioniodh. dé an fhir dob aindlighio[.]
As neach uainn do rad fa ríor. loisne thaighthe tre ainbfhior
gríosadh do grúadh ccáomh ccrithreach. mo núar dob áor aindlig[. . .]
Do loisg an náire a aignedh. an béul corcra braghuidh-gheal
an fhearg ar ruaimnedh a roisg. an grúaidhgheal dearg is díochoisg
As beag airighter da fheirg. ar a ghlór nó ar a ghaoídheilg
go damhnach gean gur ghaillbeach. an dubh fhabhrach donnmhailgeach
Gidhedh da náoruinnsi féin. airdríogh oirrter go haigmhéil
fa naoir ni fhoil achd moladh. ag soin laoídh da leasoghadh
Do ghean laoí da leacain mbuig. mháolfus goimh giolla padruicc
badh cloch derg a ndabaigh fhúair. raghaidh a fhearg da hanbhúain
Da bfionnadh badh fada a bhúaidh. an té do áor ó hannluain
ní bhiú ag cleith faladh an fhir. gabhal ar leith an luichdsin
Uirsgél agam ar an aoír. don fhior tarla na tathaoír
ní bhéar gus an ngealchas nglan. achd sgel bheanfas re bunadh
Toisg do chúaidh aitheirne ard. a ccuigedh mhumhan mórgharg
dar grís grúaidh táobhúir tana. da bfuair áonsúil eochadha
Da ttarla ar ttochd a mumhain. abhann gus a nollamhuin
sruth leacach ro gharbh ramhach. modharn bhreacach bhradánach
Tig a bhean aráon ris. go háth do thoigheachd thairis
do chi an bhean bruinne an mháigre. ar bhuinne mer modhairne
Tig do mhnaoí an éigis fheithmhigh. mían an éigne oireithrigh
súr an mháigre bhaillbhric bháin. faíghde aimhghlic ro fhuráil
Aithnigh dhaoíbhsi dáil na mban. bheith na naghaidh ní feadhthar
don fhilidh ger bfáighde dhoirbh. siridh máigre ar an modhairn
An tan nach fuair an file. an teo sídhe séimhidhe
áorus modhairn ngil ngainmhig. mhir roghairb fa ríoghmaigribh
Od chúalaidh an modharn mhóir. beith ga háoradh go heaccóir
téid an teas a neagcruth ann. do fheas eagnach na habhann
Tiomsuighidh ó bhun go barr. a néin ionadh an abhann
gur mheabaidh da ghéigeas glan. a ndeaghaidh éigeas uladh
Do chíd go diog[ai ins.]r deaghraigh. chucha an mhodharn mhóir mheanmnaigh
ca buinne derg badh dreimne. ferg uirre re haitheirne
Do ríghne rithlearg molta. do dhiothchor a dásochda

[f. 13r] .

[. . .] balbh. úadha moladh an mhodharn
[. . .]cuimhne. ré a moladh dár modhairne
[. . .]e rug do roghain. tug dfhoighide don ollamhain
[. . .]aibh dfhíach a molta. do bhradánaib ballchorcra
[. . .] lán gach ríasg úaine úr. úaidhe da híasg ar niompúdh
Gabhais modharn an moladh. a níoc aoíre an ollomhan
raghaidh laoídh na haghuidh úaim. a bfhalaidh aoír í annlúain
Bíaidh leasughadh ar an laoídh. bíaidh tréigean ar an ttathaoír
aoír an ghille ni géubhtar. badh binne an laoídh leiséaghtar
Aoír ní ghabh neach anos. don breig ní bhí achd deanos
tuile sléibhe a seachod sin nó as eatol gréine geimhridh
Nó as sidhe gaoíthe ré gleann. toibhéim ar onchoin éireann
lé sruth a cceadóir do chúaidh. guth eagóir ar ó an annlúain
Airéamhad aithis an fhir. a ndíaigh a eangnamh dairimh
a cháineadh do chóidh tre eas. ní cóir áireamh a aitheas
Do hairgeadh leis thoir is tíar. puirt ghall uladh is oirghiall
puirt gall midhe sa margadh. barr [midhe exp.] line ar na lomargadh
Coiseónuigh re cath monach. magh moirtheimhne míolchonach
ferfaidh crú monchaigh mun magh. far thorchuir cú na cerdchan
Craobh tholcha fár thuit eachaidh. airgthe leis do lúathcreachaibh
magh rath do bhearair gan bhoin. inar meabhaidh cath congoil
Tug ó chloinn áodha an fhíadhaigh. creach dob iomnáir doirghiallaibh
tug a leath creachbháin cathail. creach dob athnáir dulltachaibh
Tug creach mór amuigh cabha. bíaidh ag cách a comhramha
rug sidhe iongnamh sa náird. fionnmhagh line do lomairg
//MAIRG//