ISOS logo
en

The Book of the O'Conor Don

The Book of the O'Conor Don

[f. 12[b]r] .

[. . .]gin. seoladh fa crich chomhaighthigh
[. . .]a nír bhac dfior. a mac samla da siriodh
[. . .]athair na haoí. dallán forghuill an priomhsaoí
[. . .]meas rem chéile ní ceart. neidhe ro fheas is feircheart
[.]id be dhíobh dermatar leam. sein fhilidh insi eireand
aríomh da samhlainn mur sin. dhíobh ní fhaghbhaim a aithghin
Da madh ionann aimsir dhóibh. da madh eadh ainm is onóir
tuil sigir ase a shamhail. dlighidh é ar ealadhain
Cuid do theisd thuilsighir sunn. ar bháothghalach do bhéarum
tarrus ré as ní ghéubhadh grim. don te adéuradh nach dlighfinn
Da mbeiredh mar nach béaradh. breith don taoíbh da ttuigéaradh
go saobh da samhlaidh a ghleódh. ni fhágbhadh áon da aithcheodh
Nír bfeirde an fhíadhain do bferr. is sgél fíre da foirgheall
a leith chaingne da mbé ar bail. ise daingne na haghuidh
Ge mad anbfann a hádhbur a haoíbhle ó do athádhnadh
bá daingean asé ar a son. gi bé caingean lé ccongmhodh
Mo theisd ar mo thuilsigir. a dhaoíne le na dimiccin
cia an fine da bfaghair libh. file a shamhail tar shigir
Bíodh go bfuaisgeóladh file. na ceasda do cuirfidhe
úair teasda a éanor gidhedh. réladh ceasda ní creidear
Seanchais díamra dlighthe ar sean. bérla foirtche na bfiledh
do bhi inéin meid gur naithnidh. clí anéirnidh ionaitnidh
Ni lochd leam gan a shlonnadh. dhamh achd an teisd tugomar
fágbhaidh sí a ainm gan fhalach. don ghairm do bhí ag baothghalach
Tré nderna da dhímeas féin. nír shamhail da ainm eiséin
glór cúmra dhamh búdh dísle. do chur úmhla is inísle
Ar aoí a cheannsachd re cách. sgan aithne a fheirge um éanfhath
báidh liomsa fuíghle gach fir. go bfuíghbhe ceannsa an choimhdidh
Go cúirt nimhe na naoí ngradh. guidhim ceann na ttri tionál
do dealadh sinne ré seal. go mberair inne is eisean

//IONMUIN//