ISOS logo
en

LS IV

LÁMHSCRÍBHINN IV

EOCHAIR-SCIATH AN AIFRINN. BEATHA PHÁDRAIG.

18ú aois. Páipéar. 8" × 6½". Tá cúdach leathair ar an Is. seo agus tá an droim rud beag stróctha. I gCnoc na Croise i gCondae an Chláir a scríobhadh í. Tá ocht leathanach bhánai dtoiseach na lse. De réir cosúlachta bhain an Is. seo le cnuasacht einteacht Iss. uair amháin, nó ar an chéad leathanach díofa seo tá an uimhir tagartha M II agus i lár an leathanaigh chéanna tá an síniú nua-aimseartha, John Flynn. Ar an ochtú leathanach tá, aríst, i bpeann luaidhe an uimhir M II. Níl aon uimhriú déanta ar na leathanaigh ag an scríobhaí agus mé féin is cionntach leis an uimhriú a bhfuil tagairt dó thíos. Cóip deEochair-Sciath an Aifrinn agus de Bheatha Phádraig atá san Is. seo. Ar leathanach a 9 a thoisíos Eochair-sciath an Aifrinn. Ag bárr an leathanaigh seo tá an logainm Cnóch na Chruissi (sic) agus an dáta 1777. Fear darbh ainm Micheál Mac Mathúna a scríobh an Is. Ar leathanach 153 tá an nóta: Finis Deochair-sgiaith an Aithfrionn. Suirim Guídhe an leightheóra ionnmhuin air ghradh Dé. Agus aríst, Ar na sgríobhadh et air na gcur an eagor et ar na gnuasach le Seathrún Kéiting, Sagart & Dochtúir Diodhachta, aois an Tighearna ag críochnúghadh na hoibre don ughdar 1631. Ar na haithsgríobhadh liomsa M. Mac. M Aois an Tighearna 1778. Siocair an dáta 1777 a bheith ar an chéad leathanach de’n téax ’sé an chuma atá ar an scéal gur thoisigh an scríobhaí ar a shaothar san bhliain 1777, acht gur chríochnuigh sé é nó gur scríobh sé a bhunús san bhliain 1778.

Ag deireadh Beatha Phádraig tá an nóta seo ag an scríobhaí:Gurab í sin Beatha Pattraicc críochnaighthe le Miell ughadh (sic)Mathamhna, Lá le Bríghde, 1778. Suirim guídhe an leightheora ionmhuin ar guíd Dé. Bíodh mar sin. Amen. I mBéarla ar an leathanach céanna tá, Michael McMahon. His book. Dated this 4 day of April 1815. Ar an leathanach ós a chomhair sin amach faoi’n tiodal Poetry tá ceithre linte de iomann darab tús Ave Maria, Virgin blest & rl. Tá 54 leathanach bhána i ndeire na lse. agus ar chionn amháin aca tá an tiodal Notes Hyms (sic), acht níl ann acht an tiodal. Ar an chéad leathanach díofa seo tá an focal Notes scríofa ag bárr an leathanaigh acht gan aon scríbhneoireacht faoi. Ar an taobh istig de’n chúdach cúil tá an síniú John Lynch. Ar an ábhar sin is cosúil gur scríobh Mícheál Mac Mathúna an Is. seo ins na blianta 1777-1778, go rabh cónaí air tráth in áit darbh aimn Cnoc na Croise agus go rabh sé beo go fóill san bhliain 1815. Cérbh é Micheál Mac Mathúna ?

I nAcadamh Ríoga na hÉireann tá Is. Gaeilge 23G16 a scríobh an Micheál MacMathúna céanna seo insan bhliain 1779. Cóip de Foras Feasa ar Éirinn atá ann.1 Tá roint mhaith nótai insan Is. a scríobh Mac Mathúna féin agus ina measg na cinn seo.

1. (Leath. 153): An chéad lá an Samhuin. Micheál McMathamhna, aois an Tighearna 1779. Cnock na Cruissi. 2. (Leath. 195): Criochnughadh an dara Leabhar le Micheál MacMathghamhna ro sgríobh an leabhar so. Air na críochnughadh seachtmhuin ria Nodlaig aois XRT míle seacht ccead & naoi mbliana os cionn seachtmoghadh. Suirim guidhe an Leaghthora air ghradh Dé. A mbaileadh Annaininn ris a raidhtear Fanningstown. Tá nótaí insan Is. fosta faoi thíortha na hEorpa agus líon a bpobal, maraon le liostaí d’ainmneacha daoine agus suim airgid scríofa in aghaidh gach ainme díofa. I gclár na Iss. atá i nAcadamh Ríoga na hÉireann níl iarracht déanta ag an chlárathóir Fanningstown ná Cnoc na Croise d’aithint.

Tá trí bhaile fearainn i gCondae Luimní a bhfuil Fanningstown mar ainm orthu, agus áit eile de’n ainm chéanna i gCondae Chill Choinnigh. Tá barúil agam gur ag teagasc i bhFanningstown a bhí Micheál MacMathúna agus gur airgead a bhí ag dul dó óna chuid scoláirí atá i gceist aige. Is soiléir ó na hainmneacha atá luaite aige gur i gCúige Mumhan atá an Fanningstown seo, agus ar an ábhar sin gur i gCondae Luimní a scríobhadh liostaí na n-ainmneacha. Déarfainn gur i bhFanningstown i bparóiste Áth Dara a bhí sé san am má’s aon treoir dúinn na hainmneacha atá san liosta ar na gcur i gcomparáid le liostaí díoltóirí na ndeachmhann ins na trí áiteachaí i gCondae Luimní a bhfuil Fanningstown orthu. Lena chois sin níl aon duine darbh ainm Mac Mathúna le fáil ins na liostaí céanna in aon áit ar a bhfuil Fanningstown mar ainm. 2 Ar an ábhar sin is cosúil nár dhuine de bhunadh Fanningstown ar chor ar bith é, rud atá iontuighte, b’fhéidir, as an tagairt údaigh do Fanningstown. Ar a’ taobh eile de tá Cnoc na Croise luaite ins an dá Is. agus creidim féin gur de bhunadh Chnoc na Croise é. Acht cá bhfuil Cnoc na Croise?

Níl aon bhaile fearainn oifigiúil i nÉirinn anois a bhfuil Cnoc na Croise mar ainm air. I gCondae an Chláir, i bparóiste Chill Ó Finn, ar bhruach na Sionainne, atá, nó a bhí, a ba chórtha domh a rá, Cnoc na Croise. Baile fearainn a bhí ann tráth acht anois le fada an lá tá sé istigh le Mountshannon Thiar. Ba le Muintir Mhic Mhathúna an dúthaigh seo tráth dá raibh agus bhí, agus tá muintir Mhic Mhathúna ana líonmhar ins an cheantar sin. 3 De réir fianaise liostaí díoltóirí na ndeachmhann bhí seachtar is fiche sealbhthóirí darbh ainm Mac Mathúna ina gcónai i gCill Ó Finn san bhliain 1834, agus ina mease ceathrar a rabh Micheál Mac Mathúna orthu agus duine de’n cheathrar sin ina chónaí i Mountshannon. 4 Ni cosúil gurbh ionann an duine deireannach sin agus an Mícheál MacMathúna is againne nó ní dóiche go mbeadh seisean beo i dtráthaibh an ama sin mura rabh sé ins na luathfhichidí, abraimís, san bhliain 1777.

Ar an ábhar sin chíthear domh go dtig linn a bheith measartha cinnte gur duine do bhunadh Cnoc na Croise i gCondae an Chláir an Micheál MacMathúna seo, gur mhúinteoir scoile a bhí ann, agus go rabh mian na fánaíochta ann dála a lán dá chineál san am. Tá in nAcadamh Ríoga na hÉireann fosta Is. eile 24G58 a scríobh fear darbh ainm Micheál Magamana (sic) i gCaisleán Ridire Frece (Castle Freke i gCondae Chorcaí) san bhliain 1800. 5 Ní ceantar é seo ina bhfuil nó ina raibh an sloinneadh MacMathúna le fáil. 6 Ar an chéad amharc tá cosúlacht einteacht idir peannaireacht an scríobhaí seo agus peannaireacht scríobhaí na lse. ’s againne agus Is. 23G16. I dtaca le méid, cruth agus páipéar de tá cosúlacht mhór idir 23G16 agus 24G58 acht tá mion-difríochtaí idir an pheannaireacht san dá Is., i stíl múnlaithe litreach áirithe agus nil an pheannaireaeht ar an iomlán comh cúramach, deismir i 24G58 agus atá sí i 23G16. Siocair a thuilleadh fianaise a bheith dhíobháil orainn ní thig a rá go cinnte gurbh é an fear céanna a scríobh an dá Is. Is minic a tháinic athrú ar pheannaireacht scríobhaí le himeacht aimsire agus de réir mar a bhí sé ag dul anonn in aois, acht dá dtigeadh linn a chruthú go cinnte gurbhé an Micheál MacMathúna céanna a scríobh an dá Is. seo annsin thiocfadh linn a bheith dearfa de gur duine de vagantes nó de scoláirí fáin na haimsire sin a bhí ann.

Leath.

9-153 Eochair-Sciath an Aifrinn. 7 An Reimh Thionnsgnadh. An ainm na Trionoide Amen. As an san aimsir sin an Dithcreidiomh & amuide Chalbhin Cholaig & Luteir lotbheartaigh & rl. I ndiaidh an réamhrá toisíonn téax an Eochair Sciath ar leath. 25 agus críochnaíonn sé ar leathanach 153. Ar an leathanach seo tá an nóta: Finis Deochair sgiath an Aithfrinn. Suirim guidhe an Leightheora ionnmhuin air ghrádh Dé.

153-215 Beatha Phádraig.8 Beatha an Easbog Ghlórmhair .i. Pattraicc Apstal & Príomh Fháidh na hEirean. Ann so. An chéad caibidil. Ag toiseacht:Trachtadh air dhuthaighe, air aithar & ar a mháthair Phattruicc & na míorbhuilibh do rin ina naoindheanntacht. A mbaile darab ainm Tiburnia san Bhriotain laimh ré cathair ara dtugtar Emptor & rl. Ag deire an téax seo tá an nóta a luaigh mé thuas :

Fonótaí


  1. Cat. of Irish MSS. in R.I.A., leath. 2109 et seq 

  2. 61 Tithe Applotment Books, County Limerick, insan P.R.O., Baile Átha Cliath, Paróiste Áth Dara (bosca I), Paróiste Fheada Móra (bosca 67), Particles (bosca 138). 

  3. Ordnance Survey Letters, County Clare, Iml. II, leath 125 (cóip chlóscríofa). Deir Ó Donnabháin annseo: ‘About a quarter mile to the south of this church [i.e., seana shéipéal paróiste Chill Ó Finn] and in the townland of Knocknacross (this townland is included in Mountshannon West, which is a new name) is a holy well called Tobar Chiaráin, the well of St. Kieran, at which Stations are performed on Sundays, but the festival of St. Kieran is not celebrated at it’.

    Ibid., leath. 26: ‘In the townland of Ballymacolman or Colmanstown in this parish [ Paróiste Chill Ó Finn] are the ruins of a castle mentioned in the list of the Castles of Thomond referred to as belonging to Teige MacMahon of East Corco Baiscinn’.

    Tá mé buíoch de Chionnaot Bale, an Coimisiúin Logainmneacha, as ucht m’aird a dhíriú ar na tagairtí thuasluaite. 

  4. Tithe Composition Book, Parish of Killofin, County Clare, san P.R.O., Baile Átha Cliath (bosca 98). 

  5. Cat. of Irish MSS. in R.I.A., leath. 3217. 

  6. Féach Tithe Applotment Books, Parish of Rathbarry, P.R.O. (1834 agus 1870), bosca 141. 

  7. Curtha in eagar ag Pádraig Ó Briain (1898). 

  8. Cóip de’n leagan Gaeilge de’n bheatha a scríobh Jocelyn atá annseo. Tá an saothar seo ana choitianta i Iss. na 18ú aoise. Tá sé le fáil i gcorradh le fiche is a ceathair Iss. san R.I.A. Féach O’Grady-Flower, Cat. of Irish MSS. in Brit. Mus., I, leath. 34 agus II, leath. 456 mar a bhfuil cuntas ar na cóipeanna atá le fáil i Iss. Musaeum na Breataine.