ISOS logo
en

MS 92

MS 92

Foras Feasa ar Éirinn

© Breandán Ó Conchúir 2011

17ú haois. Páipéar. 29.5 × 18 cm (ff. [165-6], a bhfuil na himill orthu creimthe go mór, i bhfad níos lú ná so, go dtí gur deisíodh iad). Ff. 141 (uimhrithe ag an scríobhaí 26-[166] ar an recto) fara 28 mbileog cheangail ag an tosach agus 3 cinn ag an deireadh; léarscáil na hÉireann (‘Hiberniae Veteris Typus’) ceangailte isteach idir f. 123 agus 124. Scríobhaí: J. Conery, b'fhéidir, c. 1694 (nótaí imill ar ff. 57v, 137r); ach féach an nóta ar an gcéad bhileog cheangail chun tosaigh, agus an nóta imill ón mbliain 1820 ar f. 110r mar a ndeirtear gur sa bhliain 1647 a scríobhadh í.

Bileoga ar iarraidh as tosach agus as deireadh na LSe, agus, ar fhianaise an téacsa atá caillte (féach thíos), idir [163] agus [164], [164] agus [165], [165] agus [166]. Na himill agus na cúinní creimthe, stractha ar mhórán de na bileoga (ach iad a bheith deisithe anois le páipéar trédhearcach), go háirithe i dtosach agus i ndeireadh na LSe, mar a bhfuil téacs caillte dá dheasca san (féach thíos). Clúdach nua de leathar bán, le hornáidíocht. ‘FORUS FEASA/AR EIRINN’ agus órlínte ar an droim. Uimhir na LSe (le peann luaidhe) ar an taobh istigh den chlúdach, chun tosaigh agus chun deiridh. An uimhir ‘2’ (le peann luaidhe) ar an taobh istigh den chlúdach tosaigh, leis. Na nithe seo ar recto na chéad bhileoige ceangail chun tosaigh: (a) an litir ‘M2’ (le peann luaidhe); (b) stampa ‘Univ. Corcag. / 25 Nov. 1941 / Bibliotheca.’; (c) nóta pinn luaidhe ag ‘P. Power’: ‘Rev. Dr. Dineen S.J. was of opinion that this Ms. is in Keating's handwriting. The date 1694 appears on fol. 58 [recte fol. 57v]. I bought it in Dungarvan. It had been the property of Rev. F. O'Brien, P.P., V.G.’

In úsáid in eag. Comyn agus Dineen do Chumann na Sgríbheann nGaedhilge (féach ITS VIII (1908) lgh xiii, xv, xvii, xxxii). Tuairisc ag Rev. P. Power ar an LS in IG 14 (1904) 647-8 (§II).

Nótaí fánacha: (a) 31v im. íocht.en Dealú airgid. (b) 57v im. clé, cliathánach.en ‘[. . .] the city of Dublin about his lawful [. . .] desireing all whom it may consearne to permit the said [. . .] without lot or molestation either in body or goods he behaveing himself a true and a lawfull [. . .] given under my hand and seal this the 4th day of June 1694. J. Conery Pal [. . .].’ Féna bhun so (le peann luaidhe) tá áireamh déanta ar an suim blianta idir 1694 agus 1820. (c) 65v im. uacht.en ‘Forus Feasa A.Dn 1764.’ (d) 85r im. deas.en ‘Níoclas Ó Fuarhan.’ (e) 95v im. uacht. (le peann luaidhe).en ‘Foras Feasa ar Eirinn Nicholas Foran / Ballghcerogue 1820.’ (f) 102r im. íocht., bunoscionn.en ‘[. . .] yours by [. . .] and [. . .] confess.’ (g) 106r im. íocht., bunoscionn.en ‘[. . .] now he being dead his estate was [. . .] I demand what each man must [. . .].’ (h) 108r im. íocht., bunoscionn.en ‘[. . .]oo to the eldest daughter 100 to the [. . .] now being dead his estate was worth [. . .]mand what each child must have.’ (i) 110r im. deas.en ‘This book is written since the year 1647. Nics Foran Ballyleen County Waterford Parish of Dunhill.’ Os a chionn so tá áireamh déanta ar an suim blianta idir 1647 agus 1820. (j) 111r im. íocht., bunoscionn.en ‘[. . .] many foot doth it containe.’ (k) 113r im. íocht., bunoscionn.en ‘[. . .] 3 miles long and 18 miles wide [. . .] question is how many foot of [. . .] contained in all.’ (l) 114r im. íocht., bunoscionn.en ‘[. . .] miles long 4 foot [. . .] 2 foot 8 inches deep I demand how many foot [. . .] is contained in the [. . .].’ (m) 136v im. íocht., bunoscionn.en Figiúirí. (n) 137r im. deas, cliathánach.en ‘O Lord Jesus Christ [. . .] years being [. . .].’ Féna bhun so an dáta 1694, agus féna bhun so arís an uimhir 365. (o) 137r im. íocht., bunoscionn.en Figiúirí agus suimiú déanta orthu.

f.

26r . [FORAS FEASA AR ÉIRINN.] Tos. gan an tús An ced mir ar a ttugtar Túathmumhain ase a fad o Leim Congculainn go Slighi Dhala [= ITS IV (1902) 126.78]. Críoch. leabhar i ar f. 120r30. An verso bán. Tos. leabhar ii ar f. 121r agus stad. ar f. [166]v31 do pósadh i lé hUilliam Marus [cal] . . . go nár fhágaibh [. . .] acht mar sin [= ibid. IX (1908) 358.5612]. Téacs ar iarraidh, leis, (i) ar ff. 1[60]-[166] de dheasca na bileoga san a bheith stractha, agus (ii) idir bun f. [163]r agus f. [164]r (tá f. [163]v gan téacs), idir bun f. [164]v agus f. [165]r, agus idir bun f. [165]v agus f. [166]r de dheasca bileoga a bheith ar iarraidh.

© Breandán Ó Conchúir 2011