ISOS logo
en

The Book of the O'Conor Don

The Book of the O'Conor Don

[f. 10v8] .

tadg óg ó huiginn .cc.
Múin aitridhe dham a dhé. ga bfios an bfuighinn búan ré
ní tráth sithimh a dhé dhamh. as mithidh mé do mhúnadh
Mo mhúnadh do mhuin cridhe. feadh ar naoís óigine
gur arsoigheas nír iarr me. cían ó chasmhoileas créidmhe
As deacra aniugh ná an aoís óig. lámh fam theagusc a trionóid
mur do ní crann díona dhi. nocha nam sníomha slaite
Báoghal damh a dhé nimhe. ar tteachd da ttrían maimsire
bheith san trían nach ttáinig dhi. mur atáimid ríamh roimhe
Feadh a ré go roige sin. da ccaithiomh uile ataighidh
minic térna teach nimhe. neach lé heanlá aithrighe
Tabhair gion go ttuillionn sinn. grádh na haitrighe am inntinn
lá éigin a dhé rem dhul. na léigidh mé do mhealladh
Mén croidhe ní foláir dhuit. tfhaghail úaim na éuruic
do chóig cridhe a ccosair chró. do chosuin tfhine a néanló

[f. 11r] .

[. . .]doirt tusa. dfhuil do chnis dom cháomhnusa
[. . .]mo shúl ar a son. méla dhún gan a ndeanam
Le día athar is ionráidh. iomdha agam eisiomláiR
fa ndligh mé déanam na ndéar. do sgealaibh dé sa dheibhléan
Troightec dé da derbadh soin. lá éigin mur do ionnoil
peacadh muire mhaghdaléan. do badh glan uile ón fhíréan
Peadur easbal na aghoidh. do shéan é lé híodhaloibh
do ní déara na diol sin. ar séana ríogh an ríchigh
Gabhais ar nguin a croidhe. mac dé día do trócoire
gé do tholl ráicridhe an ríogh. aithridhe ón doll sa doighníomh
Atá sgél úasal eile. agam ar an aithreighe
an sgél mar do sgriobh an peann. adér más fíor a fhuigheall
Toirrcheas foluidh fada ó shoin. do ríghne mac lé a mháthoir
an toirrcheas nír tharbha dhi. tárla na fhoilcheas aice
Gearrtar le lór do phúdhor. deagla an chuil do chronúgadh
bráighe an leinb an lá do ghein. gion gur cheird mná don mhnaoísin
Do leanadur da laimh dheis. tri deóra díocra an aitheis
sgeinm ris na deóraibh do dhligh. dfheó[i exp.]lfhuil an leinb an lá sin
Do dhíochar na ndéar bfhala. ionnlais an mbais mbarrthana
ní dheachadh ball as don fhuil. a bas ann gé do ionnuil
[.]o bhídís na boill chorcra. uirthe déis gach ionnalta
tuirsec í dá nionnladh sin. ní nár biongnadh don inghin

[f. 11v] .

A ccionn treimsi an tan do thuig. lá éigin tar eis [. . .]
rí nimhe na námhuid di. na cridhe tanuig tuirrsi
Tograis lé toirrsi cridhe. dfhaoísidin na hingine
mur fúair lé an lásoin a toil. fá grásoibh dé go ndeachadh
Innisigh géar dheacair dhi. san eaglais déis a cheile
a bhreith dfhior na fhior chuil. sa chion a leith an leinibh
Ón dá tháomsoin túar creidimh. feraidh aga faoísidin
tairthighe na séana sin. déara aithrighe on inghin
Lamh an chomhartha mar do chuir. do bhúain na ndéar da dearcaibh
ón chaoí do fhear ón fhabra. do chlaoí ar ceal an comhartha
Ga ttám achd ní dheachaidh dhi. lé huisce ionnloit oile
an ainimh do bhaoí ar a bais. caoí na aighidh gur urmais
Na boill do bi ar a cridhe. ionnarbais an aitrighe
na tri braoín aille don fhuil. do thaoíbh a láimhe an lá soin
An lámh ón ló sin amach. mur do bhí uile ar áon dhath
go rabh lé snighe na súl. sal mo cridhe ar na chláochlúdh
Go ttáobhar athaidh oile. riot a rí na trócaire
an drochsháoghal a dhé bhí. na ró tháobhar é a airdrí
Eadrad a athair neamhda. san bhioth cé cúis doimheanma
tig mo rún anall sa nonn. tig fum ann gach ré niodhlann
Bim trath go saoílfedh sinn. nach ttiúbrainn truagh an inntinn
gradh don pheacadh seacha soin. re heatal ceatha as cosmhoil