ISOS logo
en

MS 119

MS 119

Táin Bó Cuailnge; Breisleach Mhór

© Breandán Ó Conchúir 2011

19ú haois. Páipéar. 23 × 18cm. Lgh 174, uimhrithe 1-120[a] ag an scríobhaí (ach 102 ar lorg 100, lch gan uimhriú idir 139 agus 140, 158 ar chúl 151, agus 118-20 athuair ar lorg 177), fara bileog cheangail ag an tosach agus ag an deireadh. Scríobhaí: Shéamus Mac Giollrói, 1811, ‘a maidhle an Scóiti’ [Co. Mhuimhneacháin?] ‘do cum uasaide Seamais do Buairc do comhnuigeas a mealla na bhard’ agus ‘do cum shéirbhis Máighstear Pháttraic a Búirche a Beálach Átha na Feársaid [.i. i mBéal Feirste]’ (lgh 139, [139a], 120[a]).

Clúdach cairtchláir le droim agus cúinní leathair. An ceangal ag tabhairt ionas go bhfuil cuid de na lgh leathscaoilte (lgh 67-74, 91-8). Na nithe seo (le peann luaidhe) ar an taobh istigh den chlúdach tosaigh: (a) ‘Cohalan MS’; (b) uimhir na LSe; (c) ‘Eugene Kavanagh’; (d) ‘Capt Barron Belfast’. Tá na nithe seo (le peann luaidhe, leis) ar an taobh istigh den chlúdach deiridh: (a) uimhir na LSe; (b) ‘James Barron’; (c) ‘Eugene Cavanagh [. . .]’; agus na hainmneacha so, le dúch: (d) ‘Thos Brady’, ‘Thos Grant’. An méid seo scríofa ar recto na bileoige ceangail chun tosaigh: (a) ‘Ag so leabhar do phronn Seamus Mac Domhnaill, uasal ⁊ ardlíagha Bhelbhaist ormsa an trá tharla air cuairt an fochair .i. an ⁊ mhad la do 10 ber 1819. Eoghan Caomhanach’; (b) an dáta 1817; (c) ‘Eugene Ó Cavenagh Decembr 8th 1819’. Ar recto na bileoige ceangail chun deiridh tá an teideal so: ‘Deárg Ruaidhthar Connoll Cearnaidh etc’. Istigh sa LS tá bileog scaoilte as leabhar clóbhuailte éigin agus an méid seo (le peann luaidhe) ar a cúl: ‘Cohalan MS. 11 Nov 1930’.

lch

1 . ‘TÁIN BÓ CUAILGNE annso sios.’ Tos. Feacht naoin dOillioll ⁊ do Mheidhbh ar neirghe asa rígh leaptha dhóibh a cCruachain Ráith Connacht go ttarla comhradh chinn, ciorchoille eotarra. Críoch. (lch 139.8) acas do chuir a chroidhe na dubhsleibhte donnfhola tair a bheul amach. Cona é iomthusa an Duinn Chúailgne acas tabhairt na tan lé Meaidhbh acas lé Oillioll mor mhac Magach acas le hOlltaidhe go nuige sin. Bearnaí i mórán de na línte ar lgh 99-110. Lean. (lch 139.20): ‘Airno sgriob do cum uasaide Seamais do Buairc do comhnuigeas a mealla na bhard.’ An chuid eile den lch bán. Lean. an colafan so ar bharr lgh [139a]: ‘Air na críochnadh a maidhle an Scóiti ar ann aon is fithchit lao don mhie Béaltine do cum shéirbhis Máighstear Pháttraic a Búirche a Beálach Átha na Feársaid, le Shéamus Mac Gillrói inse mblíainn do aois ar ttíghtearna óchd chéad déag acas aon mbliain déag’.

[139a].10 . ‘BREISLEACH MOR MUÍGHE MUIRTHEIMHNE an so etc.’ Tos. Feacht naoín día ttúgadar Uilaidh go hEamhann Macha go suibhach soimheanmnach ⁊ táinic Cuichuilainn inn go Dún Dealgan. Críoch. (lch 120[a].22) Truagh sin ar Cuculann do gris bhi mo luith ⁊ mo neart ⁊ mo lan coibliadh uille uam ⁊ muna beidis clann Cailitinn ar namharc. ‘Crioch.’ Lean.: ‘Forcion no deire an 2 uibh lao ar fithchid don Midhe Aghust in sa mbliain sa 1811’.

© Breandán Ó Conchúir 2011