ISOS logo
en

The Book of the O'Conor Don

The Book of the O'Conor Don

[f. 5v4] .

Leighios an bheatha bás dé. ar mbheatha na bhás do bhaoí
geall re beathuidh bás mur é. grás dé ní dheachuidh fa dhlaoí
Crú an ochda do ainic íad. na naghaidh ge sompla súd
ní dheachaidh grás thoighir déag. créd ar ccás san oighidh úd
Mó as domhain do chóidh a ccríaidh. ar ccobhair lé tóir an taoíbh
seachd troighe dot toígre anúaidh. doimne do chúaidh goire ar ngaoíl
Doigh oile da ndeachadh dhíom. brón ar seathar linne as lór
ar ccoimhdhine andath a dér. sgath a mbél oirbhire anógh
A grás thoígre dlighim dóigh. gé leighius don coimdhe cháidh
tiugfa fúaire a thoile um thaoíbh. úaidhe na ngaoíbh goile gráidh
Gé domhain an crannsa ad chígh. dhámhsa ní docair do réir
do chúaidh do rótoile am thaoíbh. tar ghaoíbh cró na croidhe céim
In fhuil nach bfhúarus a lúach. do ghuin as úamhan gan fháth
ni guin croidhe dhít búdh díoth. ní fríoth trít achd cuid do cách
A nógh léar ceiledh do cheart. as lór do leigheas mo lochd
déirge na ndeoradh ós tfhiort. do fheóghadh sliochd tfhéirge ort
An díol cóir ní faghtar úain. do cóir as cosmhail gur shín
déanadh tú éigion madh ail. ní héidior cáir a ccrú an chígh

[f. 6r] .

[. . .]gion diot. at aghaidh ge eirgedh síad
[. . .]nta íoc oile atéag. dhíot masa thréad oile íad
Long easbhádhach inn gach iúl. nár fhill ó mherughadh mhór
brisedh síodha dá ttí um tháobh. sáor ar ndíona búdh hí an ógh
Mór ccríoch a súirge réam shíar. nach bfríoth achd lé fuighlibh rúin
do reac aingeal feis ré hóigh. nír dhóigh leis nár daingean dhúin
Da mbeith go ttuillinn gan triall. san teach fa bfuilim go fúar
meinic ag tochda go teagh ríogh. fear búdh díol a optha úadh
Ar mbúainne rear mbrathair féin. a áluidh úaisle do fhúaigh
do shín doilghe tinne an taoíbh. girre gaoíl a hoíghre úain
Fiú a hóighe mar féuchadh dhi. ar ccóirne do léigedh lé
teach idir ríoghain is rí. ni bhí a leath ag dioghail dé
An fhuilsin do fhúasgail cách. dúaisle na fola na féch
cionnus do roíghne sé síoth. díoth thoígre más é do fhéch
Síol da bfuighter cobhair cháigh. domhain do chuiris a ccríaidh
an dearg do rinneabhair róin. cóir míneaghadh dealg na dhíaigh
Báoghal go bfoghtar ar bfhaill. ón torcur lear sáoradh sinn
mairg dhuit do ragha do roinn. do chuid chroinn da bfagha inn
Deoch domluis nár dhlighis dól. do ibhis dar ccomhda a gcúan
beag lé ar síair a nibhe dfhíon. síodh a ndiaigh na dighe as dúal
Crú an ochda da chur a ccruth. nach omhan a thochda asteacch
do bhéaradh tferg eól amach. sgath dealg na beól muna bhedh

[f. 6v] .

Nir bfiú a fhine a ndeárna dhóibh. cru croide as [. . .]
gé lór doímhne cneidhe an chígh. reimhe do chím coi[. . .]
Ar ttochd dar ccoimhdhine a cclí. a oirbhire ag dol fa dhlaoi
do luidh cóir ar leinbne lé. do chóigh ré na feirge faoí
Más lá dealuighthe lá an lúain. inar ndeaghaidhne atá tóir
a bfuil do mhoille mná um shíair. bíaidh lá na coinne san chóir
Mac óighe nach mac do mhnaoí. ar ccóirne da chur a cclí
ní mac fíre don óigh é. cóir dhé no go síne sí
Ni neimhnighe nimh an taoíbh. deirgighter libh ann gach láimh
domhuin do cuiredh san chígh. fuigheal shíl do chobhair cháigh
Da mbeith agra um chionn fan ccíogh. bean da tagra liom as lór
cuimhnigh da ttí thar an táobh. gur dáor do fhuilngidh í an ógh
Nír dhúal téimhdheadh doígre dé. ní fuighthe éanbhean mur taoí
faghtar go maith ar óigh é. cóir dhé mun ar mhaith do mhnaoí
Guin deilge leat ann gach láimh. mur sheilbh ar mo theachd a ttír
do chongaimh tú toil an gaoíl. don taoíbh astoigh do crú an chígh
Géar ghnáth le cách romhuibh ríamh. na mná don chonair do chlódh
da luchd iomuidh do bhean búaidh. an fear do bhúail iomuibh ógh
Díon magra do bfhiú mo shiúr. gan tagra fa do chrú do chím
ní thug tú a naisgidh don óigh. do chóir ar bfaigsin crú an chígh
Achd thoígre a ndeacra fár ndíon. nír leaba oircheas an úagh
beag lé do chodail an chíogh. ar síodh do thogaibh sé súan

[f. 7r] .

[. . .]a ad díaigh. do cheannchomur séala ar síodh
[. . .] a bosaibh óighe ar thúaigh. úain fá chosaibh cóire in chíogh