ISOS logo
en

LS I

LÁMHSCRÍBHINN I

SCATHÁN SHACRAMUINTE NA hAITHRIDHE AGUS TRÁCHTAISÍ DIAGA EILE.

18ú aois. Páipéar, 7½" × 6⅔". I gCondae Phortláirge a scríobhadh í. Tá cúdach teann pháipéir ar an lámhscríbhinn seo agus tá an drom déanta de éadach. Taobh istigh de’n chúdach tá ceithre leathanach bhána agus ar an cheathrú leathanach díofa seo tá cúdach litreach greamaithe ar a bhfuil scríofa an t-ainm agus an seoladh seo leanas, Revd. P. A. Walsh, C.M., St. Vincent's, Cork.1 Tá an séala leabhar- lainne, St. Joseph’s Library, Blackrock, ar an leathanach seo agus faoi’n chúdach litreach tá an t-ainm Robert le léamh, acht tá an sloinneadh a lean é do-léite anois. Faoi’n síniú leath-scriosta seo tá an seoladh, St.John’s, Waterford, 1878. Is cosúil go rabh an Is. seo uair amháin i seilbh duine einteacht a raibh baint aige le Coláiste Naomh Eoin i bPortláirge. Caithfidh nach raibh an Is. insan leabhar- lann annsin insan bhliain 1905 nó nil aon tagairt di le fail insan chlár dena lss. Gaeilge a bhí i dtaisce san Choláiste sin a d’fhoilsigh an tAthair Pádraig de Paor san bhliain chéanna.2 B’fhéidir nár cuireadh i leabharlann Choláiste Naomh Eoin riamh i, acht gur thug an té a bhfuil a ainm leath-scriosta le feiceáil san Is. go fóill do’n Athair Breathnach i. Nil a fhios agam goidé mar a fuair údaráisí Choláiste Phádraig seilbh ar an Is. acht is cosúil gur thug an tAthair Breathnach i do shagart einteacht dá órd a bhi ar fhoirinn riartha na Coláiste tráth taréis di bheith seal i leabhlarlann Teach Naomh Seosamh, ar an Charraig Dhubh.

Nil ainm an scriobhai le fail i gcorp na lse. acht i ndeire an leabhair tá cúig leathanach bhána agus tá roint probationes pennae le feiceáil ar chionn acu seo, agus ina mease tá an síniú seo i bpeannaireacht an scriobhai, an tAthair Mithchael Ó Brien, agus aríst, i mBéarla, Michael O'Brien. Bhi sagart darbh ainm Micheál Ó Briain ina shagart óg i bparóiste na hEaglaise agus Bhaile na Mile i bhFairche Phort Lairge agus an Leasa Mhóir timcheall na bliana 1808, agus bhi sé in a shagart pharóiste i bParóisti aontaithe Chnoc an Óir agus Chill Uachtar ó 1810 anuas go dti 1828. 3 Ó tharla nach raibh aon sagart eile de’n ainm agus de’n tsloinneadh sin i bhFairche Phort Lairge agus an Leasa Mhóir i dtráthaibh an ama sin thig linn a ghlacadh leis, dar liom, gurbh eisean scriobhai agus céad-únaer na lse. seo.

Diomaoite de alt amháin, tráchtaisi diaga atá san Is. seo agus ina mease cuntas i bhfuirm seanmóra ar bheatha Phádraig. Go minic chuir na scriobhaithe a gcuid lss. le chéile i gcóir a gcuid patrún acht, dála na lss. uilig atá i gColáiste Phádraig, is léir gur bailiuchán nó cnuasacht tráchtaisí atá annseo a chuir an Sagart Ó Briain le chéile i gcóir a úsáide féin amháin. B’fhiú agus b’inspéise an chnuasacht seo de chuid sagairt Mhuimhnigh a chur i gcomórtas le cnuasacht de’n chineál chéanna a rinne sagart Midheach dó féin timcheall an ama chéanna.4 Ar an leathanach de’n Is. seo ar a bhfuil síniú an scriobhai le fáil tá síniú eile atá beagáinin doiléir, Michael Newgent (?), Dungarvan, rud a bhéarfadh le tuigbheáil dúinn, le cois na tagairte do Choláiste Naomh Eoin, gur ls. de chuid na nDéisí í seo.

Is dóiche gur cuireadh tús le scríobhadh na lse. seo am einteacht san bhliain 1797, gur leanadh de’n scríobhadh frid 1798, agus gur cuireadh críoch leis, is cosúil, san bhliain 1799. Tá na dátaí seo tugtha insan Is., 10ú Eanair 1798 (leath. 191), 8ú Iúil 1798 (leath. 245), 19ú Iúil 1798 (leath. 247), 10ú Deire Fómhair 1798 (leath. 278), agus an 29Ú Eanair 1799.

I dtaca le huimhriú na leathanach de toisíonn cómhaireamh an scríobhaí ar an chéad leathanach de’n téax tosaigh agus stadann sé ar leathanach deiridh an téax sin. Mé fhéin is cionntach le huimhriú na leathanach ina dhiaidh sin.

Leath.

1 -148 Mac Cathmhaoil. SCÁTHÁN SHACRAMUINTE NA hAITHRIDHE. An chéad rann do'n leabharánsa Tráchtus air an dToirse as cóir don aithridheach do bheithair agus ar an ullmhugh as ion-déanta chuige agus gach nídh eile bheanas ria .5 Tá an Réamhrádh Chum an Léaghtóra fágtha ar lár. Tá an téax neá-iomlán annseo. Críochnaíonn sé ar leathanach 148 (uimhriú an scríobhaí) agus leis na foclaibh: —do bhrigh nach maitar a lochta do dhuine ar bith go ttais- beanadh a chúis ar ttúis, agus gurab olc ris a ndéanamh. Ní fuilar maille re hinnsin, agus re hadmháil na bpeacadha tuirsi do thaisbeánadh fá theagmháil ionnta.6

149 -172 SEANMÓIR AR BHEATHA PHÁDRAIG.7 Beatha Phádraig sonn. Ag toiseacht: Ecce sacerdos magnus &rl. As ró mhór ghoillios orm am choinnsías, a chairde, anamhacht et luighad an impidhe agus fuaire agus faillidhthe na caoin- dúrthachta, no an devotion do chídhim no chluinim aguibh dár náomh Patrún Padruig, do thug iolamad Comaoine oruinn &rl.8

172 -173 AR AN DHEIRC. A ttaobh na Déirce. Ag toiseacht, Déinig an Déirc agus biudh an uile nídh glan aguibh &rl.

174 Bán. Probatio pennae annseo, Laus Deo Semper, scríofa faoi dhó air.

175 -185 Freagartha aithghearr ar mhion cheistibh fán logha. Sliocht eile é seo as SCATHÁN SHACRAMUINTE NA hAITHRIDHE. Toisíonn sé leis na foclaibh: An chéad cheisd. Cia aga bhfuil cómhact a thabhairt amach ?9 agus críochnaíonn sé leis na foclaibh, Gach uile dhuine ghuídheas Dia innte, fá shíothcháin na bprionnsaidhe ccríosduighe, sgrios na herceachta et ardugh na heagailsi do geabhadh logha iomshlán. Sixtus 5 thug amach.10

185 -190 Leathanaigh bhána.

191 -215 SCÉAL MHERLINO MALIGNO.11 Ag seo Trácht ar Mherlino Maligno, et ar an Spioraid Eoluis et ar Thaidhsibh Mherlino Anithfrionn. An Deithmhadh lá don January ann san mblíaghain Dáois XRT 1798. Ag toiseacht, Do bhí athach naon ina chómhnuidhe a ríoghacht na Bohemia duine árighthe dar chómhainim Merlino Maligno agus as amhlaidh do bhí an duine sin &rl.

214 -230 AGALLAMH AN ANMA AGUS AN CHUIRP i bPrós. Agallamh an anma et an Choirp, mar leanas. An 7mhadh lá don Abrán aois Chríost 1798. Ag toiseacht, A chodhlan bhocht mhíodhthrócáireach, a chnú chraosach na nainmhian, a reilig na mallacht, et eisdeacht Easguine, cread do chuir san riocht san tú gan dealbh, gan dreach, gan biadh, gan éadach &rl.12

230 -245 BEATHA NAOMH MAIGHRÉAD. Beatha St. Margréad mar leanas. Ag toiseacht, Gein tsúathan, tsaorchineálach, bhith- bhuadhach, briathar-bhinn, chaoin-chreideamhnach, dear- cach, &rl. darbh chómh-ainm Margread, inghion Theodosius &rl.13

245 Ag deire an chuntais thuas faoi Naomh Máiréad tá an nóta seo, Finis. Glóire do Dhia do ghnáith. Sgríobhtha an ochtmhádh lá do'n July, aois Chríost 1798. A léighthoir, ar grádh Dé, guig ar an sgríobhneoir.

246 -247 CUNTAS AR NA BUILLÍ A D'FHULAING CRÍOST. Jesus, Maria, Joseph, mar leanas. Ag toiseacht, Do rinneadh an foillsiughadh so le béal ár Ttíagharna, Íosa Críost, do Naomh Bríghid, do Lochlainn, agus do Naomh Anna, do bhrígh gur impighdar na trí naoimh réimhráidte so Tuigsin eigin d’faighail ar Pháis Chríost &rl.14

248 -249 ORTHA MUIRE. Órtha Muire. An naomhadh lá déag do July, Aois ChrÍost, 1798. Ag toiseacht, A Thiagharna romhilis, a Íosa Chríost, a aonmhic Dé bhí agus atá, a Dhe na naingeal, a aonmhic na Maighdine ro ghlórmhara, cuidig liomsa an peacach bocht &rl.15

249 -277 AN TEANGA BHITHNUA. An Teangtha bhith Núadha mar leanas. Ag toiseacht, In Principio creavit Deus colum (sic) et Terram ut legitur in capite primo Genesis: Do Chruthaig Dia Neamh agus Talamh ar ttúis, agus a sé an Rígh do rin sin as millse ná gach rígh, et as aoirde ná gach cómhachta, et as sochaidhe ná gach aón &rl.16

279 -284 Sgéul ar Mhíorbhuiltibh Mhuire sonn. Ag toiseacht, Do bhí lánamha shúairc sobhéasach san domhan shoir et do bhí grádh mór aco don chómh-Dhia chómhachtach et do Mhuire, a Mhathair. Do smuaineadar ionna meanmuin Séapéul do dhéanamh ionna Nonóir et dealbh agus íomhádh Mhuire, et a mic, do chur ann &rl.17

285 -286 na hAOINTE ÓRDHA. Na hAóinte Ordha ann seo síos. Ag toiseacht, Gibé duine throisgios na hAointe seo ar arán agus ar uisge et sin do chaithiomh daon phroinn &rl.18

287 -292 Tráchtas ar an Aifreann. Trácht ar an Aithfrionn mar leannas. Ag toiseacht, M. cread éan tAithfrionn. D.Iodhbhart fola agus feola an tSlánaightheora agus suim iomlán a bheatha agus a pháise &rl.

292 -293 SOCHAIR AN AIFRINN. Sochar an Aithfrinn. mar leannas. Ag toiseacht, Ag seo na sochair atá ag an duine an lá éisteas Aithfrionn go humhal ó thúis go deire go bhfaghaidh sé ceithre sochar déag an lá sin mar adeir an Dochtúir náomhtha Tabhistin (sic) &rl.19

294 ScrÍbhneoireacht fhánach, probationes pennae agus na sínithe a luaigh mé thuas.

Fonótaí


  1. Bhí spéis ag an Athair Breathnach i gceol na hÉireann agus ins na hamhráin Ghaeilge. B’eisean eagarthóir Ár gCeol Féinig, Ceol ár Sinnsear & rl. 

  2. Féach Irish MSS. in St. John's College, Waterford, leis an Athair Pádraig de Paor, Irisleabhar na Gaedhilge, XVI, uimhreacha 165-168. 

  3. Power, History of Diocese of Waterford and Lismore, leathanaigh 63, 211-12, 215. 

  4. Ls. 708 i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann. 

  5. Eagrán an Athar Ó Maonaigh O.F.M., (1952), leath. 7. 

  6. Línte 4365-436S d’eagrán an Athar Ó Maonaigh. 

  7. Curtha in eagar i Seanmóirí Muighe Nuadhad, I., leathanaigh 60-85. Tá an téax san eagrán seo bunaithe ar chóip atá i Murphy MSS i gColáiste Phádraig, Mánuat, uimhir 42, a scríobh Seán Ó Mulláin san bhliain 1817. 

  8. Féach Flower, Cat. of Irish MSS. in Brit. Mus., II, leathanach 357. Tá an téax seo le fáil i naoi lss. nua-Ghaeilge i nAcadamh Ríoga na hÉireann. 

  9. Line 6340 in eagrán an Athar Ó Maonaigh. 

  10. Ibid., línte 6592-6600. 

  11. Curtha in eagar ag R.A.S. MacAlister (1905). Féach fosta Z.C.P. IV, leathanaigh 394 et seq. mar a bhfuil cur síos leis an údar céanna ar bhunús agus cúlra an scéil. 

  12. Agallamh an Anma agus an Chuirp i bhfuirm dáin go han-choiteann ins na lss. Tá sé bunaithe ar an dán meán-Laidne Dialogus inter corpus et animam. Féach Flower, op. cit., II, leath. 37. Tá mion-scrúdú déanta ar leaganacha an tsaothair seo san Ghaeilge, idir leaganacha próis agus filíochta, ag an Bráthair Bearchán i. Seán Pádraig Ó Dónaill, i Lia Fail, III, leathanaigh 37-86. 

  13. Tá an saothar seo fosta go han-choiteann ins na lss., Tá dhá leagan den Bheatha san Ghaeilge, cionn a rinneadh timcheall na 15ú aoise agus atá bunaithe ar bheatha Laidne agus leagan de chuid na 17ú aoise (?). Is cosúil go síolraíonn an darna leagan ó’n chéad leagan. I Is. Egerton 1781, a cuireadh le chéile idir 1484 agus 1487, deirtear gurbh é Pilib Ó Bálaigh an t-aistritheoir. Tá corradh le 34 cóipeanna de’n darna leagan le fail i lss. Acadaimh Ríoga na hÉireann. Cóip de’n darna leagan atá san Is. atá faoi chaibideáil againn. Féach Flower, op. cit., 531 agus Cat. of Irish MSS. in R.I.A., leathanach 306 agus passim. Tá dhá chóip de le fail i lss. Choláiste na Tríonóide. Féach Gwynn, Cat. of Irish MSS. in T.C.D., leath. 119 agus leath. 167. 

  14. Tá cóip de’n téax seo i Is. Sloane 3567 i Musaeum na Breataine a scríobhadh i bhFearmanach idir 1664 agus 1665. I Is. Sloane 3567 deirtear gur do Naomh Elisabet, do Malachias agus do Naomb Bríd a rinneadh an foillsiú. I Is. 23L6 i nAcadamh Ríoga na hÉireann, a scríobh Seán Ó Dálaigh i Lic Fhuaráin i gCo. Phortláirge ins na bliantaibh 1824-25, deirtear gur do Naomh Bríd, do Lochlainnibh (sic), agus do Naomh Anna a rinneadh an foillsiú, fé mar atá ráite i dtéax na lse. ’s againne. I Is. 23L6 tá na dréachta seo leanas le fáil atá fosta i Is. I i gColáiste Phádraig, Dromchonrach, Na hAointe Órdha, Na Buillí a d'Fhulaing Críost, An Teanga Bhithnua, Beatha Naomh Máiréad, agus Fís Mherlino. Is dóiche gur shíolraigh an chuid seo de Is. 23L6 agus an Is. seo de chuid Choláiste Phádraig ó chnuasacht einteacht a cuireadh le céile i gCo. Phortláirge san 18ú aois. Féach Flower, op. cit., leath. 31 agus Cat. of Irish MSS. in R.I.A., leath. 310. 

  15. Tá se le fáil i nEgerton 139 i Musaeum na Breataine cf. Flower, op. cit., leath. 93 agus passim. Tá naoi gcóipeanna de le fail i lss. Musaeum na Breataine agus tá sé ana choiteann i lss. an R.I.A. D’fhoillsigh Dubhglas de híde leagan de i Religious Songs of Connacht, II, leath. 20. 

  16. Téax é seo atá coiteann ins na lss. Bunaíodh é ar shaothar Laidne atá caillte a cuireadh i leith Naomh Pilib, an t-Abstal. Tá trí priomh-leaganacha de le fail ins na lss. Gaeilge. Tá fiche cóipeanna ar a laghad de’n leagan is deireannaí le fail i lss. Acadaimh Ríoga na hÉireann i. an leagan atá san Is. thuas. Féach Flower, op. cit., leathanaigh 556-559. Tá sé le fail i gceithre lss. i gColáiste na Tríonóide; féach Gwynn, Cat. of Irish MSS. in T.C.D., leath. 41 agus passim. 

  17. Tá dhá chóip déag de’n tsaothar seo i lss. Acadaimh Ríoga na hÉireann. Tá cóip le fáil fosta san ls. Egerton 112 i Musaeum na Breataine. Féach O’Grady, Cat. of Irish MSS. in Brit. Mus., I, leath. 56. 

  18. Foillsíodh liostaí eile de na hAointe Órdha ag an Athair Pól Breathnach, Leabhar Chlainne Suibhne, leath. 120, agus ag Gearóid MacNiocaill, Éigse IX, leathanaigh 32-33. 

  19. Le fáil i ls. Add. 40766 i Musaeum na Breataine agus in Egerton 136 fosta. Cóip i ls. Sheáin Uí Dhálaigh, 23L6. Féach nóta 14 thuas.