ISOS logo
en

MS 96

MS 96

Scéalta, etc.

© Breandán Ó Conchúir 2011

18ú haois. Páipéar. 19 × 15 cm. Lgh [ii] + 550, fara 2 bhileog cheangail bhána ag an tosach agus ag an deireadh; uimhrithe ag an scríobhaí (na huimhreacha 51, 53-77 stractha chun siúil), ach 103 fé dhó idir 101 agus 104, agus an dá bhileog dhéanacha gan uimhriú. Scríobhaí: Labhrás Ó Fúartháin, ‘ansan cCúil Fhínn a bPortlách an Uachtor Tíre a bPaoracha’, i gCo. Phort Láirge, 1780 (lgh [i], 31, [53], 111, 144, 160, 191, 205, 208, 211, 214, 279, 341, 386, 503, 520, 545).

Cuid de na himill ar lgh 543-[550] creimthe. Clúdach teann le droim agus cúinní leathair; ‘MS. LING. HIB. / 1780’ in órlitreacha ar an droim. Uimhir na LSe (le peann luaidhe) ar an taobh istigh den chlúdach, chun tosaigh agus chun deiridh. An uimhir ‘9’ (le peann luaidhe), leis, ar an taobh istigh den chlúdach tosaigh. An litir ‘Q’ (le peann luaidhe) agus stampa ‘Univ. Corcag. / 25 Nov. 1941 / Bibliotheca.’ ar recto na chéad bhileoige ceangail.

Tuairisc ar an LS ag Rev. P. Power in IG 14 (1904) 692-3 (§ IX).

Nótaí fánacha: (a) [ii] (bunoscionn). ‘Nicholas Power from Kilronan.’ Beagán litreacha scríofa i ndiaidh a chéile sa chúinne ar chlé ar bharr an lgh. (b) 187 im. uacht. ‘John [?] Abscrmorios [?] Clibratorous [?].’ (c) 191 im. íocht. ‘Nicholas Power.’ (d) 314 im. uacht. ‘John.’ (e) 494 im.] uacht. ‘William’.

lch

[i] . Lch teidil: ‘Saláthar Saoítheamhail, no / Tacar Saláthair, is ainim dúalguis / don leabhrán so, mar a bhfuil iliomad sean/chusa air na fhaisnéis ar Éirinn, et air Fhíannaibh / Éirionn, mar as follas ansan leabhar reómh/ain, air na sgríobhadh maille le Labhrás Ó / Fúartháin ansan cCúil Fhínn a bPortlách an / Uachtor Tíre a bPaoracha, chum a shochair féin, / air na thosanúghadh an 18 lá do mhí na / Bealltainne ansan mblíadhain d'aoís an / Tighearna Íosa Criost mar / as léir annso 1780, no mdcclxxx. / Glóir do Dhía go biothbhúan / Amen’. Lch [ii] bán fé bhun beagán breacaireachta (féach thuas).

1 . TÓRUÍDHEACHT tSHAIDHBHE INGHIN EOGHAIN ÓIG. Tos. Sealg tromthorrthach do comóradh le Fionn mac Cúmhail . . . fór thorc ós loch Léin. Críoch. (lch 31.12) et do sgaoil sé dá athair, air ttúis, et don Fheinn uile ionna dhíaig. ‘Ionnas gurab í sin Tóruígheacht tSaidhaibh inighionn Eóghain Óig . . . et cead éacht Osgair . . . a ccionn a naoí mblíadhana.’ Lean. colafan: ‘Air na sgríobhadh maille le Labhrás Ó Fúartháin a bPortládhach an 26 lá don mBealtainne annsan mbliadhaín daoís an Tighearna Íosa Críost mar as follas ann so 1780 no mdcclxxx et má tá aon ní ionnbhéime ann san stair, gaibh mo leithsgéal, óir atá gach ní ann dá raibh ann san phríomh leabhar as ár sgríobhadh é. Glóire do Dhía go biothbhúan’.

32 . ACHTRA LOMNACHTÁIN SLÉIBHE RIFFE. Tos. Aon do laoithaibh dá raibh Fionn fíannáthusach mac Cúmhail . . . ag amharc cúan leathan mhórlongach Luimnígh. Críoch. (lch [53].10) et adubhradar gur mhaith do fríth an aislinn sin do chonnairc Fionn air an ccuan sin. ‘Gurab í sin Eachtradh Lomnachtáin Sleibhe Riffe, et imtheacht an naonmhar laoch sin do mhaithaibh na Féinne go nuige sin.’ Lean. colafan: ‘Air na sgríobha an 30 lá fithchiod do mhi na bealltainne maille le Labhrás O Fúartháin a bPortlách an Uachtor Tíre a bPaoracha, a cconntaé Phortláirge ansan mblíadhain daoís an Tighearna, mar as léir anso 1780 no mdccxxxxxxxxxx [sic] no mdcclxxx. Glóir do Dhía go biothbhúan’.

[53].19 . ‘AGALLAMH NA SEANOIREADH sonn.’ Tos. Air chur catha Gabhra, et air ttuitim urmhór na Féinne, ní raibh rath na rígh orrtha. Lean. (lch [54].13) ‘Caithréim Fhinn mhac Cumhail anso sios, et Chaoílte mac Rónáin cct a bhfiaghnaise Phadraig’. Tos. Is cead linn a Chaoilte (air Padraig) teasdas an rígh féinne Fionn mac Cumhail do chlos. Prós agus filíocht. An dá aiste filíochta is faide ná: Duirsan liomsa an teo óir. 34 r. (lch [54].21), agus A mhic Lúigheach [mo] c[h]omhairle gaibh. 12 r. (lch [61].15). Críoch. (lch [74].25) et ag sin duitse a Phadraig, roinn dom iomtheachtaibh, et dom thuras a ttigh Rígh Uladh an tráith sin. ‘Fóircheann.’

[75] . ‘Agallamh Phádraig agas Oisín cct.’ P.quad Oisín is fada do shúan. 198 r. (uimhrithe go héagórach 1-199).

89.8 . ‘Iomarbhádh na Seilge sonn.’ Lá dá raibh Fionn na bhflaith. 59 r. Lean. (lch 93.18): ‘Finit an seachtmhadh lá don Meithiobh 1780’.

93.19 . ‘Laoídhe Dheirg mac Droithchill.’ Daithreósin caithréim an fhir mhóir. 58 r. (uimhrithe).

98 . ‘Laoídhe an Duirrainn sonn.’ Feis árdtaisge tíghe Teamhrach. 30 r.

100.8 . ‘Sgealuigheact na Trúagh, no Tóiteán Tighe Fhinn mhac Cúmhail anso do réir Oisín, an seachtmhadh lá don Meithiobh 1780.’ Trúagh liom sin a láithreach lis. 66 r. Lean. (lch 105.8): ‘Críoch et fóircheann leis an méid sin’.

105.9 . ‘Sgealuígheacht Chaoílte d'Osgar.’ An cuimhin leat Oisín fhéil. 80 r. Lean. (lch 111.17): ‘Finit an deachmhadh lá don Meithiobh, maille le haon don órd neamhollamhanta .i. Labhrás O Fúartháin, a bPortlách an Uachtor Tíre a bPaoracha an san mbliadhaín daois an Tighearna Íosa Críost, mar as follas annso 1780, no mdcclxxx. Glóir do Dhía go biothbhúan’.

112 . BREISLEACH MHUIGHE MUIRTHEIMHNE. Tos. Feacht naon, dá ttangador Ula go hEamhuin Macha go súbhach soimheanmanach, et táinig Cuchuloinn go Dún Dealgan. Críoch. (lch 144.5) et ró orduígheadar dá ccuraidha, et dá ccaithmhíleadha a bhfagbháil dá niomchoimead air eagla Chonnaill Ceárrnach do bhreith orrtha. Lean.: ‘Gurab í sin Breisleach Mhuíghe Mhuirtheimhne, mar do fúaramair reómhain, ler cailliog Congculoinn an tríghmhadh gaisgiodhach dob fheárr dár mhair an Éirinn ríamh, et do rineadh díoghadhalt lé Connall Ceárrnach air fhearaibh Éirionn mar leanus, air na sgríobhadh maille le Labhrás O Fúartháin a bPortládhach, an cúigmhadh lá deag don Mheithiobh ansan mblíadhain d'aois an Tighearna, mar is soiléir annso 1780. Moladh d'Íosa Críost Amen’.

144.15 . ‘DEARGRÚATHAR CHONNAILL CEARRNACH ar fhearaibh Éirionn ag dioghailt bháis Chongculionn orrtha.’ Tos. Dala Éimhir inighíon Fhorghaill Monáidh, do bhí sí gach laoí air fhóraibh et air árdaibh, et air mhúiraibh an ghríanáin ag feithiomh an mhuíghe úaithe. Críoch. (lch 160.18) gurab amhla sin do dhíoghail Conall Ceárrnach bás Chongchuloinn air chlanna Cailitín . . . et air fhearaibh Eirionn uile. ‘Finit.’ Lean.: ‘Beannocht Dé air anam an sgriobhneora Amen. An 18 la don Mheithiobh 1780’.

161 . ‘CATH MHOÍGHE MHUCHRAIME sonn.’ Tos. Art mac Cuinn Ceadchathaig 30 mblíadhna na Righ Éirionn, go bhfúair saidhbhre. Tos. i gceart (lch 162.15) Ardrígh cródha cruith\-níamh\-dha calma cíall-bhreathach, ro ghabhasdar go bhfreasabhra ríoghacht Éirionn. Lean. (lch 185.9 ) ‘NUALDUBHA OILIONN ÓLUIM andíagh a chloinne’. Tos. Iomthusa giolla aistir et taistiolach slíghe Chéinn mic Oilioll Oluim tar éis an chatha do chur. Críoch. (lch 191.8) óir ní chodlann san oídhche air ghrádh a choda, et ní chodlann san ló, air eagla a íarrtha. ‘Gurab é sin Cath Mhuíghe Muchraime, go nuige sin.’ Lean.: ‘Fóircheann. An tochtmhadh la fithchiod don Mheithiobh ansan bhliadhaín daois an tighearna, mar as léir annso 1780, maille le Labhrás Ó Fúartháin, a bPortládhach an Uachtor Tíre a bPaoracha a cContaé Phortláirge, mdcclxxx. Glóir do Dhía go biothbhúan. Amen. Beannocht Dé air anam an sgriobhneóra’.

192 . ‘Laoidhe Thailc mhic Treóin annso.’ Cnoc an Áir an cnoc so shíar. 24 r.

194.7 . ‘Seilg Shlíabh Grot, et Shlíabh Guillinn, do réir Chaoílte mhic Ronáin.’ Éistighidh úaisle bhfear Fáil 71 r.

199.17 . ‘Laoidhe Mhaghnuis mac Rígh Lochlann.’ O. A chleirig úd chanas an tpsailm. 40 r.

202.19 . ‘Comhrac Chiorrioll, et Goill mic Mórrna an Almhuinn.’ As dúbhach sin Almhuinn na bhFiann. 37½ r.

205.18 . ‘Comhrac na Féinne agus mac Ríogh na Sorcha mar gheall air inighíon Rígh Thíre Fa Thuinn. An chead lá don mhí Iuil 1780.’ Ata sgéal beag agam air Fhionn. 39½ r. Lean. colafan (lch 208.23): ‘Go ndéinne Dia trócuire air anam an sgribhneóra do sgribh annso e .i. Labhrás O Fúartháin a bPortlach an aois an tighearna 1780. Glóir do Dhía go biothbhúan Amen’.

209 . ‘Comhrag Mhaghnuis mac Rígh Lochlann le Fiannaibh Éirionn do reir Oisín.’ Leacht Ghoill do chrádh mo chroídhe. 32 r. Lean. (lch 211.17): ‘Finit maille le Labhrás O Fúartháin’.

211.18 . ‘Agallamh Éimhir le Connall Ceárrnach.’ Sgeal Chongcuiloinn ós árd. 34½ r. Lean. (lch 214.13): ‘Finit an ceathramhadh lá don mhí Iúil san mbliadhaín daoís an Tighearna 1780 maille le Labhrás O Fúartháin, a bPortlách, an Uachtor Tíre a bPáoracha. Glóir do Dhía go biothbhúan. Trócuire go ndéine Día air anam an Sgríbhneóra. Amen’.

215 . ACHTRA CHLOINNE RÍGH NA hIORRÚAITHE. Tos. Rígh uasal oirighdha, láidir, líonmhar, lánneartmhar . . . ró ghabh flaithios et fórlámhas et fórsmacht air chríochaibh glanáille craobhthorrthacha na hIorrúaithe. Críoch. (lch 279.7) ⁊ tangador íarrlaídhe et barúinn, ⁊ óigthighearnaídhe chríoch na hAsia dá ionsaídhe . . . et do thabhairt úmhla dho mar thríath, et mar thighearna o sin súas. Lean.: ‘Gurab í sin Achtra Chloinne Rígh na hIorruaith go nuige sin. Sgríobtha maille le aon don órd neamhollamhanta Leatha Mógha .i. Labhrás O Fúartháin a bPortlách an Uachtor Tíre a bPaoracha, an tochtmhadh lá deag don mhí Iúil, ansan mblíadhain d'aois an Tighearna Íosa Críost mar as leir annso 1780, no mdcclxxx. Glóir do Íosa Críost go biothbhúan le na uile chréatúiridhe, anois ⁊ go fóirceann na beatha Amen. Finit’.

280 . CATH FIONNTRÁGHA. Tos. Rígh uasal oírníghe ro ghabh flaithios et fíorlámhas, for an domhan mhór go huile, acht Éire amháin. Críoch. (lch 340.20) leis an laoi dar tosach Geisidh cuan on gheise cuan. Lean. (lch 341.14): ‘Deire le Cath Fionntrágha an naoimhadh lá fithchiod don mhí Iúil ansan mblíadhain daoís an Tighearna Iosa Criost mar as leir annso, 1780. Níor thangamhadh stair air bioth liom annsan bpríomhleabhar as ar sgríobhas é so, is mó a raibh do lochta ann, na Cath Fionntrágha et mar an cceadna níl se fóirlionta, óir ata ní éigin duireasabh air, ann alárr, a bhfochair gach locht eile da raibh ann, acht tugasa íarracht air gach ní dár fhíadas a leasúghadh comh maith is d'fíadas. Moladh do Íosa Criost go biothbhúan. Beannocht De ar anam an sgríbhneóra .i. Labhrás Úa Fúartháin. Amen’.

342 . ‘CATH CHNOCA sonn.’ Tos. Día nbháduir Laighin gan rath, gan righthe, gan rochoinne déis Chathaor Mhóir, mhic Féidhlime fíorúrghlais, mhic Cormaic gealta gaoíthe. Críoch. (lch 385.13) leis an laoi dar tosach Calma do chaithréim a Choínn. Lean. (lch 386): ‘Gurab é sin Cath Chnoca go nuige sin, air na sgríobh, maille re aon don órd neamhollamhanta .i. Labhrás O Fúartháin a bPortlách an Uachtor Tíre a bPaoracha, a cconntae Phoirtláirge (lá Fheil St Labhras) an deachmhadh la don mhíosa August . . . 1780 . . . ⁊ má tá aon ní ionbhéime ann, a leughthoir cháirdeamhail, gabh mo leithsgeal, óir ata gach ní ann dá raibh annsa bpriomhleabhar, as ar sgríobhas é, ⁊ dob éigionn dam móran dá raibh ann do leasúghadh, ⁊ do theasda uaigh go crúadh, ⁊ sirim . . . suaimhneas síorruidhe do thabhairt d'anam an sgribhneóra. Moladh do Íosa Críost go biothbhúan Amen’.

386 . ‘BRUÍGHEAN CHÁORTHAIN sonn.’ Tos. Ard Rígh uasal óirdheirc ró ghabh flaitheas ⁊ forlámhus fór cheithre treabhaibh Lochlonn dar comhainim Colgán crúadharmach mac Dathchaoíndéin mac Teinne tréannchalma. Críoch. (lch 412.7) et géar bhíad Fíanna Éirionn rug búaidh, is cneádhach cróleóinnte do bhádor an tan sin. Lean.: ‘Gurab amhla sin do fúair Míodhach mac Colgáin et R. an domhain bás . . . amhuil fuaramuir reómhain. Fóircheann’.

412 . ‘FEIS TEADHA CHONÁIN CHINNTSLÉIBHE sonn.’ Tos. Sealg et fíadhach tromthorrach saor aoíbhinn do comóradh le Fíonn mhac Cúmhail ⁊ le Fíannaibh glanailge Gaodhal um thorc ós loch léin. Críoch. (lch 443.5) et is fada a bhador an almha, ⁊ a ccréachta dá ccoinngbháil a nothar luíghe sul a bhfúarador tátha na léigheas. Lean.: ‘Gurab í sin Feis Teadha Chonnáin Chinntsléibhe fá mar fúaramair reómhuinn. Beanocht Dé air anam an sgríbhneóra Amen’.

443 . ‘TÓRUÍDHEACHT DHÍARMODA ET GHRÁINNE sonn.’ Tos. Lá dar éirigh Fíonn mac Cúmhail air Almuinn leathanmhór Laíghean, ⁊ do shuidhe air an bhfatha. Críoch. (lch 488.16) et do chuir teachta et feasa úaithe le clann Díarrmado go triúcha céad Chorca Dhuibhne mar a rabhador dá leasúghadh, et dá mbeathúghadh go fóircheann ann. ‘Gurab í sin Tórruidheacht Dhíarmado, et Ghráinne, fá mar do fuaramair reomhuinn. Fóircheann’.

489 . ‘OÍDHE CHLOINNE UISNEACH annso.’ Tos. Rígh óirdheirc árdchomhachtach do ghaibh ceannas Chóige Ulladh feacht ndáil dár bo comh-ainim Conchubhar. Críoch. (lch 507.2) ⁊ a dubhairt nach geabhadh Concubhar, ná neach oile dá shliocht séan an bhaile sin go bráith andíagh an fhill sin. ‘Gona í sin Oídhe Chlainne Uisneach fá mar do fuaramair reómham. Fóircheann’. Tugtar ainm an scríobhaí agus dáta scríofa ag bun lgh 503: ‘ar na sgríobha maille le Labhrás Ó Fúartháin a bPortlách an Uachtor Tíre a bPaoracha 1780’.

507.7 . ‘Túarusgbháil Chatha Gabhra maille ré hOsín mac Fínn, do Phádraig sonn.’ Trúagh liom tulla na Féinne. 179 r. (uimhrithe). Beagán gluaiseanna (i láimh eile) ar lgh 512-13, 517. Lean. (lch 520.15): ‘Fóircheann. Ag sin dúanaire, no túarasgbháil air Chath Gabhra, fá mar do fúaramair reómhain, ar na sgríobhadh maille le Labhrás Ó Fúartháin annsan cCúil Fhínn a bPortlach, an Úachtor Tíre a bPaoracha a cconntaé Phoirtláirge, an 18 lá don mhí September annsan mbliadhaín . . . 1780 . . . do thosanadh mé an leabhar so an 18 lá do mhí na Bealltainne et atá sé follas ag aon go rineas dheithnios maith leis, ⁊ nach díomhaoín do bhíos, ⁊ cúram sgoile coitchionn go laethamhuil oram an fhochair. Glóir do Dhía go biothbhúan. Amen’.

521 . ‘Epigrammata’ [malairt dúigh]. Cloch éabhuir réigh an tainim sin dóibh. 1 v. Dá mo dubh í an fhairge. 2 r. Curthar bréag air na mnáibh. 1 r. As ineallta dham a bhfuil dam chéill ag cách. 1 v. Cread nach gabhadh suiríghe uaímse. 2 r. Ceáthrar dá ttug Fíonn fúath. 1 r. A lucht chleachtas an phóit go mór agus feóil aoínte. 1 v. Tiocfadh aimsir ann ionna rachfadh fan tshlíabh. 1 v. A Mhuire do rug bárr ó mhnáibh na cruinne go léir. 1 v. Caomhain manam a Thighearna. 1 r. Mil le mnaoí leamhnacht le mac. 2 r. Buailis an rí choin na mná. 1 r. Lean. (lch 522.14): ‘Saláthar Saoítheamhail ainim don díollachán so. Tacar saoitheamhail is ainim dúalguis dhamhsa a léighthóir’.

522.16 . ‘Tadhg mac Dáire cct. [malairt dúigh:] A.D. 1600.’ Mór atá ar theagasg bhflatha. 50 r.

528.5 . ‘Dochtúir Seathrún Céitinn cct. [malairt dúigh:] A.D. 1650.’ Mo thrúaigh mar ta Éire. 18 r. (uimhrithe).

530.25 . ‘Donnchadh Mór O Dála cct. [malairt dúigh:] A.D. 1244.’ Áluinn dún Mhic Muire. 35½ r.

536 . ‘Ag so iargnúadh air bhás chSeaghain Mic Gearailt, do marbhadh a bhfeall. Dáibhídh Mac Gearailt cct.’ A mhic na páirte táimse ad agall. 40 + 2 v. + 21 r. + 3 v.

545.6 . ‘Clár na hoibre si ionna bhfaighthear amach go furas, gach ní dá bhfuil ann, et an leathanach ionna bhfuil, air na sgríobh maille le Labhrás O Fúartháin 1780.’ Gan aon lua sa chlár so ar an abhar ar lgh 521-522.13.

[547] . ‘Ar bhás an Athar Tadhaig Uí Bhríain dochtúir díadhachta et sagart poráiste Chaisleáin O Líatháin a ndeósas Chlúaine a gcontaé Chorcaíghe etc.’ Lá lúainsgris lá grúamadh, lá búarrtha déigsibh. 9 v. Lean. (lch [548].13): ‘Fine coronatur nobile semper opus’.

[548].14 . ‘Smuainte’ [malairt dúigh]. Smuínigh páis Críost a ccáil Ríogh na ngrás dáonacht. 2 v. Lean. (lch [548].z): ‘Beannocht Dé air anam an sgríbhneóra’.

[549] . Paidir (as Béarla) i bhfoirm véarsaíochta dar teideal ‘Mr. Popes Universal Prayer. Deo Optimo. Max.’ Lch [550] bán.

© Breandán Ó Conchúir 2011