Catalogue of Irish Manuscripts in NATIONAL UNIVERSITY OF IRELAND, MAYNOOTH

C 88

FILÍOCHT SEANCHAIS AGUS CRÁBHAIDH
LS EOGHAIN UÍ CHAOIMH

18ú haois. Páipéar, 11.4" x 7.3". 18(fo. i-ix)+212 lch, le lgh bhána ar cúl, agus lgh cheangail chun tosaigh agus laistiar. Bhí na duilleoga tosaigh (i-ix) gan uimhriú go dtí seo. Tá ríomhadh aibítre an ghraifneora ar na duilleoga 1-39, ach a lán de na litreacha caillte. De réir an Chláir lean Forus Feasa tar éis na nduilleog seo; dealraíonn sé go raibh sé faróthu níos déanaí leis (cf. lch 540); ghabh Forus Feasa gona Ghinealaigh ó fo. (leg. lch)1 go lch 427. Tá sin uile ar iarraidh anois. Tá uimhriú déanach 1-39 ar na duilleoga tosaigh. An té a rinne an t-uimhriú sin bhuail sé 426, 427 ar dhuilleog (atá ceangailte ar dtuathal) tar éis na lch sin. Bhain sí seo, a déarfá ón bpeannaireacht agus óna clóchrut, leis an ls seo, ach nach fios a leaba anois. Tá uimhriú bunaidh an ghraifneora ar na lgh as sin amach; cuid díobh ceangailte ar dtuathal (cf. thíos; 428-29 ina measc agus uimhriú déanach éagórach dá réir orthu); tá an duilleog 539-40 sractha; beagán caitheamh ar dhuilleoga eile; cuid de na figiúirí uimhrithe gearrtha ag an bhfear ceangail; rian fliucháin thall is abhus; an dúch ábhar feoite agus beagán doiléir in áiteanna. Do lgh bhána feic thíos.

Eoghan Ó Caoimh a scríobh i 1704 (cf. ixv° i., 24-5-1704; an clár á scríobh tar éis na coda eile: 26-4-1704, 539i.) do Dhiarmaid Ó Súilleabháin (ixv° i.). B'fhéidir go bhfuil lámh dhuine eile (a mhic, Art (?) cf. RIA Cat. lgh 63, 3241) thall is abhus (? 18v°i.; 28v°; 447a-452 ; 502m.-506 etc.). Sínithe léitheoirí/sealbhadóirí chun tosaigh (ii) agus laistiar (lch 540). "Aois an Tighearna 1842," ar cheann de na lgh bhána laistiar, i bpeannaireacht E. Uí Chomhraí, is é is dóichí; b'fhéidir gurbh í sin an bhliain a fuair sé í seo.

Ceangal stóinsithe—mar a comrádaithe—uirthi seo; é de chairtchlár le croiceann dearg éadaigh go gciumhaiseanna agus go gcúinní leathair. "Miscellaneous Poems" O'Curry MS." in órlitreacha ar a

cúl. Farais sin tá a huimhir sraithe agus preasa.

i r°. Scribleáil Bhéarla agus uimhir i bpeann luaidhe "378."

ii r°. Breacadaíl. Síniú úinéara (?) "Charles Sullivan 30th March 1836." Sínithe eile scriosta: "Seogan Bógh (?)."

iii r°. Clár den ls nuair b'iomlán di: "Clár an leabhair so re stiúradh an léaghthóra chum gach ní dá bhfuil ann do réir úird aibghitre ina thosach rés an ndíonbhrollach, na dhiaidh sin do réir fíghreach san mbarr bhán a ccorp an leabhair. A ttús na haointe órdha d'éis an chláir." Sa chlár tá ríomhadh litreach go dtí duilleog 39 anois. Lean. riomhadh lch ar Forus Feasa etc. i bhfigiúirí (tá duilleoga iv-v ceangailte ar dtuathal); tá na lgh 1-427 den ls bhunaidh ar iarraidh anois. Críoch. an Clár ixv°m. (. . . "fol. 532.").

ix v°m. Ón ngraifneoir: "Ag sin críoch ar chlar an leabhair so Dhiarmoda hÍ Shuilliobháin aniú an 24 lá do mhí na Beallthuine Anno Domini 1704, gabhadh gach aon mo leathsgéal trém dhrochsgríbhinn a ttosach a ndeireadh an leabhair so san mhéad atá ré Forus Feasa air Éirinn ina dhiaigh, oir as tar éis an leabhair do cheangal do sgriobhas iad, níorbh urus scriobh go slachtmhar ar leabhar cheangailte mar as follus do sgribhneoir san mbith. Vale. Mise Eóghan h. Caoimh."

ix v°i. V. fáin: Do chealg mo chom go trom le haicídibh. Le nóta (ag tagairt do "maisdíní"): "Et as díobh sin Pilib An Chnoic Ó Conuill do channtáil mo ghabhaltas orm."

1r° Bonauentúra Ó hEóghusa. Truagh liom, a chompáin do chor. 88 r. "Dán do rín an bráthair bocht . . ., gairdian Bráthar nÉireannach a Lobhán, do Mhaolmhuire Mhag Craith .i. brathair don ord chéadna do thuit a n-eiriceacht tré mhearghrádh an tsaoghuil anmhiann na colla, fuair, air an ccúiliompódh do rín ón ord chrábhadh ina raibh, bheith ina áirdeasbog a cCaoisiol ón ccléir cCailbhínicc."

4r°m. Eóghan Ua Dubhthaicc. Léig dod chomórtas duinn. 91 r. E. Ua D. "bráthair bocht eile don órd réamhráidhte do rín na rainn eile so don Mhaolmhuire chéadna do Mhathghamhuin Ó Seidhin .i. seanshagart suirgheach d'ionntuig chun bheith ina mhinistir a dubhairt a searmóin d'áirighthe dá ndeárn- aidh a cCorcaigh nách raibh a Muire óigh ach bean mar a mháthair féin."

7r°. O hIfiornnáin. Caoin tú féin, a dhuine bhoicht. 8 r.

7v°. idem. Ná tréig mo theagasg,a mhic. 11 r. + 1 v.

8r°. Ó Dálaigh Cairbreach. Ór na mban, bancheann neimhe. 13 r. Nóta ina dhiaidh: "Tuille do dhántaibh molta Mhuire anso."

8v°. gana. Dia do bheatha, a Mhuire mhór. 15 r.

9r°. gana. A Naomh Mhuire, a mhdthair Dé. 15 r.

9v°. gana. Éist mh'osnadh, a Mhuire mhór. 20 r. + 1 v.

10r°i. "Ó Dálaigh Fionn .i. Aongus na Diadhachta." Tosach sidhe sanas Ghabriel. 12 r.

10v°i. idem. Gabh an séadsa, a Mhuire mhór. 11 r.

11r°m. idem. Grian na maighdean máthair Dé. 13 r.

11v°m. idem. Mairg nach molann máthair Dé. 11 r.

12r°m. idem. Soightheach balsuim brugh Mhuire. 11 r.

12v.° idem. Gach maighdion go máthair mhic. 11 r.

12v°i. idem. A mbréig ní mholamh Muire. 8 r.

13r°m. idem. Mairg do bhéaradh acht bean ghaoil. 12 r.

13v°m. "Nescio quis." Peacach bocht misi, a Mhuire. 15 r.

14r.° gana. Aoidhe misi ag máthair Dé. 27 r.

15r.° gana. Dia do bheatha, a mhic Mhuire. 5 v.

15r°m. gana. Cúig cáis ina raibh Muire mhór. 7 r.

15v.° gana. Iomdha sgéal maith ar Mhuire. 30 r.

16v.° gana. Mairg dhiúltas d'inghin Anna. 40 r.

17v°m. "Óglach Dé re dan." Ab fioraonda fada ó shoin. 12 r.

18r°m. gana. Rachad d'éisdeacht aifrínn Dé. 11 r.

18v°. Ó Dalaigh. Fóir, a mhic Muire, mo ghuais. 11 r.

19v°. Idem. Tosach sidhe sanas Ghabriel. 9½ r., ag stad le nóta: "Finitur, nam in alio loco sciibitur" (cf. thuas).

19v°i. Muiris Mac Dáithbhi Dhuibh. T'aire dhuit, a Ógáin fhinn. 24 r

20r°m. O Dálaicc. A cholann chugad an bás. 17 r.

20v°m. Burdún. A cholann do bhrostuigh mo dhochar go láidir dian. 1 v.

20v°i. "Nescio quis." Truagh do thuras, a dhuine. 15 r.

21r°i. Ó Dálaigh Fionn. Guidh orm, a Eoin Baiste. 15 r.

21v°i. idem. Creidim dhuit, a Dhé neimhe. 10 r.

22r°i. idem. Ní léir d'aon a ainimh féin. 12 r.

22v°m. idem. Tús na heagna ómhan Dé. 13 r.

23r°m. gana. Beag nach táinig mo théarma. 43 r.

24v°. gana. Truagh mo thuras ar Loch Dearg. 8 r.

24v°m. gana. Mairg mheallas muiruinn an tsaoghuil. 42 r.

26r.° gana. Sir go luath Maigh h'anma. 4 r.

26r°m. gana. Bí fúm, a Mhic, ar mo mhuin. 6 r.

26r°i. Ó Dálaigh Fionn. Na chúig rainn déag so do Dhia. 15 r.

26v°i. Burdún. Dia do bheatha idir asal is damh gan riar. 1 v.

27r°. gana. Ná déin díomas, a dhuine. 12 r.

27r°i. Ó Dálaigh Fionn. A fhir luíghios ina leabaidh. 11 r.

27v°m. gana. Fóir mh'amhgar, a Dhé bhí. 13 r.

28r°m. Ó Dalaicc Fionn. Reacfad feasda dán ré Dia. 14 r.

28v°m. gana. Naomhtha an obair iomrádh Dé. 44 r.

30r°. Ó Dalaicc Fionn. Éist, a Íosa, ár n-aonrann déag. 12 r.

30r°i. gana. Námha mh'anama an cholann criadh. 16 r.

31r°. "Ó Dálaigh Fionn .i. Aongus na Diadhachta." Gabh mo choimirce, a chuirp Íosa. 6 r.

31r°m. gana. Slán arna mharbhadh Mac Dé. 40 r.

32v°. Donnchadh Mór Ó Daluicc. Lóchrann soillse ag síol Adhaimh. 46 r. ''Duain an Lóchrainn." 34v°. idem. As fada fairsiong pobal Dé. 50 r. "Duain na mBreath." Nóta ina dhiaidh: "Ag sin (a léaghthóir) duain na mbreath amhuil fuaras sgriobhtha reómham í a leabhar eile. Gidheadh saoilim nách san órdúghadh inar céadchumadh í atá so, óir ní bhfuil sí do réir riaghlach an dána ní tualaing misi ar a ceartughadh" (35v°m.).

35v°m. idem. Garbh éirghe íodhna brátha. 35 r. "Ar Lá an Bhráth."

36v°i. idem. Fuar as mian, ón fuaras mian. 6 r.

37r°. idem. Sguir dod díomas, a dhuine. 13 r.

37v°. "Aongus na Diadhachta Ó Dálaigh agus é re hucht éaga." Gabh do chead, a cholann chriadh. 13 r.

37v°i. Dómhnall mac Dáire Mac Bruaideadha. Geall ré maoine moladh Dé. 29 r.

38v°i. "In Laudem Epiphaniam aliquis cecinit." Triúr rígh tainig go tigh nDé. 10 r. 39r°m.-vi. bán.

427-426. (Ceangailte ar dtuathal). Tadhg Dall Ó hIgin. Beannocht uaim ar anmain Éireann. 17 r.

426m. "Séathfra Ó Donnchadh .i. Ó Donnchadha an Ghleanna." Mallocht ort, a shuaitheantais. 13 r.

429-28,-30 et seqq. Seán Ó Conaill. An uair smaoinim ar shaoithibh na hÉireann. 489 1.

435. "Duain hÍ Dhúbhagáin." Bliaghain so solus a dath. 60 r.

438i. [idem.] Atá agam do mheabhair. 17 r. le nóta roimhe: "An chuid eile don duain cheadna annso air roinn na bliadhna ar theacht ráe gacha míosa.''

439i. Autograf: A Dhiarmuid noch iarras an iomad dánta. 1 v. Nóta cliathánach: "Atá tuille agam duit fós.

440. Dáibhidh Ó Bruadair. Mairg cine do chaill Eoghan. 34 r. +4 v. "Ar bhás Eóghain Ruaidh hÍ Shuilliobháin fuair bás lé bolgaicc a mBaile Átha Cliath Anno Domini 1687." Nóta ina dhiaidh: . "Finis per me Eug. OK[eeffe]," 442m., an chuid eile den lch bán.

443. Seáthfradh Ó Donnchadha an Ghlenana. Créad í an anbhuain-si air Éirinn. 32 r. + 1 v. "Ar bhás Eóghain hÍ Shuilliobháin fuair bás san bhFraingc."

445m. Mathghamhuin Ó hIfearnnáin. A mhic, ná meabhraigh éigsí. 12 r.

446. "Qui scripsit composuit.'' A Math Luirc ó chianchuireadh cúis mo cháis. 4 v. Le gluaiseanna an údair/ghraifneora féin. Ar 'chúis a cháis,' deir sé ".i. Eoin Baiste Mac Sleighne Easbog Corcaidhe Chluana Rois agá mbíodh ola na Cásga aige dhamh gacha bliadhain an feadh do bhí sé a ngéibheann a gCorcaigh." Do "Dhiarmaid Ó Súilhobháin" an dán.

446m.-447 bán ina dhiaidh.

44[7a]. AN RÉIM RÍOGRAIDH. Éire árd inis na riogh. 157 r.

457m. "An Líon Riogh do ghabh Árdfhlaithios Éireann d'éis Phádraicc go Gabháltas Gall." Éire óg, inis na naomh. 54 r.

461. "An duain ina ccurthar síos go soiléir cá líon do shíol Éibhir, Ereamhóin, Ír Mhic Mílidh do ghabh flaithios Éireann." A eólcha Eirionn áirde. 47½ r.

464m. "Ag so duain as a ttugthar iomad rann anuas a ccorp an leabhair so, mar úghdarás ris an seanchas atá ann." Fuaras a Psaltair Chaisil. 31 r.

466m. Prós. "Cíos Rígh Caisil anallúd. " Tos. Dlighidh righ Chaisil ó na Músgraoidhibh .i. Músgraoidhe Fhlainn.

467i. "Tuarasdal gach taoisicc san Múmhain ó rígh Caisil an tráth bhias cathúghadh air ó Leath Cuinn nó ó allmhúrchaibh." Atá sonn seanchas suairc sreath. 23 r.

469m. "Ríogha Síl Éibhir ... Fad a bhFlaithis air Leath Mogha." Caisiol cathair Chlann Mogha. 76 r.

474i. "Nuimhir Triúcha Céad Éireann a Bailte." Gá lion triúcha a nÉirinn din ? 9 r.

475. IOMARBHÁIDH LEITHE MOGHA AGUS LEITHE CUINN. Lean. dánta II, III, VII, VIII, XXVII, XXVIII, XXIX, de Content.

492. Maoilín Óg Mac Bruaideadha. Cuirfiod comaoin ar Chlainn Táil. 102 r. "Comaoin Chlainne Táil .i. Duain Sheanchusa do rínn ... ar Shiol mBriain go hÁdhamh."

499m. Tadhg Mac Dáire Mac Bruaideadha. Mór atá ar teagasg flatha. 55 r. "Ag teagasg do Ó Bhriain."

503. idem. Máthair don eagna an fhuil righ. 49 r.

506m. idem. Mall an deifirsi ar Dhonnchadh. 29 r.

508. idemm. Teach carad dochiú folamh. 19 r. "Iar n-éag Chonchubhair hÍ Bhriain iar bhfaicsin a thíghe gan aifrionn gan ar gan ealadha."

509i. gana. Bráthair don bhás an daidhbhrios. 25 r. "Éagnach do rín ollamh dáirighthe (ar mbeidh dó a ndíth maoine) ré duine uasal do Dháil cCais."

511. "Séathrún Céatinn cct an tan do bhí sé san bhFraingc é ag sgríobhadh go a cháirdibh go hÉirinn." Mo bheannacht leat, a sgríbhinn. 6 r.

512. idem. Cia an saoi le sinntior an chruit ? 8 r. + 1 v. Colafan: "Finis per me Eugenium Keeffe. 1704."

513. Dáibhíth Ó Bruadair. Créacht do dháil mé am arrthach galair. 50 + 1 v. "Iar leagadh a n-arm do Ghaoidhealaibh iar ndíthcheannagh Righ Chormuic sul táinig an dara Cormac a bhflaithas na Sagsan."

519i. idem. Dursan éag Éamoinn Mhic Gearailt. 97+8 v. "Ar bhás Sur Eamonn Mac Tomáis, Tighearna Claonghlaise." Lgh 529-30 ceangailte ar dtuathal. Ví ar imill. Fotheideal ar na 8 ví deiridh: "An fear céadna cc. ar an bhfear ccéadna oidhche a adhlaicthe air Sl[ioga]."

531m. idem. Do ghrásaibh foirfe an tuirghin trócairicc. 5 + 1 v. "Ar mhac oighreachta Sur Éamuinn .i. Seán Maith Mac Éamuinn do bhí a Nantes an uair sin, Anno Domini 1666."

532m. idem. Tdrlaidh corp is rosc is rinchéime. 3 v. "Don bhantighearnnain .i. do Eibhlín inghion Mhuiris mhic Éamuinn Chaisleain an Lisín, bean Sur Seán."

532i. idem. D'éag an fhéile a n-éitteacht Mhuiris. 61 v. +míreanna scáinte+1 v. "Ar bhás Muiris mhic Éamuinn Chaisleain an Lisín." Ví ar na himill; tá an chuid uachtarach den duilleog 538-40 stollta chun siúil agus formhór 2 v. (?) caillte dá bharrsan.

539. Colafan: "Ag sin críoch air an leabhar so aniúgh an 26 la dAbran, aois an Tighearna anois 1704, sirim gach léaghthóir guídhe orm ar son mo shaothair mo leathsgéal do ghabháil tré gach dearmad tré gach drochsgríbhinn dá bhfuil san leabhar so, óir díth eóluis, luas láimhe cam-chathaighthe an tsaoghuil as cionntach riú. Bhur seirbh-ísioch go héag. Eoghan h. Caoimh."

540. I litreacha móra: "Simon Hore is the true possessor of this Doctor Ceaten."