ISOS logo
en

The Book of the O'Conor Don

The Book of the O'Conor Don

[f. 1r] . [. . . . . .]arnard an tab naomhtha
ar a[. . .] ro fhoirfe. o do chuiris do caomhna
A[. . .]r do triallobhair. madh ail a dhul a ttarbha
ata oirbh do riachdanus. dha ni nach ttigter tharsa
[.]n cead ni as cuis ro ghuaisi. coimhéid thu fein go seasmach
on uile ni soghluaisde. sáoghalta bhíos gud mhealladh
Ar mhodh nach bíadh aguibhsi. cúram fa ní don tshaogal
acht mur neithe fabhairsi. snach beidis ann ar aonchor
An dara ni as tionnsganta. madh ail an rioghdhacht suthuin
tu do dheanamh iodhbharta. dhíot fein don tí rod cruthaigh
Ar an modh go ttroidfithea. do ghniomh is do bhriathibh
ris gach ni nach croidfithea. do thaitneamh ris an triathfhlaith
An céad ní réd dhíthchiollsa. dogheubha thu ar an modhsa
ar tús tú fein dísliughadh. madh ad mac riogh no modhadh
agá mheas gud dhísbeagadh. nach adh fiu ní san domhan
Achd gidhedh na measuidhsi. cach oile leis an cceadhfuidh
achd meas a bheith beannuighthe. an ti as measa gud tfheachuin
Ag cách oile seachuibhsi. gach ni ad chluinfe sdo chífe
nach ó mhaith na measuidhsi. adeirter as do nithear
[. . .] go bfaicthi a aithearrach. don naduir bhíos ag claonadh
[. . .] ní hannamh raimhealladh. ar an mbaramhuil ndaonna
[.]ug thaire nach miothaitne. ré duine ar druim na talman
choidhche luchd bur bfíor chaidribh. biodh uile lán dod tannsachd
[.]é duine da choibhneasa. na tarr ort fein gud mholadh

[f. 1v] . achd gumadh mó tfoilcheasa. ar d[. . .]
Ar neach geamadh michreidmec. go b[ra]th go t[. . .]
geamadh follus fírinnec. an ní adéartha na agh[u]i[. . .]
Achd amháin ad tfhaoísidin. is sin féin ré húair néigin
nochdadh thuilc go saoílfidhe. ar mhodh oile nár éidir
Na glac mar chúis roimeanma. da ccluineadh olc do bhíodhbadh
eisdidh níosa thoileamhla. moladh cáigh ina a nionnlach
Bíodh do chomhrádh deighchiallaidh. fírinneach annamh, trathach
lán do shuim a mbeigbriathruibh. sag teachd tar dhía go gnátach
Da rab neach don domhnánsa. ag teachd ribh ar ní ndiomha[o]ín
gearrtar libh a chomhrádhsan. ag teachd ar bheathaidh bfíornaoimh
Ní ar domhan da tteigeómha. dhaoíbh féin nó da bur ccoíbhneas
madh áil bheith ar deigh[sligh cancelled]eólus. na bíodh ort ina dhoílgheas
Gemadh damhna doimeadhra. narab móide do maoithcheas
gemadh ádhbur soimeanma. na bíodh ort na aoíbhneas
Deantar úaibh gan iongantus. thuile dhiothchioll ó úmhlachd
do cum beith go friochnamach. fad leas féine do shunnradh
Achd do dhéanamh fíortharbha. mas eidir libh na labhair
seachoin bheith ag síorlábra. ór is fearr tó na labhairt
Labhairt gan chás ndoirbhéigin. ní mholfuinn daoíbh go gnát[. . .]
ó nóin a ndíaigh coimpléide. go deóigh naifrinn amára[. . .]
Ní ar nach bíadh bhur rathaiteamh. ag cách oile da bfhionna
féach ort féin go hamhuirsech. an mbíadh a leithéid ionnad

[f. 2r] . [. . . . . .]fad úait aga sgriossan
Dá [. . .] in bar samhuilsi. éinní maith fós nach tarruis
t[a]rruing ort, na cagailsi. bheith formadach san ccassoin
bíaidh gach einní aguibhsi. mar sin na sgathán ccrabhuidh
Da mhéid cúis da ccluinfisi. na heagnuigh geamadh ciontach
leighios uilc le tfúighlibhsi. muna shaoíle go ndhiongna
Madh áil gan bar néibhliughadh. na diult, na derbh lé déine
do dhiúltadh sdo dhéimhniughadh. bíod na ccunntabhairt chéillidh
Seachuin gáire gháireatta. da mbeath go bfuighthea fachan
ar úairibh ag fáilteachadh. déana faiphteadh beag annamh
An céadní gan chonntabhairt. do ghéabhae mar adubhort
san dara ní adubhramor. do ghéabha tú ar an modhsa
Déantar uaibh gach áontratha. thurnuidhe a naimsir dhlighthigh
snárab lór libh bél crábhadh. gan an smúainedh san ccridhe
Bíodh aguibh a ngnáthchuimhne. na tri neithe nar ndíaighne
ar tús cionnus do bhábhairsi. créad tú, agus cionnus bhíaisi
Do bhádhuis ad bhréan chúbhor. créad tú gidh mor do chéadfadh
as caoímhe bur ccreachuladh. achd soitheach lán do bhréantus
iar ccaitheamh bhar ttéarmasa. bhías ag crumhuibh mur fhéasda
Mar an ccéadna cuimhnighsi. priosún na druinge dáorthar
sa phíana ar nach cuirfidhir. críoch tré sháoghal na sáoghal
sda mbeith cách gan ródhoille. créad girre, is loighiod aoíbhnis
an ainmíana colnuidhe. tre a ttuillid bheith san daoirse
Tug aris ad mheanmainsi. glóir sa críoch ar nach ccuirthear

[f. 2v] . is loighead an derlaicthi. ar ar eidir [. . .]
is ar mhéad na roidhiomdha. orra féin arna dt[ré]ig[ean]
bhíos ar luchd a ccoilleamhna. ar ní nach feas a eifeachd
Ní bhús olc led aigneadhsa. da néirgeadh duit san sáoghal
no ar a mbíadh bar bfaitceasa. réana a leithéid do bháoghal
Annso as cóir a chumhnughadh. da mbeithea a nifrionn dhéarach
ar do chionn go sunnrádhach. go bfuightheasa an ní céadna
sgach ní oile urbhadhach. do bhíadh a naghuidh ccéadfadh
Da rabh libh ní éadalach. nó ailgios a mheic sámhla
do bheith libh da bféadthasa. smúainidh da mbeithea a bparrthus
gumadh libh gan lághdúghadh. an ní sin sgach ní oile
búdh éidir do shanntughadh. do réir thoile bhar ttoile
A bféil gach naoímh smúainidhsi. créad do fhuluing an náomhsoin
ar son ccríosd a ccrúaidhshlighthibh. scréad fuair ar son a sháothair
gairid dhó fa dhúaidheire. glóir shíorraidhe do sháothruigh
Smúain arís go gcríochnuighter. sáothar, is dóghruing na bfhíréan
sgáirdechas mór mhíothuigseach. na bpeacthach thuilleas fíréag
An céad drong gan chonntabhairt. go bhfaghuid an ghlóir shuthain
is an dara adúbhramur. a ttúarusdal ceart cubhaidh
Da mbeath go mbíadh raileisge. dod chlaoí, nó sgís ar úairibh
cuir a mheic ar thaghuidhsi. an sgribheannsa, agus smúainidh
An drong atá a ndaoírfpíanuibh. créad do bhéardais mur chomhuidh
ar an aimsir naoímhfhiadhuigh. do chaithis ar an modhsoin
A naimsir bur ttréabhlaide. smúain nach bfuil a macsamhla

[f. 3r] . [. . .]g[. . .] an droing atá a bparrthasa
S [. . .]r bar naoibhnighthi. smuain nach bfuil a mac samhla
a tteaghdhais na daoírsine. ar an bfoirinn do damnadh
Ré ndul duit a súainlighe. sgrúd go grinn, iarruidh grása
do labra do smúaintighthe. sgach a ndernuis an lása
IS cionnus do chaitheabhair. an aimsir ttoirrthigh ttarbhuigh
do dheanamh an daightreabhuigh. do toiligheadh don anmuin
Mas maith mol ó dhaighcridhe. ÍOSa criosd bhar cceann caingne
mas olc déana aithridhe. sna cuir tfhaoíside ar cairde
Ní a naghuidh bur naoímhirsi. má tharla dhaoíbh do dhéineamh
ré ndul dábur bfaoísidin. na tomhuil achd lé héigion
Dealbh tar éis gach inchreachuidh. da chathair ar do chomhair
aroile go nimreasnuibh. aroile go síoth socair
sgumadh í bhar nimdheaghail. dul ceachdar don da chonaiR
Do chum uilc dod neamhtholsa. feach créad fhéadas do cháomhna. no claonadh
nó dod chor tar dheaghobair. ní shaoílim ní san sáoghal
Coimhéid a óig a eagnuidhe. ar an nadhbursa a nabruim
is léagh gacha seachdmhuine. día máirt agus día sathuirn
Arna mheas gur choimhéduis. comhairle an abuidh eóluigh,
moluidh criosd bar ccoimeduigh. sa trócaire rod treóruigh
Ag so an tslighe as ródhaingne. madh áil dul as gach báoghal
glac a chompáin comhairle. ó bhéarnard an tab náomhtha

//GLAC//