Lámhscríbhinn III

LÁMHSCRÍBHINN III

ÁBHAR ILCHINEÁLACH

18ú—19ú aois. Páipéar. 6" x 4". Tá cúdach éadtrom leathair ar an Is. seo. Tá an LS scríofa ar idir-leathanaigh leabhair chló-bhuailte ina bhfuil téaxanna achtanna dlighidh le fáil a reachtaíodh i bPairlimint Bhaile Átha Cliath insan bhliain 1772. Baineann dhá chionn dena hachtanna seo le cúrsaí bannc-bhriste, agus b'é a ba chuspóir don tríú cionn gléas níos fearr a chur ar fáil leis an chorraíl a bhí ar siúl san am údaigh i lár agus i n-Oir-Thuaisceart Uladh a smachtú. Ó thaobh na staire áitiúla de agus mar gheall ar na liostaí d'ainmneacha daoine a foillsítear i ndá chionn acu tá téaxanna na nAchtanna seo inspéise ionnta féin.

Scríobh duine darbh ainm Tomás Ó hÉineacháin an LS seo idir na bliantaí 1779 agus 1813 nó mar sin. Tá an méid sin eolais le baint as an LS féin. Is cosúil gur duine de bhunadh Chondae Shligigh a bhí ann ainneoin gan an sloinneadh Ó hÉineacháin a bheith coitianta san chondae sin. I mbaile Shligigh a bhí sé ar an 18ú lá de mhí Feabhra 1802, mar is léir dúinn ón nóta atá le fáil ar leathanach 97. Sloinneadh de chuid Mhuigheo é Ó hÉineacháin ó cheart, 40 acht san bhliain 1854, cuir i gcás, bhí cóilíní beaga daoine den tsloinneadh sin le fáil agus cónaí orthú i bparóiste Áth Imlaise i mBarúntacht Chairbre agus i bparóiste Drom Cliabh san bharúntacht chéanna. Bhí daoine de'n tsloinneadh sin le fáil fosta i bparóiste Achadh Chonaire i mBarúntacht Luighne. Bhí beirt shealbhthóirí darbh ainm Tomás Ó hÉineacháin ina gcónaí i bParóiste Drom Cliabh. Níl aonduine de'n tsloinneadh seo ainmnithe i mBaile Mhór Shligigh i Suirbhé Uí Ghríofa, 1854, de réir mar is féidir liomsa a dhéanamh amach. 41

Bhí fear darbh ainm Tomás Ó hÉineacháin (Thomas Henegan) ina chónaí i mbaile mhór Shligigh san bhliain 1779. Insan Catholic Qualification Rolls Index do na bliantaibh 1778-90 deirtear gur cháiligh Thomas Henegan a raibh cónaí air i Sligeach i mí Lúnasa 1779 ag Seisiúin Shligigh, agus gur chuntasóir a bhí ann. 42 Ó tharla an t-ainm sin bheith comh gann sin thart fá bhaile Shligigh i dtús agus i lár na haoise seo chuaidh thart thig linn a bheith lán-chinnte, dar liom, gurbh ionann an duine atá luaite ins na Qualification Rolls agus an duine a scríobh an LS seo. Ar an ábhar gur chuntasóir a bhi ann bheadh spéis ar leith aige ins na hAchtanna faoi chúrsaí bhannc-bhriste agus ins na liostaí d'ainmneacha daoine ar foillsíodh a n-ainmneacha mar dhaoine a bhí bannc-bhriste i dtéax na n-achtanna.

Scríobh sé cuid mhaith de na dréachta Gaeilge atá aige insan LS seo de réir na bhfuaimeanna agus tá a lán eolais le fáil as an litriú neá-fhormálta seo faoi thréithe de chuid chanúint an scríobhaí. Dánta a bhí de ghlan-mheabhair aige, agus a d'fhoghlaim sé ó bheith ag éisteacht leo agus iad dá n-aithris, atá ins na dréachta seo. I dtaca le roinnt eile dena dánta de, m. sh. Pléaráca na Ruarcach agus an dán leis an Chearbhallánach, déarfainn gur aithscríobh sé iad as lámhscríbhinn einteacht nach rabh caighdeán ró-árd litrithe innti. Tá dréachta próis agus dánta i mBéarla le fáil insan LS fosta.

'Sé mo bharúil gur i nDrom Cliabh a rugadh a's a tógadh é, áit nach bhfuil ró-fhada ó theorainn Chondae Liathdroma. De réir cosúílachta bhí Tomás in úsáid mar ainm i measg Muintir Éineacháin annsin. Mar atá ráite agam thuas is cosúil gur aithscríobh sé cuid de na dréachta atá aige san LS as lámhscríbhinn einteacht eile. Bhí cóipeáil lámhscríbhinní Gaeilge imithe ar neimhni i gCondae Shligigh san am údaigh, ar feadh m'eolais, acht lean an traidisiún seo i gCondae Liathdroma, agus síar ó thuaidh go hÁrd a' Rátha i dTír Chonaill agus soir ó thuaidh go dtí ceanntar Inis Ceithleann anuas go dtí timcheall 1840. 43 I ndeire na 18ú aoise bhí lámhscríbhinní á gcóipeáil go fóill i gCondae Roscomáin agus i gCondae Longphuirt. 44 Acht bhéarfadh an dán leis an Chearbhallánach, an dán le Mag Guain agus Pléaráca na Ruarcach le fios dúinn gur le traidisiún Liathdroma is mó a bhí baint aige. Lena chois sin taispeánann Ó hÉineacháin go rabh spéis aige i dtraidisiúin faoi Cholmcille, rud a mbéitheá ag súil leis ag fear de thógáil Drom Cliabh áit ar bhunaigh Colmcille mainistir agus ar dhúirt sé faoi

"Ionmhuin fós thiar lem chridhe
Druim Cliabh ag tráigh Cuilcinne"

agus i leagan eile de na línte céanna

"Inmhuin Druim Cliabh mo chroidhe
'S beith thiar ac tráigh Eothaile". 45

Ní dhearna an scríobhaí aon uimhriú ar na hidirleathanaigh ar a bhfuil an LS scríofa. Mé féin is cionntach leis an uimhriú a bhfuil tagairt le fáil dó insan chlár seo. Is cosúil gur scríobh sé isteach na píosaí próis agus filíochta ó am go chéile i gcaitheamh dornán maith blianta.

Ar leathanach bhán ós comhair an tidil-leathanaigh tá an t-ainm Tho. Henigan scríofa i bpeann luaidhe. Iarracht é seo, dar liom, le aithris a dhéanamh ar shiníu an scríobhaí, siniú atá scríofa treasna barr an tidil-leathanaigh i ndúch mar leanas: Thomas Henegan, May 14th, 1776. Idir sin agus deireadh an leabhair tá a shíniú le fáil naoi n-uaire eile m. sh., Thom Henegan, Thom Ó Henecane, Tomas O heneghane & rl.

Fuair Séamas Ó Raigne, Ollamh le Béarla i gColáiste Phádraig, an LS seo ó chara dá chuid i Sligeach cúig bliana ó shoin, agus bhronn sé ar leabharlainn na Coláiste í san bhliain 1958.

Leath.

1 -20 Iomarbháidh Oisín agus Phádraig. 46 Omrouoi Issine & Phadrig. Ag toiseacht,

Fadrig a gouhli thou en telig,
A vic Alpin na salm sáv & rl. 232 ll.

21 -29 Tráchtas i mBéarla darab tiodal, On the Clergy and Eucharist etc. Ag an deireadh tá an síniú, Tho. Henegan, June 15th, 1790.

30 -32 Tráchtas i mBéarla ar a bhfuil an tiodal, A Caution to the Clergy &rl. Ag an deireadh tá an síniú, Thom. Henegan.

33 -59 Aistriuchán Béarla ar an dán Tuireamh na hÉireann. The Antient History of Ireland. 1779. Abridged by Thom. Henegan. Ag toiseacht,

Irish heroes when I remind
The weal and Church how thrown behind,
Our friends how lost, how poor in Kind,
My heart within me to rend incline & rl. 47
122 véarsaí & 488 línte.

Ag an deire tá an siniu July, 5th 1799. Thom. Henegan.

60 Ar Cholmcille. Toisíonn sé, St. Collum Cille foretold the Danes wd. invade Ireland, he foretold that a colony from England would inhabit Derry. In his farewell to Ireland at his departure from Derry he begins thus,

Mo Dhorighan, Mo Dhorighan,
Mo chno bhuidh agus m'fhaligan
Is gur dona Gallaibh ata nan
A beith lar mo Dheoragan & rl. 48

Annsin tá aistriuchán Béarla ar na véarsaí seo ag toiseacht,

My fragrant Bank and fruitful trees,
farewell,
Where pensive mortals mixt with angels
dwell & rl.

Annsin tá an nóta: It was in the reign of Bridius, the son of Meilochon, King of the Picts, in 565, Golium Killa arrived in Scotland and settled in the Isle of Ioi or I, about twelve miles from the mainland.

61 -69 Ar Thoiseach agus ar Dheireadh an tSaoil. Air Hushaugh & er Derua an Theel. Toisíonn sé mar seo, Reash an cruhi ni roe unsa a doun ga lear agh Berth. Evenus na cruina gur buea ve ar a thuil &rl. Críochnaíonn sé mar seo: Dusguil tu na Flahish & rina tú en ballagh de retagh en sheluah a hoirth Gaue a parus lesh en nahir, an mac & an spirid neif, amen. Thom. Ó Henecane.

68 -78 Dán. Ag toiseacht,

A reigh na cruinnea & a doun le cealagh,
Cruthigh na Flaish agus an Taluagh a nenaght & rl. 49 86 ll.

79 Véarsa i mBéarla ag toiseacht,

Awake my soul agrieved with sin,
Repent hard heart, to bleed begin & rl.

Faoi sin tá an dán beag Gaeilge a bhfuil an véarsa Béarla thuas mar aistriuchán air,

Is mé an creatior bocht fan ulach trom
O mheid mo pheachaidh is aireah( ?) liom & rl. 5 11. 50

80 -81 Paraphrase on Ave Maria. Ag toiseacht,

Hail Mary most refulgent pearl of light & rl.

Véarsaí i nGaeilge ag toiseacht,

Failta dhuit, a Mhuirre Mhor,
A viden bhuir ndeacair foir,
A mhaithir Isa, realta na marra,
'S tu skeath na mboct, bhur nannum charra & rl. 51 16 ll.

82 -88 Nótaí ar Cholmcille, fáistine Cholmcille &rl. i mBéarla. Tá an véarsa Ghaeilge seo ina measg:

As truadh gan mise an Dhiorra,
No a Tiorudh na ttunn ghille,
Dear liom, nir mholc a dáil
Mo chorp da mbiodh a nGartan.

Annsin tá aistriuchán Béarla ar an véarsa chéanna ag toiseacht,

I would to God I were in Derry
Or laid in Gartan's native clay & rl.

Tá an méid seo faoi Cholmcille ar leathanach 85:

The last spot Collum Kill saw in Ireland was a village called Killshillagh on the shore of Lough Foyle below L. Derry, and we have it on tradition that he could stay no longer than midnight where he spun it out till the cock crowed, and took his last farewell with reluctance, since he is said to have made the following verses or lines:

Cille Shillach, Cille Shillach,
Cille is moch a ngairrann cuillach;
Go raibh a cuillach gan chean,
agus Cille Sillagh gan cuillach.

Tá leagan Béarla de'n véarsa chéanna aige annsin ag toiseacht: May thou Kilsillagh, want a cock & rl.

89 -97 Dán cráifeachta i mBéarla ar a bhfuil an tiodal On the Critical Hour of Death agus ag toiseacht,

Decline good muse to sound thyne humble lyre,
With vain conceits touch not the trembling wire & rl.

Ag an deireadh tá an síniú, Sligo, 18th Feb., 1802 Thom. Henegan.

98 -103 Dán cráifeachta eile i mBéarla darab tiodal Soliloquy of the soul at the Tribunal of Eternal Justice on being condemned, ag toiseacht

O wretch of wo! yes woe's eternal now;
Where shalt thou hide thy once imperious brow? & rl.

104 -106 Dán i nGaeilge darab tiodal In praise of the clergy ag toiseacht,

Shea deir a clearhu deanau Thegav gaugh La
gur ig boucta a Tseal gon vreag tha na flauieas le fale
52 & rl. 16 ll.

107 I mBéarla. Leigheas ar an ghrís.

109 -114 Pléaráca na Ruarcach. Plearaca na Ruarcach, ag toiseacht

Pleraca na Ruarcac a ccuimhne anuile duine
Da ttucaidh, bhfacfeach, s d cclunfed go foill
& rl. 44 ll.

Ag an deireadh tá an nóta Tomaus Ó Heneghane sgribhe e mhbline An Thirna 53

115 Pléaráca an Stafordaigh. Carolan's Receipt is tiodal dó san LS seo agus toisíonn sé

Mas tin no slan a tarlaigs féin
Do gluis me traaa bfarde me
& rl. 14 11. 54

Nil annseo acht toiseach an dáin.

116 Dán Gaeilge a bhfuil an tiodal Sir Toby Butler air san LS ag toiseacht

Ó Trinod na minochta a gellud Poll & rl.

Tá an dán neá-chríochnaithe. 7½ ll.

117 -119 Scripture Proofs; i mBéarla

120 -121 Tairngireacht Cholmchille. Colmcille's Prophecy. Críochnaíonn sé leis an véarsa faoi Chill Sillach. Vide supra. Sínithe ag an deireadh, Thom. Henegan.

122 Cuntas i mBéarla darab toiseach,

Methodists of their own Church thus describe themselves & rl.

125 Ainm na hOllphéiste. Name of Beast. Oibrítear amach gur Martin Luther a ainm.

127 -143 Gearr-chuntas i mBéarla ar an Aeneid. A Short History of Troy and of Aeneas by Virgil. Sínithe ag an deireadh, Thom. Henegan.

145 -146 Ainmneacha luibheanna áirithe i mBéarla agus i nGaeilge. m.sh. Alehoof = aherlus. coltsfoot = ahain. Great dazy (sic) = aisbeochan & rl.

147 -154 Doctor Butler's Reformation. Aor i mBéarla atá annseo ar an Dr. de Buitléir a thréig easpagacht Chorcaí nuair a fuair sé seilbh ar estát Dún Baoithin. 55

154 -158 Dán i mBéarla in éadan móid na dílseachta.

159 Véarsa i nGaeilge darab tús, Is gor trouadh don te nach dtigion a cuairsaa féin & rl. 56

161 -172 Dán cráifeachta ar a bhfuil an tiodal Daun vic Guane er Paush Christa, ag toiseacht:

Naugh bouair a thaim & sauesti culim an eigh,
Gon smeeneau a wain eir an mbausa duilin a ree & rl. 108 11. 57 27 véarsaí.

Ag an deireadh tá an nóta: Screibh le Thom O Henecane, an 14 dan ve dearagh don Saura, 1813, de eish an Teirna.

172 -175 Na Deich nAitheanta i bhFuirm Dáin. Deigh Nahantigh a naune, an tiodal san LS Ag toiseacht,

Creid a vick an ndei go glan,
She do las a cuir an Tuirn;
Is eving duth lá na grach,
Yuofigh tu naugh da cahn & rl. 40 11. 58

176 -180 dán an scabaill. Daunean Scabuil. Ag toiseacht,

Anish o tha me dulfee do ydeedan
A wiedan yeelish 7 fee do skea
Thore dam credeu ve ladir breevour & rl. 3011 . 59

Ag an deireadh tá an siniú Tom. Ó Hennican.



Fonótaí

40 Woulfe, op. cit, leath. 561 agus leath. 567.

41 Griffith Survey (1854), Co. Sligo; Barony of Carbery, leathanaigh 24-26 agus leathanaigh 53, 57, 58, agus 62; Barony of Leyney, leathanaigh 22, 30, 70, 100.

42 Catholic Qualification Rolls Index 1778-90, P.R.O. Baile Átha Clíath.

43 Lss. 23M24 (cuid de), 23Al, 13I8. I 23I8 tá a lán dánta a scríobhadh síos ó bhéal-aithris Thaidhg Uí Fhloinn, agus dánta le Cearbhallán ina measg. B'as ceantar Drom Caorthainn i gCo. Liathdroma do Ó Floinn. Féach Breifne iml. I, Uimh. 1, leathanaigh 30-40. B'é Pádraig Mag Fhloinn, scríobhaí Hardiman, áfach, a scríobh síos na píosaí atá i 2318. I gCionn Locha i gCondae Liathdroma a scríobhadh LS XXIV de chuid lss. Énrí Uí Mhuirgheasa, cnuasacht lss. atá anois i leabharlainn Choláiste na hOllscoile i mBaile Átha Clíath. Is LS mhaith í, agus scríobhadh í san bhliain 1825. Casadh an scríobhaí, Mícheál Mac a' Bháird, ar Sheán Ó Donnabháin san bhliain 1835. Féach Ordnance Survey Letters, Co. Leitrim, leath. III (cóip chlóscríofa). I dtaca le ceantar Inis Ceithleann de féach alt liom san Clogher Record, Iml. II, uimh. 3, leath. 332 et seq. Ar Simon Macken, Fermanagh Scribe and Schoolmaster, agus Mackinnon, Cat. Of Gaelic MSS. In Scotland, leath. 253-255. I dtaca le Deisceart Thír Chonaill de féach na litreacha ó Phádraig Ó hUiginn chuig Roibeárd Mac Ádhaimh atá le fáil i LS Ghaeilge 702 i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann. Féach fosta Donegal Annual (1959), leath. 150, agus leath. 154.

44 Féach lss. 23M6 (Co. Roscomáin), 23Q18 (Co. Roscomáin) agus 3 C4ii (Longphort) i nAcadamh Ríoga na hÉireann.

45 Féach Reeves, Life of St. Columba, leath. 289; Betha Colaim Chille curtha in eagar ag O'Kelíeher agus Schoepperle, leath. 292.

46 Curtha in eagar ag an Seabhac, Laoithe na Féinne, leath. 69 et seq., agus ag
Tórna (Tadhg Ó Donnchadha), Filíocht Fiannaíochta, leath. 53 et seq.

47 Aistriuchán Béarla de'n dán fhada sin Tuireamh na hÉireann, dán atá le fáil go hiontach coitianta ins na lss. Gaeilge, thuaidh agus theas. Curtha in eagar ag Dubhglas de hÍde, Lia Fail, II, leathanaigh 212-234, agus aríst ag Cecile O'Rahilly i Five Seventeenth Century Political Poems (1952), leathanaigh 50-82. Deir Cecile O'Rahilly faoi'n aistriuchán thuas, 'This version . . . seems to have been the most popular', i.e., de na leaganacha Béarla. I LS a cuireadh le chéile san bhliain 1797 atá an leagan is sine den aistriuchán seo a fuair Cecile O'Rahilly, leagan nach bhfuil acht ocht véarsaí ann. Cuirtear an t-aistriuchán seo i leith údar éagsúil ins na lss. Arbh fhéidir gurbh é Ó hÉineacháin féin an t-aistritheoir? Más amhlaidh atá an scéal, is furast a shaothar a mholadh, acht ar scor ar bith is insan LS seo atá an leagan is sine le fáil agus deir Ó hÉineacháin faoi, The Ancient History of Ireland 1779. Abridged by Thom. Henegan.

48 Cf. Reeves, op. cit., leath. 288, mar a bhfuil leagan den véarsa seo le fáil.

49 Níor éirigh liom an dréacht seo nó an cionn roimhe sin d'aithint.

50 Gheibhtear an véarsa seo i lss. i nAcadamh Ríoga na hÉireann, a cuireadh le céile i gCo. Liathdroma, i gCo. Roscomáin, i gCo. Longphuirt agus i gCo. na Mí. D'fhoilsigh de hÍde é i Religious Songs of Connacht, 1, leath. 4.

51 Le fail i LS 24L34 a scríobh Pádraig Mac Gatháin i nDún gCuailnge i gCo. Lughbhaí. Foillsithe ag Hyde, Religious Songs of Connacht, I, leath. 380.

52 D'ainneoin an tiodail aor ar shagairt shaolta atá annseo.

53 Tá an dán seo le fáil go coitianta i lss. Deisceart Uladh agus Tuaisceart Connacht. Rinne Dean Swift leagan Béarla de. Curtha in eagar ag Tomás Ó Máille in Amhráin Chearbhalláin, I.T.S. XVII, leath. 205. Ins na nótaí faoi'n dán atá le fáil i leabhar an Mháilligh tugann sé leagan atá le fáil i LS 23B28 i nAcadamh Ríoga na hÉireann, leagan a scríobhadh síos de réir na bhfuaimeanna. LS ó Chondae Liathdroma 23B28, de réir cosúlachta, agus deir ó Máille gur fearr an téax seo ná an téax a d'fhoillsigh sé i gcorp an leabhair. Tá cosúlacht mhór idir leagan Uí Éineacháin agus leagan 23B28. Tá véarsa de bhreis ag an dá leagan seo ar an leagan a chuir Ó Máille in eagar.

54 Féach Ó Máille, op. cit., leath. 115. Níl acht tús an dáin annseo.

55 Féach D.N.B. iml. 3. leath. 518.

56 Tá leaganacha le fáil ins na lss. seo i nAcadamh Ríoga na hÉireann, 3B39 (Co. na Mí), 23M6 (Co. Roscomáin), 23Q18 (do.), 23G21 (Co. Chorcaí), 3C4ii (Co. Longphuirt agus Co. Lughbhaí).

57 Sháruigh orm a theacht treasna ar aon leagan eile de'n dán seo. In Urlahhraidheacht le Tomás Ó Máille, leathanaigh 175-179, tá cúpla scéal foillsithe aige a bhreac sé síos ó bhéal-aithris Bhríd Níg Ualraig i gceantar Tobar a' Choire i gCondae Shligigh. Baineann na scéalta le file darbh ainm Eoghan Mag Gumhain. Tá na scéalta seo, agus go háithrid an scéal faoi bhás Mhig Gumháin, ana chosúil le cuid de na scéalta a bhailigh Enrí Ó Muirgheasa i bhFearnmhaighe faoi Chathal Buí Mac Giolla Ghunna. Féach Céad de Cheoltaibh Uladh, leath. 323 et seq. Tá leagan de véarsa a dó de'n dán thuas le fáil in Urlabhraidheacht mar d'aithris Bríd Níg Ualraig é. Seo mar a bhí sé aice.

'A Rhí gheal na ngrásda a thug spás dom chomh fada in mo shaol
Ó d'íoc tú'n cháin tabhair slán gach ar cheannaigh tú daor,
Nach mise an peacach tá calctha le cruas mo chroidhe,
Is dhá ndéanainn an aithrighe go bhfuighinn banríoghain na glóire le m'aoigheadh (? maoidheamh)'.

Ag seo leagan Uí Éineacháin. Tá caighdeánú déanta agam ar litriú neá-fhormálta Uí Éineacháin annseo.

'Buíochas don Árd-Rí thug spás dúinn seal fada air a tsaol,
Agus d'íoc tú an cháin, tabhair slán gach ar cheannuigh tú daor,
Fir agus mná, 'sí Éabha a bhris d'aithne agus do dhlí,
Agus gur ins a 'ngairdm a thuill sí fearg an ríogh'.

I LS 23N33, i measg dréachta eile ó Chondae Liathdroma, tá dán a cuirtear i leith fhile darbh ainm Feidhlime Mag Gumháin agus is soiléir ó'n méid a deireann sé san dán gur duine ó cheantar na Drobhaoise a bhí ann agus gur i dTír Chonaill a bhí cónaí air, ainneoin gur i gCondae Liathdroma a tharla an eachtra a bhfuil tagairt dó san dán. Sloinneadh Conallach é Mag Gumhain. Cf. Woulfe, op. cit., leath. 417. Is dóiche gurbh é Feidhlime Mag Gumháin a chum an dán seo thuas. Thug Bríd Nig Ualraig Eoghan mar ainm air acht bhí claonadh aici ainmneacha filí a mheascadh. Féach an scéal a d'innis sí faoi Chearbhallán Ó Dálaigh. Ba duine ó cheantar Loch Mhac nÉan Cathal Buí MacGiolla Ghunna (níltear cinnte go fóill faoi cé'n chondae in ar rugadh é), ceantar nach bhfuil ró-fhada ó'n Drobhaois agus ó tharla cliú áitiúil a bheith ar Mhag Gumhain agus ar Mhac Giolla Ghunna is dóiche gur meascadh le chéile na scéalta a d'innsítí fútha.

58 Scríobh Éamonn Ó Tuathail síos leagan eile de na Deich nAitheanta i bhfuirm dáin ó bhéalaithris Eoin Uí Chianáin, a raibh cónaí air i mBoth Dónaigh i dTuaisceart Thír Eoghain. Féach Scéalta Mhuintir Luinigh, leath. XLVIII. Tá cosúlacht mhór idir a dá leagan acht tá leagan Uí Éineacháin i bfhád níos fuide. D'fhoilsigh de hÍde leagan atá anchosúil le leagan Uí Éineacháin i Religious Songs of Connacht, I, leathanaigh 323-329.

59 Bhí dánta faoi'n scaball coitianta go leor i measg na ndaoine um deire na 18ú aoise agus i dtoiseach na 19ú aoise. Ní fhaca mé an cionn seo aroimhe. Féach Ó Muirgheasa, Dánta Diadha Uladh, leath. 122 agus Hyde, Religious Songs of Connacht, II, leath. 200 et seq. agus leath 396 et seq.