ISOS logo
en

The Book of the O'Conor Don

The Book of the O'Conor Don

[f. 7r3] .

Olc an connradh a chlann ádhaimh. slóigh na cruinne cionntábhuigh
gan é go hurlamh óirne. cunnradh dé nar ndeaghaidhne
Lúach an crú ar ar ceannuigh sinn. ní fhaghann olc an oirchill
móide cóir dhé nar ndeaghuidh. ar fhóir sé dar sinnsearaibh
Do thugamur an tlachd néamhdha. a níoc aithne an tighearna
feall ar a hathair déubha. gearr gur bfachuin aithmhéula
A ttigh dhé ní dheachuidh fear. ag caitheamh na ccóig naimsear
gur fhás muire nír mhithidh. cás na nuile dfhóirithin
As uille ina fíoch an croinn. gach turbaidh ata chugainn
ní bhía da mbeath mur do dhligh. leath ag día ris na daoínibh
On dílinn dia do ghábhadh. téid ochdar ar iombáthadh
do a[i exp.]gaill duaim na háirce. a bfúair againn ionpháirte
Ga beag da mealladh meise. as é an tanam mainnseisi
mar tá ar a lár atú astoigh. an chnú nach lán ar samhoil

[f. 7v] .

Tar ceann an chinidh dáona. ré haighneas ni [. . .]
ar ghuth muire ata toradh. lá  na nuile amhlo[. . .]
Ní chreidid iobhail gur beadh. maíghdean máthair an choimdead
breith oighir dé mur dearar. as doiligh é déileaghadh
Do ghabh ó ghaibríal aingiol. inntinn nach ar bheadaingion
ní derna neamhógh dhí ag dul. an rí a meadhón a máthur
Na teinnrioth ata an cruinne. coimling aice is aguinne
ní bhíam fa mhodhsain a bfad. ní fosuigh an triall tánag
Ata ar tteach gan turadh. as easbhoidh ar náitiúghadh
mé do choipchiughadh an chuil. fhroichfhliuchadh é ar manmuin
Na toruidh thuitios dfheadhuibh. na mbun bhíos an geineamhuin
sgrios na ccionta nír chás damh. gar fhás iompo na nionadh
Re híosa is ionráidh da chloinn. cló gur cuiredh na dernóinn
slóigh [na cruinne exp.] an domainsi tre dhís. do chóir thoruibhsi théighdís
Déis na croiche dár cheannuigh sinn. do chúaidh síos ar creich ifrinn
ar réirne do roighne sibh. a coimdhe ar neirghe at aghuidh
Ainic mé a mheic na hóighe. cách leat an lá tionóile
madh áil meisi na meadhuigh. dot láimh dheisi a dhúileamhuin
Da mbeirsi ag búain do thighe. dhinn a ndeiredh maimsire
do bhádur daoíne atá astigh. lá na haoíne got toighidh
Do bhreath féin ní fulair dhuit. a thigerna ata thearuic
do ní mé don óigh aíghne. cóir a dhé da ndéarnoimne
A spiorat náomh náomhdha an bhail. ad mac tú agus tú at athaiR

[f. 8r] .

[. . .] a ttri rannoibh. ni bhi an cnú na cotchannuibh
[. . .]a na ttri slogh. do bhí nir bheag dar niompódh
an tan do fromhadh a fhuil. an domhan na charn críonuigh
A núair agra na daoíne. muire ag meas a míghníomha
mór dochar na ccló a coímdhe. mó sochar ar seathoirne
Cóig cneadha nár choisgedh fuil. go ló an bráith biaidh oruibh
dáil do chrú ní hé áirmhe. achd tú a dhé nar ndeaghaidhne
Rabhadh ó rí na cruinne. déis a chéile chugainne
taisi nar ccroidhe nír chuir. thaise ár oile ar ar naghaidh
Da bfaghthar lá a leicthi amach. na cionta nír choir dfolach
go nochduimne dhíbh na dáigh. sídh ar ar nolcaibhne dfhagháil
A ndeachuidh úaidh aitreach lais. lá an brath ní bhiam na héagmais
na daoíne a ndóigh a númhla. do fhóir naoídhe nasárdha
Sealbh párrthuis port na naingiol. fúair síad fa sealbh éadaingean
bean fa deara a ndíoghuil. fear eabha do haitrioghadh
Ceard liosda do leigedh dhamh. fada ó nach bfhúarus ceangal
ní sguir éan achd mar oilter. ní he don chuin ceangailter
Ata ag an cheárd do com neamh. flaithius ar nach bfuil deiredh
ní fhuil is ní fhaghaim ann. amuigh taghaill achd tamall
Marbadh na míle leanabh. téid íosa ga naithneaghadh
mur inniol ar úan muire. trúagh milliodh na macruidhe
Fúair día mar dháil a fhuil. domlas aoí tre fhíon arsuidh

[f. 8v] .

maisi fá deara an deoch shearbh. ga bud d[. . .]
Do bhádur iodhail iomdha. láimh ré leaba an tighiorn[.]
do feithedh an lía fár luidh. snír bfheitheamh ar dhía a d[. . .]
Gan tarbha [ar exp.] a thagra rut. olc sinn ag siubhal chugat
gan bheith ag fleidh nimhe as nair. leibh gach a ndlighe a domnáin

//OLC AN//