ISOS logo
en

MS 124

MS 124

Scéalta; filíocht, etc

© Breandán Ó Conchúir 2011

18ú haois. Páipéar. 20 × 15.5 cm (níl i lgh [85-6], [105-6] anois ach dhá bhlogh bileoige). Lgh 106, uimhrithe [1]-[106] (ach [1], [26], [28], [30] fágtha gan uimhriú, agus an t-uimhriú ar [85-6], [105-6] stractha chun siúil), fara bileog cheangail ag an tosach agus ag an deireadh. Scríobhaí: Eógan [ Ruadh] Ua Súilliobháin, 1773 (lch 22; féach leis lch 87).

Bileoga ar iarraidh i ndeireadh na LSe, i ndiaidh lgh [106] (trí cinn de shála le feiscint). Formhór lgh [85-6], [105-6] stractha chun siúil agus téacs caillte dá dheasca san. Cuma shalach ar chuid de na lgh (go háirithe lch [1]) ach an téacs soléite de ghnáth, ach amháin ar lch 104 ar an imeall lasmuigh. Clúdach craicinn le droim de leathar dearg. ‘MS. Ó. LEIGHIN. 5’ in órlitreacha ar an droim. An uimhir ‘5’ ar an taobh amuigh den chlúdach tosaigh. Uimhir na LSe (le peann luaidhe) agus stampa ‘Leabharlann Ard-Eaglaise Chorcaighe’ ar an taobh istigh den chlúdach, chun tosaigh agus chun deiridh. An stampa so, leis, ar recto an dá bhileog cheangail. An nóta so (le peann luaidhe) ag ‘J.O.L.’ ar recto na bileoige ceangail chun deiridh: ‘Found last page was torn’.

Tuairisc ag Torna ar an LS in Ivernian Soc. Jn. ⁊ (1914) 30-31 (§ V); cf. chomh maith Ua Duinnín (eag.), Eoghan Ruadh Ua Súilleabháin I (Baile Átha Cliath 1923) 4, agus Ó Foghludha (eag.), Eoghan Ruadh Ó Súilleabháin (Baile Átha Cliath 1937) 15. In úsáid in An Barántas (féach lch [1]).

Nótaí fánacha: (a) 25 im. uacht. ‘A Short History of the County Cork’ (le peann luaidhe). (b) 51 im. íocht. ‘Jacobus Sheehan of Ballyduve.’ (c) [106]. ‘Bartholomew Hargon of Shanballymore’; ‘Denis Lary’; ‘Dr. 3 horses’; ‘Ego vidi stultum [. . .] stultus vidit [. . .] nunquam’. Ar an lch so, chomh maith, tá blúire uimhríochta agus blúire Béarla nach féidir aon chiall a bhaint as anois toisc an lch a bheith stractha.

lch

[1] . ‘Conntae Chorcaídhe mar aon le mórchuaird na hEirionn go huile le hEógan Ua Suilliobháin .i. file fallsamhuin focalcheart . . . et aon do cheartbhreitheamhnaibh na saoi-éigse san cconntae réimhrádhte, et Leithe Mogha mar an ccéanna.’ Tos. an prós Ag so faisnéis Dhiarmoda Uí Fhóghlúgha dh'am láthairsi an 29 adh la don Mhárta míle seacht gcéad, et fithche blíadhuin ar chaogad. . . . Tos. an véarsaíocht (lch 2.20) Whereas dáitibh aon dam láthair anaé gan tlás ar brígh móide. 10 + 1 v. In eagar, P. Ó Fiannachta, An Barántas (Baile Átha Cliath 1978) uimh. 40.

4.11 . ‘BRUÍGHEAN AN CHAORTHAINN annso.’ Tos. Rígh uasal oirdheirc árdchómhachtach ro ghaibh ceannas, et árdtíghearnus na cceithre ttreabha Lochlannach dár badh chómhainm Colgán cruadharmach. Críoch. (lch 22.15) go nách deachaidh as díobh acht beagán do chuaigh a muiníghin a mórreatha dionnsaídhe a long. ‘Fórcheann.’ Lean. colafan: ‘Ar na sgríobhadh liomsa .i. Eógan Ua Súilliobháin an 2ra la os cionn fithche don mhíosa Octóber anála ár ttighearna Íosa Críost M.dcc.l.x.x.iii’. Agus féna bhun so: Sin fhios ag gach naon do thréad na fíordhaimhe / agá ttuitidh an sgéal so a ccéin na cruinnláthair / nách tuigseach ceart mési a néifeacht chaoinsgoláirghe / sgur thromaig mo mhéar ó phéin na duíbhesglábhdhacht.

23 . ‘Cómharle an mhic ón athair.’ Tos. Ag so na neithe chongmhas teach duine ina shuíghe .i. bean tíghe thiagurtha, giolla treabha tarisi, láir bheireatais, et cráin fó arca. Críoch. (lch 24.x) duine as measa oineach ar bith .i. bean, ⁊ inghean bodaig, duine as fearr oineach ar bith .i. deaghbhean draoigh. ‘Fórcheann’.

25 . Sliocht as [FORAS FEASA AR ÉIRINN fén teideal ‘Dfiannaibh Eirionn annso’. Tos. Bíodh a fhios agad a léaghthóir, tar cheann go nabraid mórán nách raibhe F. iná an Fhiann ann [= ITS VIII (1908) 324.5051]. Críoch. (lch 29.8) An 10 c. ní gabhthaoi fear ionnta muna ttugad[ h] móid don r. Féinnidh fa bheith díleas urramach dho, ⁊ do bhris Diarmaid Ó Duibhnne an móid sin [= ibid., 334.5221]. ‘Forcheann’.

29.11 . ‘Muiris mac Dáibhí Dhuibh don ógánach.’ Tréig do shuirghé ógáin fhinn. 22 r.

31.7 . ‘An fear chéadna don óigbhean.’ Gabh mo theagasg a inghean óg. 12 r.

32 . ‘TUITIM MHIC RÍOGH NA hEASBÁINNE le hOsgur mac Oisín.’ Tos. Rígh cródha céillídhe cosantach sochrach . . . ró ghabh flaithios, ⁊ árdcheannas na hEirionn dár badh chómhainm Cormac mac Airt. Críoch. (lch 46.x) ⁊ dobé críoch an chatha gur thuit an Macaomh Mór mac R. na h.. . . ⁊ do dlígheadh dá mhnaoi a caoineadh. ‘Críoch’. ‘Macaomh Mór mac R. na h.’ an teideal reatha.

47 . BRUíGHEAN CÉISE CHORADH. Tos. Sealg ⁊ fiadhach, ⁊ fionn-chosgar do comóradh le Fionn mac C. fá críochaibh caomháille an Chorainn. Críoch. (lch 51.x) gur thuit le F. a ccionn seacht mbliadhan ndéag tré éad le Goll. ‘Fórcheann’.

52 . ‘CATH CHLUANA TARBH annso.’ Tos. Anno Domini 1022 do ghabh Brian Bóroimhe mac Cinnéide mic Lorchain . . . ríoghacht Eirionn 12 bliadhan. Críoch. (lch 64.19) óir badh dóigh linn nar mhó dolc don lucht do bhí san chath iná dúinne fulang a bfaicsiona gan dul ar fiansgór, nó ar foluamhain. ‘Críoch de sin’.

64.21 . AGALLAMH PHÁDRAIG ET CHAOILLTE MAC RÓNÁIN. Tos. Iar ccur Catha Ghabhra le Carbre mac Cormaic R. Eirionn ar Fhionn, ⁊ ar fiannaibh Eirionn mar ar thuit maithe ⁊ móruaisle na féinne. Críoch. (lch 78.27) et asiad atá san da fheart ghlasa so ar an ttaoibh thall don áth. Gonadh iad san na sgéala ró fhiafruighis diom a righ Uladh ar Caoillte. ‘Forcheann’.

79 . ‘Aiste Sheaghain Í Chonaill.’ An uair smaoingim ar shaoithibh na hEirionn. c. 892 líne (ach cuid mhór de gach líne ar lgh [85-6] ar iarraidh de dheasca formhór na bileoige a bheith stractha chun siúil). Críoch. lch 87.13. Lean.: ‘Conclusion’, agus díreach féna bhun so (cliathánach) an dáta ‘1773’.

87.14 . ‘TÓRAIDHEACHT DHIARMADA ⁊ GHRáINE inghean Chormaic annso.’ Tos. Lá dár éirigh F. mac C. an Almhain leathanmhóir Laighean, ⁊ do shuig ar an bhfaithche gan giolla gan óglách an fhochair. Stad. (lch [105].x) ⁊ mar dairig an chnumh [. . .] ar ttuitim déirigh do léim tré mhu [. . .] gach ndíreach, ⁊ an teaghlach ina diagh [= eag. Ní Shéaghdha, ITS XLVIII (1967) 62.1091]. Cuid mhór den téacs ar lch [105] caillte de dheasca formhór na bileoige a bheith stractha chun siúil. Mar leis na hainmneacha, etc. ar lch [106] féach thuas.

© Breandán Ó Conchúir 2011