ISOS logo
en

Edition of Text by Douglas Hyde

[N]aomhéarlamh(1) uasal oireadha ro bhí a ccríoch n-Éireand feacht n-aile dar ba comhainm Ciarán Cluana. Do bhí creidiomh maith aige don choimdhe chomhachtach.

Aon do ló d'fhógair Ciarán dá chléiricc(2) dul d'iara[i]dh tuighe chum(3) na heagluise, dia-sathrainn(4) go sonradh. Agus as riu adúbhradh sin, eadhón fria Sailmín mac Beogáin agus fria Maolán mac Náoi, óir badh lucht umhluigheachta do Dhia an dís sin go nuige a ndithchioll. Agus rinneadh fearta iomdha do Mhaolán amhuil adubhairt Ciarán an rann.

Maolan mac Naoi an cléireach
A lamh dheas dár séanadh
Dá madh aill le mac Naoi
Fearta gach naoimh do dhéanamh.

Agus fós Sailmín mac Beogáin/fa hé an fear céadna/ar chéill 7 ar chrábhadh agus ar creidiomh/é féin fós, rosbeart Ciarán an rand:

Sailmín bind mac Beogáin
Creidiomh diadha daingion
Ni h-ainchion a coland
A(5) anam as aingiol.

Gurab é sin an seachtmhadh mac do mhacaibh Beogáin Boirne, agus rob iad sin seacht sailmchialluibh Ciaráin, gurab uatha Cros na Macaoimh ar an Soininn,(6) agus Cros na Macaomh air Slighe Cluana.

Ciodh trácht ro ghluaiseadar na Cléirig ar fud na Sionna, go ráncadar go Cluain Doimh. Bhaineadar lán a ccuracháin do luachair bhuinghil bhár-ghlas ann.

Air sin do chualadar guith cluig an chléiricc a n-am easbarta Dia Domhnaig, go ndubhradar nach fágfaidis an t-ionnad sin go n-éirgeadh an lá Dia Luain ortha, agus adubhradar an laoi mar atá inar ndiaigh,

Guith cluig ad-chluinim a cCluain
Oidhche Dhomhnaig co diombuaidh
Nl imeochad ó chualadh súd
Go Luan andeghidh an Domhnaigh.

Dia Domhnaig do d[h]ealbuidh Dia neamh,
As ann do rugadh Righ na n-apstal,
Dia Domhnaig do rugadh Muire
Máthair rígh na Trócaire.

Dia Domhnaig adeirim dhe
Rugadh Eoin buadha Baiste,
Do lámh Déi san tsruith shoir
Do baisteadh é Dia Domhnaig.

Dia Domhnaig fós - as dáil dearbh -
Tug Mac Déi an bhruid a h-ifriond,
Dia Domhnaig déis an ágha
Bhéarfas Dia breith an bhrátha.

Oidhche Domhnaig, as bind lind(7)
Guith an chléiricc do chluinim,
Guith cluig ad-chluinim-se
A ndruim Diobraid ós an lind.

Guith an chluig do chluinim-se
Dom rad-sa go huain,
Guith an chluig ad chluinim-se
Dom breith-se go Cluain.

Dar do láimh-se a mhacaoimh-se
Is dar an righ(8) ro-d-chruith
As ionmhuin leam chroidhe-si
An clog is an guith.

Acht ro fhansad, na cléiricc an oidhche sin ar ghrádh ríghi an Domhnaigh gur ro fearad[h] sioc agus síor-shneachta 7 roith acus d'éiridh doishinionn 7 mór-fhearaind dóibh 7 ro éiridh gaoth 7 garbhshíon na dúilibh(9) re a-ndíth agus re a ndochar gar mairg dóibh dá raibh a ndán a ccur a ccolainn, riamh, 7 a mbeith an oidhche sin gan airighthe botha ná bélsgatha leaptha ná lán tine leo, ann. Dóigh ámh muna m-beith trócaire Déi dá n-imdhíon nach raiph an aigne dhuine acu bheith beo air na mháireach déis na hoidhche sin lena bhfuaradar d'éigen 7 d'uathbhás ó mhór-anfadh na garbhshíne sin, go nár chuimhnigheadar ar chrábhadh na caoin-léaghan do rádh ná do chantaind, ná cotla na comhshuan do dhéanamh, gur ro saobhadh a ccédfadh go ná feacadar samhuil ná baramhuil do doimhne(10) ná do dhoishininn(11) na h-oidhche sin riamh ar nimhnidhe a fuachta agus fós ar(12) fhuaire na maidne. Agus do bhádar an tráith na maidne air na mháireach go ccualadar an brónchomhrádh ciúin uirísiol éugcaointeach lán-imshíomhach ós a cciond anairde ar aill phríomhfairsing, gur foillsigheadh dóibh é, tre fertaibh a naomhthachta. Gidh mór d'olc agus d'imshníomh do fuaradar tugadar an comhrádh dá n-uige agus dá n-aire.

Agus as iad do rin an comhrádh, eadhón fiolar dar bh'ainm Léithín agus éan dá éanaibh(13) ag agallamh fria go ciúnlánach gearránach,(14) aig caoine a bhfuachta go truagh tuirseach imshníomhach, go ndubhairt an t-éan ris an bhfiolar:

'A Léithín,' ar(15) sé, 'an cuimhin leat macasamhla(16) na maidne aniugh ná na hoidhche araoir do theacht ar t'eolas roimhe-si riamh?'

'Ní cuimhin,' ar Léithín, 'go ccuala na go bhfeaca a samhail ná baramhuil di ó cruthuigheadh an domhan, agus an cuimhin leat féin nó an ccuala tú a leithéid?' air an fiolar ris an éan.

'Atáid daoine le na cuimhin,' ar an t-éan.

'Cia hiad féin?' ar an fiolar.

'Dubhchosach Binde Gulban,' ar an t-éan, 'eadhón damh diomhór dílean atá ag Bind Gulban, agus asé óglaoch as sine cuimhne da choimhshine féin a n-Eirind é.'

'Ort do chol agus do chol dhuais! dar ndóith níl a fhios sin agad-sa! Gidheadh, ciodh fada sin uaim-se, rachad dá fhéachuin an bhfaghaind scéla uadha.'

And sin gluaiseas Léithín roimhe go himéd[t]rom, agus nochar bfhéidir leis éirge go hard le neart na garbhshíne, agus ní mó fhead go hísiol le fuacht na fiodhbhuidhe agus le h-iliomad an uisge, agus gé ar dheachair do é ro ghluais, go h-iméd[t]rom in-ísiol, agus nochar(17) bhféidir le neach ar bith a fhaisnéis ná a innsin a bhfuair d'olc agus d'anró ag dul go Bind Gulbain aig iarra[idh] Dubhchosaig[h]. Agus ro fuair an damh ceand-bheag cos-luath dá thochas féin re fiodhlomán daruidhe, gur thuirrlind(18) Léithín ar bind don lomán mail[l]e ris, agus beannuigheas don damh tre a urlabhra féin, agus fiafruigheas de ar bh' é Dubhchosach é. Adubhairt an Damh gurbh'é; agus do bheart Léithín an laoi, mur atá:

Aoibhinn duit a Dhubhcosaig
Ar Bind Gulban géir
Mor sreath agus anach
Tar ar lingis léim.

Ni heagal duit cunartach(19)
Tar eis Fianna Find,
Acht sibh saoghalach seasgair
Ó gach glind go glind.

Abair liom a Dhubhchosaig
A dhaimh cind ar chaoimh,
Macasamla na maidne-se
Cuimhin(20) do rala dhibh.

[an Damh ag freagairt:]

An cheist do chuiris-se
A Léithín ghloin ghaoith
Mac samhla na maidne-se
Cuimhin rala dhiobh.(21)

'Innis dam a Dhubhchosaigh,'(22) ar Léithín, 'créad as aois duit?'

'In[n]eósad,' ar Dubhchosach, 'eadhon as cuimhin liom an [crann] darach so shios do bheith ionna darachán óg: Agus aon bhliaghain do rugadh mise a mbun na darruighe so bhí and, agus ro hoileadh mise ar an leabadh so nó gur dhamh diomhór me; gur charas an adhbhadh so tream oileamhuin uirthe; gur fhás an dair iar sin go raibh na [dhair ?] mhoir,(23) agus do thigind-se dam' ghnáth-thochas féin ria gach nóna(24) d'éis mh'aistir [agus] m'imtheachta, go bhfanaind aici fá'n n-iondbuidh sin go maidion ar na mháireach. Agus nocha ccuireadh(25) taisdiol, ná tromfhiadhach orom go soichinn an crann cétna, gur fhásamair ri aroile,(26) go ndearnaidh damh diomhór díom-sa agus lomán lom lán-chríon do'n chrand so ad-chídh-se; go bhfuil na mhaosgán mhór mhadhmtha gan bhláith gan toradh ná duillemhar aniugh iar ccathamh a rae agus a shaoghail. Ciodhtrácht do chuirios lucht chúig céad bliaghan do leath díom. Gidheadh ní fhaca agus ní chuala ris an rae sin ionnshamhuil na hoidhche araoir.'

Gluaiseas Léithín roimhe, d'iondsuighe a éan, agus ar rochtain chum baile do, adubhairt an dara héan ris, 'An bfuairis fios ná fuasgladh an sg'eil um a ndeachais?'

'Ní bfuaras,' ar Léithín, agus ro ghabh ic im-chasaoid ar an éan tre n-a bhfuair d'fuacht agus d'anró, go ndubhairt cia aige a saoilfeá a fhios d'fhagháil dam anis?' ar Léithín.

'Atá' fhios sin agam,' ar an t-éan, 'Dubhghoire, eadhon lon Chluana Ferta(27) Bearacháin.

'Maiseadh rachad d'á iondsuighe.'

Agus gér bhfada sin uaidh do ghluais roimhe nó go ráinig Cluain Ferta Bearacháin, agus ro bhí [ag](28) feithiomh na n-éanlaithe nó go ráinig leo sgur d'á n-innillt, go bfeaca Léithín aon éan bardha barr-áluinn bioth-bhuadhach dá iondsuighe go méad loin agus go ngile eala. Agus iar tteacht chum láirthig do, fiafruigheas Léithín de 'ar bh'é Dubhghoire é.'

Adubhairt-sion gur bh' é.

Ro ba iongna iar na h-insin gur bh' é, eadhon an lon do bheith gléigeal, go ndubhairt Léithín an laoi.

Cionnas sin a Dhubhghoire
Binn air do longhaire,
Minic chuiris cuardaighthe
Ar feadh fedha gormdhuille.

Ac Cluan(29) Ferta na sreabh mbán
Sire Magh Life lomlán,
Magh Life ag teacht anshoir
Go Cill-dara na dheghaidh.

As sin duit-se chum do neid
A ccill do bhennuigh Brighit,
Gairid duit léim tar gach fál
Gus an mbaile a mbí Berchán.

A Dhubhghoire innis dam
Do shaoghal iomáireamh
Macasamhla na maidne anae
An ttarthaidh tú a Dhubhghoire.

[DUBHGOIRE AG FREAGAIRT:]

Damh-sa sin badh saoghal slán
Trí cét bliadhan roimh Bearachán
Saoghal Bearachán do chaithios
Do bhíos buan a mbith-mhaithes.

A n-aon aimsir do bhí Luighidh(30) na lann
Sel na rígi ar Éirind,
Ní bhfuaras ar muir nó ar tír
Aithin na laoi(31) sin a Léithín.

'Maiseadh as í mo thoisg féin chugad-sa,' ar Léithín, 'dá fhiafruighe díot an ttárthaidh tú nó ar cuimhin leat leithéad na maidne anae do theacht ná dfaicsin riamh ar a holcas?'

'Ní cuimhin liom go bhfeaca,' ar Dubhghoire, 'ná fós baramhuil di.'

Dála Léithín do bhi go doilg[i] dobrónach óir níor liaide(32) a sgéala sin, agus gluaiseas roimhe go ráinig a nead agus na héain.

'Cá sgéala agad aniugh?' ar an t-éan.

'Nár ba soirbh ná sona dhuit-se choidhche,' ar Léithín, 'ní bhfuilid sin agam, acht mar do bhádhas ag imtheacht dam, acht amháin méad mo thuirse ó gach siubhal agus aistear dá ttig díot-sa dháanamh dam, gan a bheag ná [a] mhór dod thairbhe ná dod t[h]oice dfhághuil dam' - go dtug sidhe sanntach, sár-nimhneach d'á ghulbán chum an éin, gur fhóbair aghaidh fhoghladh agus fheólsgaoilte(33) do dhénamh de, le h-aingideacht ó na bhfuair d'olc agus d'annró, ag dul go Cilldara, - gur sgréach an t-éan os ard go trom tuirseach éagcaointeach; go ndubhairt Léithín air sin.

'As truagh agus as doilg liom má atá a fhios a n-Éirind ag aon duine, gar a fhios agam fein.'

'Maiseadh go deimhin atá,' ar an t-éan ag Goll Easa-ruadh, agus ainm eile dó Éigne Átha Seannaigh; agus is dearbh go bhfuil a fhios sud aige ma tá san domhan a fhios.'

'Deacair liom imtheacht ar t'eolas,' ar Léithín, 'agus(34) ro ba mhaith liom a fhios sud d'fagháil.'

Gidheadh ro ghluais roimhe agus níor thúirling(35) go ráinig Easruadh Mac Modhuirn, gur ghabh ag breithniughadh agus ag mion-fhéachain na hEasa uaidh, go bhfeaca an t-éigne ag innilt for san áth, gur bheannaidh dó, go ndubhairt 'sádhail sin a Ghoill, ní h-ionnan sibh agus sinne, óir ní hionand galar dúinn, agus adubhairt an laoi.

[Léithín]

Sádhail sin a Ghoill go ngráin
Mó(36) sruith a ndeachais na dáil,
Ni hionand sibh agus sinne
Siubhalach orm dá indsin.

As chugad tánag óm' thig
A Ghoill Easaruadh rómhaig,(37)
Cáidhe do chuimhne go ccionn
No cáidhe h'aois re h-áireamh?

[GOLL AG FREAGAIRT]

Mo chuimhne, as fada soin
Nocha hurasa a h-áiriomh,
Ní bhfuil ar talamh na a ttor(38)
Neach amhla acht mé am' aonar.

As cuimhin liom, ní cuimhne gearr,(39)
Ceatha(40) diothchuir na díleand.
Ceathrar ban is ceathrar fear
Ro bhí ionna ndiaig san domhan.

Cuimhne liom Pattruig na(41) bpeann
Do theacht a ttír n-Éireand
Is Fir Bolg, feardha an dáil,
Do theacht ó'n nGréig da gabháil.

Fiondtainn as fíorchuimhne liom
Do theacht sa tír-se láimh liom,(42)
Ceathrar fear lucht a loinge
Sa ccoimhlíon do bhanchoire.

Cuimhne liom Parrthalán cáin
Do ghabháil ríghe ar Olltuibh,
Cuimhin liom seal roimhe sin
Glas mac Aimbithe a n-Eamhuin.

Tarla mé maidionn nár mhín
Ar an abhainn-se a Léithín,
Ní bfuaras maidiond mar sin
Riamh roimpe ná na deghaidh.

Do rugus léim anairde
Fa ceannaibh mo chruadh-chairrge,
Sul do thúrnas dam thig
Do bhí an lind na lic oidhridh.

Rug orm an fiolar os tír
Sídhe anfadhach ainmhín,
Do rug leis mo rosg gorm-ghlan
Damh-sa níor shoirbh an saoghal.

'Maiseadh así mo thoisg féin chugad,' ar Léithín, 'dá fhiafruighe díot an cuimhin leat leithéad na maidne anae?'

'Do chonarc go dearbh,' ar Goll, 'as cuimhin liom teacht na dílinde, agus as cuimhin liom teacht Parrtholáin 7 Fionntaind, 7 chlanna Neimheadh 7 Firbolg 7 Tuatha Dé Danann(43) agus Foghmoraigh agus maca Míleadh 7 Páttruic mac Alphruind, agus as cuimhin liom gur chuir Éire na diormadh sin di, agus is cuimhin liom maidionn badh mheasa ná'n mhaidion sin, agus maidionn eile a n-éagmus an mhór-cheatha dár' thuit an Dílend. Agus níor fhág an díle acht aon cheathrar amháin fear agus ceathrar ban, eadhon Noe mac Láimhfhiadhach 7 a bhean 7 Sem Cam agus Japhet a thriúr ban: gurob iad sin lucht na h-airce go deimhin.

Agus ní áirmhionn duine ná canóinn gur fhág Dia duine ar domhan gan díothughadh acht an t-ochtar sin. Gidheadh áirmhid eoluigh[h] go fírinneach gur fhág Dia cethrar oile ag coméud eoil agus cineoil agus ag gabháil geinealaigh comhchoitchiond, óir níor bh'áil le Dia sgéla na ndaoine do dhithchealadh, agus ro fhág Fiontainn mac Láimhfhiadhach re fuineadh na gréine teas, ag coiméad feasa iarthair an domhuin, agus fós Friomsa Furdhachta ag coiméad tighernais an tuaisgirt, agus an fáidh agus an t-easbadh,(44) ag deaghordughadh an deisgirt, agus asiad sin do bhí beo a n-éagmuis na h-airce, gur cuimhin liom-sa an lucht sin uile, a Léithín,' ar Goll, 'agus ní fheaca samhuil na maidne sin ar a h-olcas acht aon maidiond amháin badh mheasa 'ná'n mhaidionn sin a deire-si, agus 'ná gach maidiond d'á ttáinig riamh roimpe: eadhon lá n-aon dá rabhas-[s]a ar an lind-si, go bhfeaca eitiolachán(45) niamh-dhathach ball-chorcra os mo chiond anairde, gur lingeas dá ionnsuighe, agus sul thúirling mé do rinne(46) aoin-leic oidhridh don lind uile, tar mh'éis,(47) gur ro chongaidh me for san oidhridh sin, go ttáinig an fiolar dom'(48) ionnsuidhe ar mo fhaicsin do, go ttug sidhe sanntach sár-nimhneach orm, gur bhain súil(49) as mo cheann. Agus ro badh do m' thruime nár fhéad mé thógbháil, gur theilg an tsúil fá'n lind, agus ro chuireamar araon sparuind re chéile gur bhriseamair an t-oidhridh le spreoighiocht(50) na sparuinne sin, agus le hiliomad na fola fiann-ruadh ag teibiorsan óm' shúil-se, gur briseadh an oidhridh de sin, go ndeachas-a fá'n lind ar éigin, gur chailleas mar sin mo shúil, agus as dearbh a Léithín,' ar Goll, 'gur b' í sin aon mhaidion as measa go mór da bhfeacas-a riamh, occus as measa 'ná an mhaidiond sin adeir tusa.

Dála na ccléireach do chomharlighedar re chéile go bhfanfaidis re sgéala do bhreith ortha. Gidheadh fuaradar an oiread san d'olc agus d'annró d'fhuacht agus d'imshníomh an oidhche sin nar fheadadar fullang re fuireach. Agus adubhairt Maolán an cláireach, 'guidhim féin an Coimhdhe comhachtach agus an Tríonóid toghuidhe go ttig an fiolar, eadhon Léithín, leis an sgéal do geabh, go Cluain, da innsin do Chiarán.'

Dála Ghoill, air sin ro fhiafruig do Léithín cia chu[i]r ag iarraidh na sgéal sin é.

'An dara h-éan do m'éanaibh féin.'

'As truagh sin,' ar Goll, 'as mó gur sine é sin ná tusa 7 'ná mise leis. Agus ag sin an tí bhain mo shúil asam-sa, agus da ma[dh] áill leis na sgéala d'innsin duit-se as dó badh usa e, agus(51) asé sin an sean-phréachán Eachlach.(52) Acus ro mhaoluighedar a ingne le h-ársuigheacht, gurab é as beatha dho ó chuaidh a lúith 7 a lámhach agus a shaláthar féin as, eadhon bheith ó gach neid go chéile ag múcha[dh] agus ag marbhadh ealta gacha héin, agus agá ttumailt. Agus dá bhrígh sin ní bhéara tusa beo ar h'éanuibh féin. Agus a charuid ghrádhach as fearr do chonarc riamh, da mbeireadh(53) tusa beo air, dhul tar ais cuimhnigh ar imir sé ort, agus díoghail na héain agus t'aisdior agus do thuras air, agus fós cuimhnigh mo shúil do dhíoghail air.'

Ceileabhras Léithín do Gholl 7 gluaisios roimhe a bhfrithin na conaire cétna, in a réimib ro luatha, óir badh deimhin leis ná béaradh beo ar a éanaibh ná ar [a] adhbhadh.

Agus ro bhí adhbhar na hegla sin aige, óir ní bhfuair acht áit na neide, ar díth a éan, ar n-a n-ithedh do'n phréachán Eachlach. Go nach fuair Léithín do tharbha a thosga acht easbadh a éan. Agus ro imthig an sean-phréachán Eachlach d'éis na foghla sin do dhénamh go nár rug Léithín air. Agus ní mo do fheidir cá conaire ina ndeachaid.

Nídh eile fós, do b'éigin do [Léithín] dul gach Luan tre ghuidhe an chléiricc go Cluain. Do(54) chuaidh an Fiolar ar bind mhór chluig-tighe Chluana, gur fhoillsigh é féin don Naomh éarlamh, eadhon Ciarán, go raibh ag fiafruighe sgéala dhe. Agus adubhairt Léithín gur(55) dhoilge leis 'ná sin an imtheacht 7 a dheacair fein.

Annsin adubhairt Ciarán go ttiubhradh logha agus sochar a sgealuigheachta do, edhon gach uain do h-inneosdaoi a eachtra dá madh doisoineann nó fearthaind díomhór do bhiadh an tan sin ann, a thurnamh a soininn agus a so-aimsir.

Agus adubhairt Léithín gur ro thuigeadh do nach iat na h-éain ná an adhbhadh do gheabhadh uadha, agus ó nach iat, gur mhaith leis gan a thuras na [a] aistear do dhul a n-aisge. Agus innisios Léithín a imthechta ó thus go deireadh,(56) amhuil adubhramair reomhaind. Gonab í sin Eachtra Léithín, go nuige sin.

CRÍOCH.

[NOTES]

(1) A large space is left blank in my MS. for the initial N.

(2) Thus my MS.; all the others read 'da chleireach.'

(3) MSS., 'chuin.'

(4) 24 A. E. omits from 'dul' to 'sathairn.'

(5) E. V. 5 correctly inserts this 'A,' absent in my MS., and in Micheal Longan's.

(6) All the MSS. read 'Soininn.'

(7) Thus my MS.; the other MSS. read 'binn binn' or 'bind bind'.

(8) 'Rige' or 'righe' in MS. Only 24 A 3 reads 'righ.'

(9) All the other MSS. except mine read 'na firmaimente.'

(10) All the MSS. read 'doimhne' except mine, which reads 'doimhand.'

(11) E. V. 5, omits last five words, and MS. reads generally 'air.'

(12) My MS. reads generally, but not always, 'air' for 'ar.' I have changed it to 'ar' throughout.

(13) 23, G, 20, and 23, P, 18 read 'aenda aeinibh'.

(14) 24, A, 3 omits these adjectives.

(15) 'Air' in MS. I have changed to 'ar' in all cases.

(16) 'Leitheid' 23, G, 20.

(17) 'Noch air,' MSS.

(18) Thus my MS.; all the other MSS. read 'túrn' except 23, G, 20, which is not clear.

(19) My MS. and O Longan's, 23, G, 20, and E. V. 5 read 'cuanartach', 24, B, 12, reads as in text.

(20) Thus my MS.; the others read 'cuin,' perhaps 'cathain,' 'when.'

(21) All the MSS. read thus, senselessly, which shows they are descended from the same recension, the original scribe of which wrote this line twice by mistake.

(22) Dubhchosach and Dubhcosaig MSS.

(23) All the MSS. read 'go raibh na mhóir,' but this locution seems strange.

(24) My MS. reads 'neóna.'

(25) My MS. and 23, P. 18, read 'a ccuireadh. Neither reading is clear.

(26) Ria ar oile, MSS.

(27) E. V. 5 reads 'Chuan Feasta,' so does 24 A. E. and 23, G. 20. But Cluain Sosta was probably the original reading.

(28) All the MSS. omit 'ag,' which is often omitted in folk speech, but seldom in MSS.

(29) Probably 'a cluain,' i.e. 'from Clonfert' is the right reading, but all the MSS. read as in text.

(30) Laigh, 23, G. 20; the others read as in text.

(31) Thus E. V. 5 and 24, A 3. My MS. reads 'laoidhe.' The 'a' is omitted in my MS. and another. The correct reading was probably 'aithin na laoi-se a Léithín.'

(32) Thus 23, G. 20. My MS. reads 'liaidhe.'

(33) So all the MSS. read. Some do not aspirate the f of feólsgaoilte.

(34) Even in modern Irish one often finds 'agus' written where one would rather expect 'acht.'

(35) All the MSS. except mine read ' thúrn-'.

(36) This is a dialectic Munster form of 'iomdha.'

(37) So in E. V. 5, but 'ró mhoig' in my MS., and 23, P. 18, and in 23, G. 20. 'rónach,' i.e. 'full of seals,' is the adjective applied to Assaroe in the old poem of the Hawk of Achill. This may be a corruption of it.

(38) 'Na a ttor,' E. V. 5. The other MSS. omit the 'a.'

(39) MSS. 'géar,' but this does not rhyme with 'díleann.'

(40) 'Catha' MSS. But this is evidently incorrect, for the prose reproduces the word 'ceatha' which makes sense.

(41) The 'na' added from E. V. 5 and 23, A, 3.

(42) Thus in the other MSS. My MS. reads 'bhláith úir.'

(43) All the MSS. read 'deanainn' or 'deanaind.'

(44) So in my MS. 24, A, 3 reads 'an tseab-', 23, G. 20 reads easb, perhaps 'easbal' or 'easbog' is the right reading. The name of the faidh has evidently dropped out.

(45) 23, G. 20 reads 'eitiolán.'

(46) In modern Irish, especially in parts of Munster, this 'rinne' has a passive sense as here, i.e. 'was made,' 'turned into,' or 'became.'

(47) MSS. read 'tairmhéis.'

(48) MSS. read 'dam.'

(49) O Longan and 23, P. 18, contract this word thus (.)

(50) 23, 9, 20 reads 'spreóingeacht' so far as I can decipher it. 24, A 3 and E. V. 5 read 'spreónghiocht.' 23, P. 18, reads as in text.

(51) 'As' MS. (?) 'mbreireadh' read 'de mbeire tusa beó air,' all MSS.

(52) Recte 'Acla.'

(53) 'Da mbreireadh (sic) ortsa beó' my MS.

(54) MSS. read ' mar,' which seems awkward.

(55) One would expect 'nár,' or else to read 'gur dhoilge leis sin "na" a imtheacht, etc., féin'.

(56) All the MSS. except mine add here the words 'gur sgribomur mar a fuaramar reómhainn iad acht muna ndearnamar focal dearmaid.'