ISOS logo
en

The Book of the O'Conor Don

The Book of the O'Conor Don

[f. 8v7] .

gofraidh fionn ó dálaigh .cc.
Maircc mheallus muirn an tsháoghail. gerr bhíos búaidh an moráonaigh
maircc nach róchaomhuin é air. ré ré an drochsháoghuil deacraigh
Flaitheamhnus mór ar mhuirn mbig. beatha tshíor ar tsheal ngairid
treigean dé as diombúaidh an dáil. ar ré ndiombúain an domnáin
Sódh na socraide néamhdha. atá thúas mun ttigerna
gach sódh fó nimh seacha soin. is beatha fhir a núamhoidh
A dhaoíne da ndáilter rath. leis nach beag méad a méadhrach
bar sódh as uime as lór libh. gan sódh as uille dfhaicsin
Da derbadh sin ag so sgél. bheanus ris do réir fhírén
sgél é ona biontúir neamh. gí bé sgrioptúir ór sgaoíledh
Bean torrach ag túar bhroide. do bhí a bpriosún pheannoide
bearar do chead dé na ndúl. lé leanabh beag san bpriosún
Ar na bhreith do bhí an mhacámh. ag fás mur gach fochlacán
da fhíaghnuibh mur badh eadh dhún. seal do bliadhnuibh san bpriosún

[f. 9r] .

[. . .]gail bhroide. meanma an leinbh nír lughoide
[. . .] reir gé dho bhaoí a mbroid. mur mhnaoí gan phéin gan pheannoid
Do soillsi an laoí nír léir dhóibh. achd a bfaicdís fáth dobróin
do druim iodhan an achuidh. tre ionadh tuill tarathair
Mun orcra nír bhionann dál. da mathair is don mhacámh
do athroig dealb da dreich ngil. is an leanb ag breith bhisigh
An leanb doileamhuin ann. do bfheirde aige a fulang
nír léir don bharrthais óg úr. nár bhfód parrthais an priosún
Eision ag breith rúag reabhraidh. isi ag dul ar dhoimheanmuin
mairg trá nach ttióbhradh dhá aoíbh. ionnram na mná sa macaoímh
Ar bhfaigsin dér ré dreich ndil. ráidhis an leanb lá éigin
ó thárla fhuighioll ar móidh. cluiniom dámhna do dhobróin
Neimhiongnadh gé gheanuinn maoíth. ar sisi a leinibh lán bhaoíth
as rían cumhang nár chleachd dún. teachd dfulang pían a bpriosún
An bfuil ar sé sódh eile. as aoíbhne nó ar ni[o exp.]nmheine
nó an bfuil ní is soillsi na so. ó do ní an toirrsi trómso
A nabra ní hiongnadh dheit. ar an inghean a óig mheic
faoí gheibhe an treabh do thoghuis. teagh eile ní fhacodhuis
Da bfaicthea a bfhaca misi. ría tteachd don tigh dhóirchisi
do bhíadh doimheanma ort ann. do phort oileamhna anam
Ós agadsa as fearr a derbh. a inghean ar an tóig leánbh
na ceil óirn fhionnochdain de. do moirn diomorcuidh oirne

[f. 9v] .

Loise an tsháoghail mhóirsi amuig. asi tarrusa [. . .]
mé attigh dhórcha na deaghaidh. a fhir comtha as cinneam[. . .]
Dar linn ar an leanbh óg. gé taoí brónach a bheanód
as léir dhúinn ar ndíol soillsi. na bíodh ar thúidh athtuirrsi
Lé cleachdadh dhorchachda dhe. snách bfúair sé sódh búdh aoíbhne
nír cheis a grúaidh ghriosúr ghlan. ar an bpriosún bfhúar bfhalamh
Baramhuil do berar dhún. an leanbh do bhí san briosún
luchd an bheatha cé an cupla. a ré as beatha briosúnta
Ag feaghadh mhéadhrach mhic dé. flaitheas ar a bfuil búainré
cúis bróin beatha gach dúnaidh. slóigh an bheatha as priosúnuigh
Atá [feaghadh exp.] idir neamh na naoí ngrádh. as aoíbhneas an talman tonnbán
a mbí idir úaimh dhorcha dhuibh. agus tolcha a núair áonuigh
Drómchladh áloinn gach achuidh. as grian tre tholl tarathuir
gach téaghadh gréine do gheibh. ag féaghadh fhréimhe an ríthigh
Ní bhí an tshoillsisi an tsháoghail. seach mhúr nimhe núabráonuigh
táobh ré dháil as doibhés damh. achd mur tshoilés chlár chómhladh
Fearr iná an loisi as lugha. aoíbhneas ris nach ionchura
ní búainimne an mhóirnsi amoigh. túairimne in tshoillsi suth[. . .]
Túaruscbháil teaghlaigh nimhe. san bhrogha aird ainglidhe
go ttí an brath sa bheith ris. ní reich lé cách í daitris
Maith na cruinne ar comus dam. agus neamh dfaghail fá dheiredh
leigfe mé an mhaithsin úaimh. is é dfaicsin an athúair

[f. 10r] .

[. . .]na ttig de. do tréigfinn ar teagh neimhe
[. . .]faicsin dúnaidh dé dhamh. achd mé ar cúlaibh a comhladh
[. . .]sdeachd ré héanlaith nimhe. is cuid don cheól ainglidhe
na heóin as díoghadha dhe. fiorragha ceóil na cruinne
Iomdha oirfidec eóin bhinn. ag mac ingheine íachim
[.b. marg.] guil agus ualla árda. ga bfuil úadha ar ionnarba
Iomda anifrinn na aghaidh. ní dá ccur a ccomroghain
[.a. marg.] nocha léir da nglársan guth. nach sásfadh a bpéin pheacuch
Ifrionn aitreabh na ndeamhan. priosún dáor an dúileamhan
rochdain ilphían triall don tigh. imchían ó ríamh an ríthigh
Da bfheasdaoís daoíne an domhuin. sgéula ifrinn urcrádhuigh
ré a chlaisdin do ba cóir sgeinm. dhóibh as gan faigsin ifreinn
Do badh neamh leis gach áon ann. bás dfaghail is ní fhaghann
ní dul ní téarnom astigh. brugh gan éanbhrogh a aithchin
Beag gach gúais achd a ghábadh. loscadh ann is iombádhadh
smúal breachda nac báithfedh loch. sneachda nách báithfedh teasbhach
Aghaidh uirre as trúagh an teidm. béisd atá ar thairsec ifeirn
da bfaicedh í fedh radhairc. gach fer ad chí a cconntabhairt
Brugh ifrinn nár fhaice me. a ccéin úaithe no a bfhaicse
rí na ndúl ge cuin do cer. an dún a bfhuil go bfaicter
Ní treisi ar dhía an duine trén. ina an bochd bhíos na fhírén
ní lé teann tíaghar ar neamh. ferr a iarraidh go háilghean

[f. 10v] .

Croidhe uiríosal umhal. tig dhe duine dar[. . .]
na lúaighidheachd nach lór dfhior. guaillidheachd ógh as ai[. . .]
Beatha gan aoís gan urcra. doibh so ar son ccobhartha
sláinte gan fhoircheann dfearoibh. fáilte coitceann chairdeamhoibh
Maircc do tréigfedh teagh nimhe. ar ar mbeatha bhréigine
ga haird nach báoghal abhos. an sáoghal as mairg mheallus

//MAIRG//