ISOS logo
en

MS M 95

Catalogue of Irish Manuscripts in Maynooth University

M 95

FILÍOCHT: ÁBHAR SPIORADÁLTA

18ú haois. Páipéar. VIII+360 lch le dhá dhuilleog bhána ceangail ina tosach agus ina deireadh. Ríomhaigh Seán Ó Murchadha na Ráithíneach na duilleoga a bhreac sé féin ar dheis amuigh (1-166); agus an Builléadach na lgh a bhreac seisean (169-179, ansin 200-215 cé ná fuil aon ní caillte idir 179 agus 200 dá áireamh). Deineadh ríomhadh leanúnach ar na lgh le déanaí agus buaileadh na figiúirí anuas sa mhullach ar fhigiúirí Sheáin na R. go minic i dtosach na lse. Seán Ó Murchadha na Ráithíneach a scríobh lgh 1-331 do Sheán Builléad; bhí sé ag scríobh idir 18-10-1754 agus Lúnasa 1755 (cf. 12i., 331i.), agus é i "gCairrthe na bhFear" (cf 12i, 189i., 302i.) i rith an ama sin. Scríobh Seán Builléad féin ó lch 332 amach; tá an dáta 1756 le lch 348 aigesean. Bhí an ls tamall i seilbh "Daniel O Brien" agus d'fhág seisean le huacht é ag an Easpag Ó Murchú. Tá a shíniú ar viii. agus laistigh ar an gclúdach chun tosaigh le dáta 1810. Tá D. O B. uaidh ar aghaidh an chlúdaigh lasmuigh leis, in órlitreacha. Sin uile a bhfuil buailte ar an gclúdach, seachas an uimhir "95" greamaithe di i gCúpla áit. Tá sí seo ceangailte i leathar crón. Tá leabharshuaitheantas an easpaig ar an gclúdach laistigh. Leanaim uimhriú déanach na lch anseo.

I . J[ohn] O B[rien]. Ye noble natives of our Irish isle. II v.

III-VIIm. Clár dár scríobh S. na R. óna láimh féin. Chuir an Builléadach an cnéad aiste uaidh féin leis an méid sin. Lean. sa spás a bhí bán: "Daniel O'Brien's book, Winter's Lane, Blarneylane Cork 1813" i bpeannaireacht an Bhrianaigh. Lean. ó láimh an easpaig: "who bequeathed it to Right Rev. Dr. John Murphy R.C. Bishop of Cork in the year 1825".

VIII. Bán.

1 . Dáibhi Ua Bruadair (1652). Créacht do dháil me am árrthach galair. 50+2 v. Le nóta ina dhiaidh "Et ní fheadar féin sin", mar ghluais leis an line deiridh. Fágadh lch 2 bán. 12i. Nóta ón scríobhaí: "Fá do leabhraibh chSeáin Builléad a cCorcadh é so, ar ttosanúghadh a bhreacaighthe air tteacht áirneáin na n-oidhche bhfada lé Seán Ua Murchughadh na Ráithíneach a cCairrthe na bhFear. Oichtmhí 18th. 1754".

13 . Donnchadh Ua Murchúghadh An Phuisín. A dhaoine nú an díth libh na sgeólta. 62 v. "Eachtra Eamoinn 's a Chapaill ara ttugthar Sgéal Chapuill an Chuimín, et Cuchuilliosg Éamoinn Í Lee".

26 . Seathrún Céitinn. Óm sgeól ar árdmhagh Fáil ni chodlaim oidche. 7 v.

27 m. Aodhgán Ua Raithile. Gile na gile do chonnarc ar slighe an uaignis. 9 v.

29 . Uilliam Mac Cairteáin. Trí bhile dhon Mhúmhain, trí túir, trí heasbaig(h), trí treóin. 6 v. "Don triar easbag do bhí ag riarúghadh san Múmhain a n-éinfheacht".

31 . gana. "Eachtra ar Mhnaoi Iarla". Mairg doghnídh cumann le mnáibh. 19 r.

33 . Dáibhí Ua Bruadair. Geadh ainbhfiosach feannaire nár fhiar a ghlún. 7 v. "Ar dhobhuídheachas lucht millte an toradh ar na coinghiolaibh do fríth ... a Luimneach . . . 1692".

34 m. gana. Bráthair don bhás an daidhbhreas. 23 r.

37 . "Teagasg Dháibhí Í Bruadair do thruipéir do bhí ag dul a n-arm an lá sin . . . 1686". A thrúipfhir más músgailt ón mbaile [t]h'álgus. 10+1 v. Gluaiseanna i mBéarla ó pheann Sheáin na R.

39 m. Fear Feasa Ón Cháinte. Mór doghníd daoine díobh féin. 19 r.

41 m. Dáibhí Ua Bruadair. Fáilte 1 Chealla ria Sur Séamas. 9 r.+9 v., gach re ceann. "For the Right Honourable Sir James Cotter Knight . . .".

44 . "Oisín Mac Finn cct. do láthair Phádraig". A Oisín, iomraidhsi línn. 45 r. "Tarrngaire Fhinn Mic Cumhaill ... ar Éirinn".

48 m. idem. Ceard ghaisge do fhoghnadh d'Aodh. 11 r. "Ar bhás Aodha Mic Gara Ghlúnduibh .i. gaisgeadhach d'Fiannaibh Éirionn".

50 . gana. Iomdha éagnach ag Éirinn. 20 r.+ l v.

52 m. Eóghan Ua Caoimh. Ar treasgaradh a n[E]acharuim do shíol Éibhir. 8 v.

54 . Muiris mac Dáibhí Dhuibh. Mór idir na haimsreadraibh. 71 r.

61 . Dáibhí Mac Gearailt. Mallocht don bhás bhrónach. 21 r.

63 m. gana. An conachlann 'nár goineadh sibh a stóir dhil shiar. 2 v.

63 i. Piaras Feiritéar. Mo thraochadh is mo shaoth lém ló thu. 56 v. "Ar bhás Mhuiris Mhic Gearailt an Ridire Ciarruígheach fuair bás a bhFlóndras et é ina oifigeach ann".

75 . Tadhg Ruadh Ó Conchúbhair. Do bheartaibh an tsaogail shlím. 8 r. "Ar luígheadúghadh a cheathra et a chostuis, et arna thabhairt a neamhshuim dá charaid". Lean. gana, ("ach ní fheadar an t-úghdar") "Freagra": Truagh, a Thaidhg, mar chaointear leat. 8 r.+ l v.

77 . Dáithbhí Ua Bruadair. Do chonnra foirceadal oruinn ós cíos dlightheach. 10 v.

79 . An tAthair Seán Ua Briain. A Chiaráin, is cianchás mar radharc 's as brón. 6 v. "Dá Chiarán capuill do chailí".

80 . Séamas Beag Mac Coitir. 'Athair dhil dár thairgeasa díograis cléibh. 6 v. "Ag freagra don Athair Sean Ua Briain . . .".

81 m. Donnchadh Dall Ó Laoghaire. A Chléirigh thubaistig chuirios na daoine amúgha. 6 +1 v.

83 . gana. Fuasgoil solasghort Chonaire, a ríogh Chárthaig. 17 v.+ 17 r., gach re ceann.

88 . Tadhg Ua Duinnín. Is léan liom leagadh na bflatha 's na bhfíoruaisle. 13 + 1 v. Lean. gana.: Ó gheibhim gur cailleadh na flatha shliocht Mhílésius. 1 v.

91 . Seán Ruadh Ó Seithiocháin. Cé fada me am mháighistir ar sháraibh Deasmhúmhnach. 16 v.

94 . An tAthair Conchubhar Ua Briain. As creacht teidhnn bhocht bheir foidheartha mo shúilsi bleacht. 13 v. "Ar bhás an Athar Feidhlime Mhic Cárrthaigh, sagart et dochtúir diadhachta".

97 m. Seán hUa Murchughadh. As ciach d'éigsibh do chléir is do thaisdealaibh slíghe. 15 + 1 v. "Ar bhás Uilliam mac Reamoinn Do Barra Bhaile na gCloch".

101 . "Comhairle Dháibhí Í Bhruaidair do thruipéir do bhí ag dul a n-arm an la sin". A sgafaire d'Aoibh cCearabhuill, a Dúithe Éile. 3 v.

101 i. idem. Seirbhíseach seirgthe íogair srónach seasg. 4 v.

102 i. idem. Mo líon teisd oruibh nach slighe chum sochair. 2 v.

103 . idem. As mairg nár chrean re maithios saoghalta. 18 + 3 v. "An tan do thuit a luime et a ndíth cosdais et fuair a phríomhcháirde go faillightheach fána fhóirighthin".

107 . "Uaghacht nó Tiomna Uilliam Scot". Diúltaoim dod chúrsaoibh, a shaoghail. 22 + 1 v.

112 . Seán hUa Murchúghadh. Eadáil ghreanta do ghlacas óm charaid chómhguis. 4 v. "Don tsagart shéimh shuairc shoichineóil .i. an tAthair Domhnall Mac Chlaochnuídhe do bhronn speacláire soiléasda dho".

113 . "Suirghe Dhonnchadh an Dúna ... re mnaoi áluinn iolchrothach árdaigeanta; uasal a n-éagcosg, et íseal nó anuasal a ndúthchus". Adubhairt sí ríomsa don chómhrádh chráidhte. 22½ v. le fo-rann "Freagra ón mnaoi sin": Faire, faire, níor chleachtas-sa an dáil sin. 4½ v.

119 . "Aislingeadh Thomáis Muireadhach". Rosgadh file do dhúil luit. 36 r. Lean. "Ag so an míniúghadh tugadh don úghdar": Do bhíomairne et ní bhfuileamaoid. 4 1. (122i.). Nóta faoi sin: "Naoimhi 1754".

123 . Oisín mac Finn. Mór anocht mo chumha féin. 90 r. "Tuarasgbháil Chatha Gabhra . . .".

132 . Muiris mac Dháibhí Dhuibh. Fuaras each nách duaibhseach doirbh. 11 r. "Ag moladh eich do bhronn Dómhnall mac Taidhg Í Bhriain ón Dúmhach dó".

134 m. Nóta ón scríobhaí: "Do sgríobhamair dánta et déantúis mar as feárr do fríoth linn go n-uige si, chum caithiomh aimsire et cuideachtanais don tsealbhdhóir. Annois cuirfiom síos (a n-ainm Dé) ionar ndiaig neithe is tairbhídhe et as tábhachtaídhe chum eagna et eóluis, creidimh, et crábhadh an léaghthóra do bhreisíoghadh et do mhéadúghadh".

135 . AN TEANGA BHITHNUA. Tos. In principio creavit Deus . . . Do cruithidh Dia neamh et talam ar ttús, et as e an Righ do rine sin as millse ná gach righ.

161 m. gana. n/m/m go claon ar tháiplis beart. 1 v. Ta ta grádh gcradh bronach brónach. 1 v.

162 . BEATHA SHEAN CIARÁN SAIGHRE. Tos. [B]eatisimus episcopus Ciaranus sanctorum Hibernie primogenitus .i. As é an t-easbog naomhtha Ciarán Saighre céadnaomh do geineadh a nÉirinn. Colafan: "Foircheann le Seághan Ua Murchughadh na Ráithíneach a cCairthe na bhFear an 16 lá do Naoimhí san mbliadhain MDCCLIV do mhaighistir Seán Builléad a cCorcadh Mhóir Múmhan do ghraf é .i. sealbhdóir léigheanta an leabhair etc. Buídheachas do Dhia" (189i.).

190 . [TEAGASG CRÍOSDAÍGHE GHIOLLA BRÍGHDE UÍ EODHUSA.] Tos. le: "Óráid don léaghthóir". Afhir léaghtha an leabhráin bhig. 8 r. Lean. an téacs: Roinntear an Teagasc Críosdaíghe a ccúig chodchaibh. Le colafan: "Foircheann don tTeagasg Críosdaíghe si Naomh Bonabhentúra arna sgríobhadh le Seághan Ua Murchúghadh na Ráithineach a cCairthe na bhFear don uilecheardach eólusach .i. Seághan Builléad a cCorcach Mhóir Múmhan deichmhí 1754" (302i.).

303 . "Seanchómhairleadha nó Oideas aosda as inleanta d'aos óg et ársadh, arna bhfághail don sgríbhnneóir a seinleabhar meamruim do sgríobhadh cian ó shoin". Tos. Tuig ar ttús et labhair iar sin. Nótaí ina dhiaidh: "As nóin tSathroinn ann". "Leabhar chSeáin Builléad a cCorcach so" (316i.).

317 . EACHTRA LÉITHÍN. Tos. Naomhéarlamh uasal óireadha ro bhí a ccrioch nÉireann feacht n-aill dárbadh comhainm Ciarán Cluana. Nóta ina dhiaidh: "Leis an sgriobhnnóir ccéadna don tsealbhdóir chéadna August 1755 mar an ccéadna". (331i.).

332 . BEATHA ET MHARTRA MHAIRGRÉAD NÁOMHTHA. Tos. Gein tsauthamh (leg.—ain) tsaoirchineólach bhinnbhriathrach bhiothbhuadhach chreidmheach choisiregeach. Colafan: "Arna sgriobh le Seán Builléad 1756" (348i.).

349 . "Oirbhire, aithis, achmhusán et sluaghmhallacht chSeáin na Ráithíneach air bhitheamhnach do ghoid caora .i. molt uaidh". Ní dom naire an ghearáin si ar m'intinn si. 2½ v. agus an chuid eile den lch fágtha bán. Cuireadh a bhfuil scríofa ar an lch seo ar ceal níos déanaí ag an scríobhaí, ach gur féidir é a léamh dá ainneoin sin.

350 . Aongus na Diadhachta ".i. Ó Dála". Gaibh mo choimirc', a chuirp Íosa. 21 r.

352 . idem. Slán ar mharbadh Mac Dé. 40 r.

356 . CRAOBHSGAOILEADH MAICNE MILIDH. Tos. Ag Breóghain Mac Brátha, seanathair Mílidh Easbáine, choindreagaid Clann Luíghdeach mac Íthe ré clannaibh Míleadh. Stad. Mac Giolla Riabhuig et ar ghabhluig uatha etr. Lean. colafan: "An seanchus[s]a iarna tharang a leabhar iris Chloinne Í Mhaoilchonaire neoch do sgriobhadh leo trí fithchid bliaghuin roimh an mbliaghuin d'aois Chriost" agus sin a bhfuil! 1756?