ISOS logo
en

MS 3 (Cín Lae Uí Mhealláin)

MS 3

Cín Lae Uí Mhealláin

© Breandán Ó Conchúir 2012

17ú haois. Páipéar. 18.5 × 14 cm. Lgh 44, uimhrithe le peann luaidhe ag l.d. ar na himill íochtair. Gan ainm scríobhaí ná dáta, ach dob é tuairim Thorna (Analecta Hibernica 3 (1931) 1) gurbh é an tAthair Toirdhealbhach ÓMealláin, OFM, ón mBreantur i dTír Eoghain a scríobh, 1641-7.

Gan chlúdach; bileoga scaoilte is ea lgh 1-30 agus 43-4; lgh caillte ó dheireadh na LSe agus b'fhéidir óna tosach; sál bileoige idir lgh 34 agus 35; 18, 21, 19, 20, 22, an t-ord ba chóir ar lgh 18-22. Imill na lch caite creimthe agus an cúinne uachtair laistigh imithe den bhileog thosaigh, ionas go bhfuil beagán téacsa caillte ó lgh 1-2; rian fliche ar chuid de na lgh agus an dúch ag teacht aniar tríd an bpáipéar thall is abhus. Páipéar trédhearcach agus fillteán cairtchláir timpeall ar an LS, atá istigh i mbosca ar a bhfuil scríofa: (a) 'lsgr OMurchadha III' (le peann luaidhe); (b) toisí na LSe (le peann luaidhe); (c) 'Professor T. O'Donoghue, University College, Cork' (clóscríofa); uimhir na LSe ar chúl an bhosca.

I seilbh an Tiarna ÓNéill i lár an 19ú haois (féach BL Eg. 131, art. 22, BM Cat. II, 152; agus Torna, loc. cit.); George Petrie, is cosúil, a chuir go dtí ÓNéill í (féach Ir. Penny Jn. 1 (1841) 218, mar a ndeir P[etrie] go raibh 'an unpublished Irish MS. Journal of the Rebellion of 1641 in our possession'). Is í a bhí ag Eoghan ÓComhraí agus cóip aige á dhéanamh den téacs (RIA 23H7) don Acadamh Ríoga sa bhliain 1848.

lch

1 . [Cín Lae Uí Mhealláin.] Tos. [. . .] nis Capistrani tionnsgnadar na huais[ . . .] do Shasanachaib[ h] ⁊ dAlbonchuibh a mboilte puirt [ . . . ] n do g[ h] abhail a naon aoidhche amhain. Stad. go obann (lch 44.28) Tanic 3 mile saighdeoir ón Parlmeint inath c. anaghaidh Laig[ h] neach +\ each[\el]. An téacs in eagar ag T. ÓDonnchadha (Torna), Analecta Hibernica 3 (1931) 1-61; sid é an cur síos atá aige air: 'Isé earradh atá ann ná tuairisg ar an gcogadh i gCúige Uladh agus i gCúige Laighean, fé Sir Feidhlim ÓNéill, agus fé Eoghan Ruadh ó bhliain a 1641 go dtí 1647. Do ceapadh é i bhfuirm Cín lae'.

© Breandán Ó Conchúir 2012