ISOS logo
en

The Book of the O'Conor Don

The Book of the O'Conor Don

[f. 3v] .

Lóchrann soillsi ag síol ádhaimh. na[. . .]
nocha attéid ar neamh anonn. an mhéid nach lean [. . .]
Rí choinniol an beatha bí. mac dé athar an tairdri
cúis toirrse na ttrí muire. rí na soillse suthuini
Slánaightheóir na sé líne. áon mharcach na hairdrighe
na naoí míosa do bhí a mbroinn. do búdh rí íosa oroinn
Do bhaoí na ceann cúis omhoin. an rí don freimh íodhaloigh
gur a[i exp.]gaill día na daoíne. cia againn do biontaoíbhe
Tiocfa an breitheamh do bhaisd eóin. la coinne shléibhe sióin
slúagh nimhe gurab díbh dhamh. da fhine dhínn da ndérntur
Síol adhaim déis a chéile. leanuid lorg na ceadfhréimhe
ge atáid a fhréamha ar bfeall air. níor bfearr eabha ar nathair
Atáid  créuchda ar a chíogh ndeis. nach bfaghtur líaigh a leigheis
a leith a fheirge asedh atá. nach déirge an cnedh a cead lá
Beith umhal ní hionmhuin libh. a chlann úaibhrec de dhúiligh
san cháisg ní mó bur méanma. na ló tháisg bur ttigheárna
A críaigh ar tús tainic sinn. an úir chéadna is lé luidhim
mo chur fan lía an lá bhus áil. ag día atá agus mo thogbháil
A mhuire ógh nar áomh cion. mac dílios duit an dúiliomh
ní mac tabhartha dheit día. a bhanaltra meic maría
Faghail mná do muin suirge. trom dfior más í a comhairle
cor gan chomhairle na ceann. ródhoilge an col ar coingioll

[f. 4r] .

[. . .]tnig dhamh. achd ceachdar díobh do dhéanamh
[. . .] bhean chuil da cheannach. nó cuir a fhear daithearrach
Do cluin íosa a nabroim ris. tuigsin cháich ní théid thairis
fearr do chí na do chím féin. gach ní do ním da neimhréir
Más éigin damh a dhúilimh. faicsin ifreinn iomthnúidhigh
gan úamhain ní bhear san brugh. teagh an úabhair teagh talmhun
An teagh ard a bhfuile féin. múin damh céimeanna an chaisléin
ní soiléir lé fear fallsa. teagh soileim an sáoghalsa
Mo chean téid don tigh néamhdha. mairg tréigeas a thigerna
mairg atá ré teagh cuiridh. do fhleadh an lá locfuidhir
On ló do cailledh do cháin. cúis dod réir a rí an domhnáin
do bhean cert dhíot an duine. do teachd tríot do thrócaire
Nír bhiongnad déis do ghonta. sinn deagcaoíne thumhlachda
ar mbúain ré gonaibh gera. do bhúail oraibh aithmhéula
Silfidh do chréachda a dhé dhúinn. bíaidh an cros derg réd ghúaluinn
bíaidh na sgáth ar mhuire mhóir. do ghuidhe a ttráth an tionóil
Laibheóraigh íosa ann sain. eisdfid cách is cúis omhain
día rinn sa lúan ag lábra. nach trúagh inn gan urlábra
Na leig oram aithfer do chnedh. a cros chréachdach an choimdhedh
a dhé dar cros an coimdhe. mé a chros ar do comairge
Go ttí mitche na ionadh. lá  dibhfheirge an dúiliomhan
dot cuid ranna go rúa sinn. a úa anna agus íachim

[f. 4v] .

Ar chairdeas na ar lúach leasa. mairg [. . .]
tagra as a nuchd is onna. luchd agra na héagcóra.
Ata an chruinne dom chur dhi. mar teid bláth tre bharr c[ra]oi[bhe]
as mó riot atám tríthe. an bioth as clár coigcríche
Beith anainbfhios mheic muire. olc an fhaghail trócuiRe
dul attuigsin nár dhúal damh. trúagh an chuidsin dom crábhadh
Teaguid [eras.] chugaibh céim tar ais. adéar rí phuirt pharrthais
bhar lochda dho chara ar ccúl. docra na bfala diompúdh
Rath dhéignibh an mhara moill. anúas tig da ttí ar abhoinn. ni thoir aníos [marg.: achd do nimh. a bfoil thio[s] dona tort[ibh]]
Gáol na ndaoíne día do mhóid. maith do comhuill tú a trionóid. cuimne an ghaoíl [marg.: a rí rutsa. ni bhí ag do chaoír charads[a]]
Tuguis ar cheann do chloinne. fuil croidhe as clár ndernoinne.
ceannach ananma a dhé dheit. ga tharbha asé da aithreic
Do bhaoí oruibh déis tfholaigh. coiméd don fhéin íodhalaigh
an [s exp.]leac fár bhéigin dheit dol. fan leic nír bhféidir tfhosdadh
Dot rochdain a rí neamhdha. da mbeinn fa choing ccreideamhna
tríd an sgél bádh losgadh linn. trosgadh na [eras. n]déar ní dhlighfinn
Cuir ionnam inntinn tshíodha. tabhair fuinn fúath míghníomha
seachain mé ar chol a choímdhe. logh a dhé da ndéanoimne
Congnamh do chosg na nimhe. cuing urnaighthe is aithríghe
cú chonfaidh an chalann chuil. gabham orthain na haghuidh
IOnmhuin dó a dhaoíne féine. díoth leis a luchd míréire
éag buíghne nach bía da réir. duilghe lé día adhéibhléin

[f. 5r] .

[. . .]c fa nimh. deis a eadála dáirimh
[. . .]maidh do rígh na ríogh. achd deachmaidh mhír na míghníomh
Fheach a dhuine an déine ar chill. a nam fhaghala an aifrinn
má do ní cionnta ar cheallaibh. na bí ionnta ag aifrionnuibh
Na léig úait am na guidhe. do grádh súain nó sághaile
móide do lúagh ann éirghe. madh fúar am na heirmhéirghe
Da dhúil gan diall re chéile. do ní día ar áit einfhréimhe
do ní deilbh fa deilbh chumais. do ní da feidm nionannuis
Do ní tráigh do thuinn leabhair. do ní aigéan dinnsedhaibh
do ní an rí úir dá gach fer. do ní gach dúil fa dheiredh
Ionann tig agus téid uainn. maith bhreige an beatha diombhúain
ní fhuil achd cioth san cruinne. gach ní na rioth romhuinne
Nír tugadh daithne ar íosa. a néaruic [ar exp.] a airdchíosa
cnúas na hábhla daithne dhó. dámhna chaithmhe don céadló
Muire máthair na soillsi. baincheann ban an domhoinsi
mé ar ionchoibh úain a hochda. truaill iomchoir na hóghochda
Abhall beannaighthe an bhláth ghil. cathaoír deargóir an dúilimh
folt cas na doire dhúalach. muire as nír bhanúalach
Soillsi é na gach aingeal. míchél aingeal árchaingeal
[omission] fóghluidh a dhé dho. dom anmuin is é is ullmho
Do cheannaidh sé an tsoillsi shíor. sa chuid dimpidhe an airdríogh
bheith do réir eóin go heólach. is céim eóil don aineólach

[f. 5v] .

Go bfaghar dul ina dáil. soillsi an rightig[. . .]
beir sinn ó ghearghuin an gha. a éarluim do linn lothra.

LOCHRANN