ISOS logo
en

MS 25

MS 25

Scéalta; filíocht

© Breandán Ó Conchúir 2011

18ú haois. Páipéar. 19.5 × 15.5 cm. Lgh [viii] + 152 + 4 (bán); lgh an téacsa uimhrithe 1-132, 123-42 (.i. 123-32 fé dhó; 123[a]-132[a] ar an dara sraith acu sa chlár thíos). Scríobhaí: Uilliam Ó Cléire (lgh 95, 129[a]), 1780 (lch 95). Duine eile a scríobh an Clár ar lgh [i-iii] (agus duine eile fós a chuir isteach an mhír dhéanach ann).

Roinnt de na cúinní íochtair seachtracha creimthe, ach crot fónta ar an LS; 4 bileoga gearrtha amach idir 56 agus 57, 6 cinn idir 130[a] agus 131[a] agus aon bhileog amháin idir 136 agus 137, ach gan aon téacs caillte; lgh a greamaíodh isteach níos déanaí sa LS bhunaidh is ea [i-iv]. Droim agus cúinní de leathar uaine, le hornáidíocht ar an droim; ‘IRISH / MANUSCRIPT’ in órlitreacha ar an droim. Uimhir na LSe ar an droim agus laistigh den chlúdach, chun tosaigh agus chun deiridh.

An t-ainm ‘Cathal Úa Tucaoidh’ (úinéir an leabhair) ar lgh [v], 142.

lch

[i-iii] . Clár (as Béarla) ó l.d. Lgh [iv-viii] bán, fé bhun an ainm ‘Cathal Úa Tucaoidh’ ar lch [v].

1 . ‘BRUIGHEAN BHEAG NA hALMHUINE annso.’ Tos. Do ronadh fleadh phriomhadhbhal le Fionn mac Cúmhaill dFiannaibh Eirionn an Almhúin luchtmhar lán aoíbhinn Laigion. Críoch. (lch 19.14) et do hinnseadh an bhreith doibh, et do mholadar uile uí. ‘Finis’.

20 . FAGHAIL CRAOIHBE CHORMUIC. Tos. Feacht naon da raibh Cormac mac Airt .i. Airdrigh Eirionn a Liatruim, go bhfacaidh an taon-oglaoch air faithche an dúna. Críoch. (lch 29.3) ró eirgheadar ar na mhaireach a Liatruim gon a sgóraid, a ccraobh, et a ccupán. ‘Gurab e sin mearchadh et faghail chraoibhe Chormaic go nuige sin. Foircheann’. An chuid eile den lch bán.

30 . ‘CEISNIOMH INGHINE GHUIL ann so.’ Tos. Rígh fior-aonda fíor-mhaiseach fiordhlighteach . . . do ró ghaibh ceannus et ardthighearnas air Éire íath-ghlas óileánach et ase dob ainim don ard Rígh sin Feidhlim mac Criomhthuin. Críoch. (lch 55.14) air sin do chúadh Donnaire go Cill Osgladh et dfan Feidlim a cCaisioll an feadh do mhair féin. ‘Foircheann’. Lch 56 bán.

57 . TORUIGHEACHT AN CARRAIG SGÁRLÓIDE [teideal reatha: ‘An Charrthe Sgarloide’]. Tos. Feacht naon da raibh Maghnus mac Aruilt .i. Rígh Lochlann air faithche dhúna na Beirbe ⁊ dobé fad et leithead na faithche sin. Críoch. (lch 95.13) ⁊ bhí cíos ⁊ cánachas air chríochaibh Lochlann da éis sin aige, agus do bhí an Righiocht ga imreasán ag eurca astalla as sin suas, ‘gono uí sin Toruigheacht an Charrthe Sgárlóide go nuige sin’. Lean. colafan: ‘Air na sgríobhadh le Uilliam Ó Cleire an Domhnach roimh Chinncíghis ann so mbliadhin mile seacht cceud agus cheithre fithchid .i. 1780’.

96 . ‘OIGHIDH CHLOINNE LÍR ann so.’ Tos. Iomthusa Thuatha De Danainn; ó Chaith Tailteann anúas do thionnsuigheadar as gach ait arabhadar a ccuig chúige na hEirionn. Críoch. (lch 109.26) Ní cían go bhfuair Largnean sa bhean ceile bás tre asguine an mhacaoimh oig. ‘Ionnas gurab uí sin Oidheadh Chloinne Lir’.

110 . OIGHIDH CHLOINNE hUISNEACH. Tos. Rígh úasal oirdheirc ardchomhachtach ro ghaibh ceannas choige ollbhladhach Ula dar badh chomhainm Conchubhar mac Fachtna . . . agus do chuaidh an tardRígh calma coigeadhach sin do chaithiomh fleidhe ⁊ féusda go tigh Feidhlime mic Doill. Críoch. (lch 128.24) ⁊ adubhairt nach geobhadh Conchubhar na neach eile da shliocht an baile sin go brath andeoig an fheall sin.

129 . ‘BÁS DHEIRDRE ann so.’ Tos. Dála Dhéirdre da ttángadar na gníomha sin, do bhí a bhfochar Chonchubhair bliadhain déis mharbhtha Chloinne Uisneach. Críoch. (lch 131.19) ionnas go rabhdar na díotha ⁊ na dochair do rineadar leit air leith da dheile comh mór sin go bhfuilid leabhair sgriobhtha ortha ba liosda a luadh annso. ‘Foircheann’.

131.22 . ‘Craobhsgaoileadh ⁊ coimhneas chuid do churadhaibh na Craoíbhe Ruadh annso sul laibheóram air thuille do ghniomharthaibh Choingchuloinn.’ Cathfach ma Maoilchró na ccath . 6 r.

132.9 . ‘Ag so am dhiaigh geinealach Mheic Cartain annso.’ Tomás mac Tomais mic Seain mic Donchaidh mic Giiolla Choluim . . . ‘agus as sin suas go Adam, se sin ceithre glúin fithchiod; mar do bhi se déunach ag an sgriobhneoir’. An nóta so os a chionn: ‘As air shliocht an Chonaill Chearrnaig réamhraidhte so ata Mac Cartáin Chuntaé an Dúin a cCoige Ula’.

123[a] . ‘BRUIGHEAN CHÉISE CORADH ann so.’ Tos. Sealg ⁊ fiadhach ⁊ fianchosgair do comóradh le Fionn mac Cumhaill. Críoch. (lch 129[a].17) ⁊ do thuit le féin a ccionn seacht mbliadhan déag ar an ait cceadna tre éad le Goll. ‘Ag sin crioch ⁊ foircheann le Bruighean Cheise Coradh.’ Lean. colafan: ‘Ní iarraim do dhuais air an léaghtheoir air son mo shaothair, acht guidhe chum Dé trócaire do dhéunamh air an sgriobhneoir .i. Uilliam Ó Cléire’. Lch 130[a] bán.

131[a] . ‘Iomarbhaidh na Seilge ann so.’ La da raibh Fionn na bhflaith. 59 r.

137 . ‘Bharántus Sheóseph Mhic Gearailt, air Mhuiris Ó Chatháin .i. sbaid mhaghistir sgoile mhillteóra nó sgallathóir sgriubláluidhe. . . .’ Bharántas sgríobhtha laidir lionmhar re hórdúghadh saoighthe is cúirte. 104 líne. Lch 142 bán, fé bhun an ainm ‘Cathal Úa Tucaoidh’.

© Breandán Ó Conchúir 2011