ISOS logo
en

MS B 7

Catalogue of Irish Manuscripts in Maynooth University

B 7

EOGHAIRSGIATH AN AIFRINN

17ú haois. Páipéar. 12.1" × 7.6." 88 lch le duilleog ceangail i dtosach agus stiall de dhuilleog le feiscint sa cheangal laistiar. Níl aon téacs ar lch 45 agus tá préamhacha duilleoige idir é sin agus lch 44. Philip O Ciarbhalláin a scríobh ; tá an dáta 3-3-1675 le 44i. ; 8-3-1675 le 62 i.; agus Apri[lis ?] leis an lch deiridh. Na himill caite agus rian uisce orthu uile, rud a fhágann beagán téacsa doiléir, go mór mór ó lch 81 amach. Ceangailte i leathar garbh roiceach, gan d'uimhir ná de mharc uirthi ach B 7 a cuireadh anois i bpeann luaidhe ar an duilleog ceangail. Tá sí sa Choláiste ó 1820 ar a laghad. Bhí sí roimhe sin ag "Godfridus O'Keane" (cf. lch 45) agus ag an Ath. " James Scullin " (cf lch. i).

p.

[i] . Seachas an cúpla focal tosaigh den téacs agus beagán Béarla tá dáta agus ainm sealbhóra : " 1734. Father James Scullin his book and his . . . ."

[ii] . " Leabhar le leabhragán Choláisde Mhaghnúod, bliaghain d'aois ar dTighearna 1820." Síos suas ag bun an lgh. "Anchora de prora jacitur ; stant litora pupis etc." (ó láimh God. O'K.)

1 . [EOCHAIRSGIATH AN AIFRINN]. Tos. Is í sin aimsiri an díchreidimh (ceartaithe ó anttic seidim) ⁊ aindiúide Cailuín colaid ⁊ a chloinne, Luiteir loitbeartaigh ⁊ a lorgaradh. Ó l.d.an ceartú luaithe, is dócha, agus tá fo-cheartú thall agus abhus ón duine céanna, agus píosaí beaga breise (e.g. 2 i. dhá líne). Colafan le "Finit. Anima scriptoris in manus salvatoris Apri[lis . . . . ]" Tá spota súigh (nó dúigh !) ag an bpoinnte seo (88 m.).

44 i. Stadann an téacs le " non plus sed sequitur " agus tá nóta faoi sin : " Ní beg sin uaimse Philip Ó Ciaruallán don chur sa gideath leanaigh an leaghthoir go deireadh an leabhair et do gheabhaidh an chuid oile ann don tracht so thúas maille re cungnamh De, et fa mo shlainte do chumhdach dhamh. 3 d. Marti Anno Domini MDCLXXV." Ní gá dul go deireadh an leabhair anois ach thar an gcéad leathnach eile, chun an chuid eile den téacs a aimsiú

45 . Duilleog a bhí bán ar dtús ; scribleáil anois uirthi agus ainm sealbhóra : " Ex libris Godfridus O Keane. Anno Domini 1758." Síos súas : " Godfridus O Keane est verus possessor .... 1758."

62 i. " Mo mhallacht do na dreanccoidibh do [bhailigh]thóir (?) an airgid teallaigh uaimsi Philip [Ó Ciar]bhallain 8° Martii 1675."

88 i. I bpeannaireacht an Athar Ó Scuillin : Saor rea cumadh dúthracht mbholta. I r." Finnis '34. Aig so lebhar an Athar Seadhmuis Ui Scuillin. James ô Scullin . . . ." Síos suas i bpeannaireacht eile : " Tairdhealbhach Óag Ua Dithmon (?) July [ ]."