Catalogue of Irish Manuscripts in NATIONAL UNIVERSITY OF IRELAND, MAYNOOTH

4 A 11

FILÍOCHT
LS LE AODH BUÍ MAC CRUITÍN

Faoin aon cheangal amháin anseo tá "dhá ls" de réir an liosta oifigiúil agus de réir an Catalogue of Irish MSS. lámhscríofa. Tá cuntas tabhartha cheana ar M 85, atá ar chúl an imleabhair M 85-M 86. Tá an dá chuid ceangailte i gcairtchlár breac agus lgh ceangail bhána taobh istigh den chlúdach. Ar cheann díobh siúd i dtús an imleabhair tá nóta ón Athair Mícheál Ó Hiceadha: "Recovered in 1904 (Nov. 29) after having been missing for many years . . .". Feic M 72. Tá iarsma na n-orlitreacha ar a dhrom le feiscint: "Poems: Irish M.S." Dhá ls faoi leith atá in M 86 féin, ach táid ríofa go leanúnach, agus an ríomhadh sin ag leanúint ar aghaidh go M 85, agus siar amach. Tugtar cuntas faoi leith anseo ar an dá chuid de M 86.

(a)

18ú haois. Páipéar. 6.5" x4". 184 lgh, ríofa gó cóir anois ag l.d., ach bhí ríomhadh lochtach orthu ar dtús. Leath-dhuilleog scáinte is ea lgh 183-184. Tá lgh in easnamh tar éis lgh 108. Eamon Ó Cearmhic (Kerby) a scríobh an ls go léir ach gur chríochnuigh Séamas Breatnach (?) (de réir na peannaireachta agus a nóta 162i.) an t-amhrán a fágadh gan chríoch 39i., agus gur líon sé isteach oiread agus a d'fhéad sé den laoi a bhí gan críochnú ag 116i. sna lgh as sin amach go 122i. Déarfainn gur ls léi féin 121-184 tráth (cf. scribleáil etc. 120-122). Bhí Ó Cearmhic ag scríobh 10-8-1775 (66i.), 15-9-1775 (lch 90), 12-4-1776 (155m.). Tá dátaí níos déanaí ná sin uaidh leis (e.g. ar lch 113) ach nílid sin ag tagairt d'am scríofa na lse. Tá go leor ainmneacha úinéirí agus léitheóirí ar an ls. Ní thugtar iad go léir anseo.

1 . "Aisde Dáibhí Cúndún". As burtha an cás so ttarladh Éire. 259 l. "Sh. Barry jun." l.d., i bpeann luaidhe, faoin tideal.

13 . Donnochadh Mór Ó Dala. A fhir éadmhar aga mbidh bean. 8 r.

15 m. gana. Mairg doghnídh cumann le nmáibh. 19 r.

20 . Seamus Green. Do sreathadh mé a ngéibhinn 's a sgiosaibh báis. 6+3 v. "Do Dáibhí mac Reamoinn Buidhe do Barra".

22 m. gana. Sgéal [ar] dhiamhair na suirghe. 1 r.+8 r.+8 v. (gach re ceann)+l r.

26 . gana. Más dóthcus ar ndóthcus a mbliaghna mheath. 3 v.

26 i. gana. Gó réig, a bhean na dtrí mbó. 8 r.+1 v.

29 . Muiris mac Dáibhí Dhuibh. Ait liom stéad sgiamhach sgathánta. 12 r. "Diu et rogha gachá mná".

32 i. Seán Clárach. Seal is mé am aonar a' ríar an mbróin (leg. bhróin). 11 v. "Ar Anna Priór".

33 . Donnchadh an Dúna. Adúbhairt sí riomsa do comhrádh chráidhte. 21½ v. "Suirghe Donnchadh an Dúna son re mnaoi aluinn iolcrothach árdaigeanta" etc. Lean. "Freagra ón mnaoi sin: Faire, faire, níor chleachtus an dáil sin. 4½ v. Malairt láimhe 39i.-41. Cf. 116i. thíos.

41 i. Síniú an-dhoiléir: "John Morgan (?), his book, February (?) the 16th 1788".

41 . Bán.

43 . Séamus Ainglis. A bhráthair na Fódhla, a Dhiarmuid. 30 r.+1 v. (tos. r. 3, Do tharlaig a Luimneach le chéile).

50 i. Donohadh Caoch Ua Matghamhna. Atá an oiréad sin tarcuisne ar breataibh na binnGhaoilge. 5 v.

52 . Eoghan Mhac Cártha An Mhéirín. Go moch is mé am aonar gan aon am chóir. 13 v.

55 . Donochadh Caoch Ua Mathghamhna. Mo dhanaid, mo dhearc, mo ghné, mo ghnaoi. 2 v. "Ar chaill aon dá shuilibh".

55 i. gana. Fáth m'fala leat ná leanfuinn tu tar na miltibh slóg. 1 v. "Freagra Donochadh Uí Mhurchughadh an Phuisín:" Páirt Shasanaigh má ghlacadar sliocht Mhiol na mBó. 1 v. (lch 56).

56 m. gana. Ansacht mná go brách ná cloidheadh do chiall. 2 v. le "Freagra": Amhgar smáil ort fháidh bhuídhe (bhuide) gan chiall. 1 v.

57 . Seaghan Mhac Clancaoi. A chara mo chléibh do léaghas na seanúidar (leg. —údair). 1 v. Lean. "Freagra": Uilliam Mic Cartáin. A fhir ghasda dhil fhéil is treightheach deaghmhuinte. 3v.

58 . BRUIGEAN CHÉISE CORANN ("Coradh" ls). Tos. Seilg 7 fíadhach 7 fioncosgur do comóradh le Fionn Mac Cumhall mic Treinmhóir Í Boisgne fá chríochaibh caomhaille an Choradh. Colafan "Finit arna scriobh le Eamon Ó Cearmhic an deachmhadh lá do August 1775" (66i.).

67 . TUITIM AN MACAOMH MÓR "mic rígh na hAisbáine le hOsgur". Tos. Rígh uasal ordhearac árdchomhachtach do ghaibh árdfhlathus na hÉirion dárbh ainm Cormac Mac Airt. "Finis per me Edmond Kerby. September ye 15th 1775" (lch 90).

90 m. Atá sgéal beag agam ar Fhionn. 40 r. "Comhrac na Féinne 7 mhic Rígh na Sorach mar gheall ar inghean Rígh Thíre Fá Thuinn".

94 m. CAITH MUIGHE MUCROIME. Tos. Do ghaibh Art Aoinfhir Mac Cuinn Céadcaithaig flathios Eireann 30 bliadhan 7 as rena linn do bhí Ioloill Óluim. Lgh ar iarraidh (cf. f.c. "freisin") idir 108 agus 109. Colafan "Finis per me Edmond Kerby" (113m.). Síniú faoi sin (níos déanaí): ". . . Edmond Kerby 1777". Síniú ó "John Morgan"—"his hand and copybook".

114 . Do chuamar go Tig Teamhrach. 33 r. "Laoidhe an Dorin . . . do réir . . . mur d'inis Oisin do Phádraig é". Scríobhadh (116i.) r. 13-33 níos déanaí ná an chuid eile: Séamas Breatnach (? de réir na peannaireachta) a scríobh; bhí scribleáil ar lgh 120, 121, 122, sular scríobhadh an laoi ar na lgh sin; ní raibh spás d'aon ní ar 120; gan ach spás do rann ar lch 121 (i.); níorbh fhéidir ach an leath íochtarach do lch 122 a úsáid.

123 . Oisin is fada do shuan. 173 r. "Agallamh Oisin 7 Phadráig". Cuid dá ranna seo agus den chéad laoi eile ar na himill. Síniú an scríobhaí 153i.: "Eamon Ó Cearmich". Colafan. "Críoch air sin . . . an dara lá déag don mhiosa April 1776" (155m.). Síniú eile faoi sin. "Seagan Ó Lianain".

156 . Mór anocht mo chúmha féin. 80 r. "Ag so mur dobheir Oisín tuarasgbhail Chatha Gabhra do Phattraig .i. an caith inar thuit a mhac féin .i. Osgur mac Oisin". Síniú ón scríobhaí: ". . . 25th Day of January [17]85 (?)" (157i.); sínithe eile leis uaidh. "Edmond Barry" 159i. Bréagnóta ón idirscríobhaí: "Seamus Breatneach, a leabhar Gaodhilge do sgriobh sé le luas lamh 7 le drochghleas gan teannta búird", síos suas 162i. Cf. 182i.

173 . Uilliam Ó Háodh. Éisticc eigse ná labharaidh poinn. 5 v. "Do Éanna 7 do cSeán .i. neach atá firean buinnean".

174 . An Mangaire Súgach. Sin chugaibh le sgléip an saorfhear seasamhach Seán. 4 v.

175 m. An tAthair Nicolas Ó Domhnaill. Am eadartha 'nae 's mé tréith a' taruint don mhóin. 7 v.

177 . Pádraig Ó Caolluighe. Ainnir ghlan mhin dar linn do thaisdiol an dómhan. 6 v.

178 m. Seághn Ó Súileabháin. A spéirbhean tsultmhar tug turus a ccéin tar lear. 2 v.

179 . Séamus Mac Coitir. Sin chugaibh Seon an oinseach ghreannamhar ghrinn. 3 v.

180 . Dáibhí Ua Bruadar. Seirbhiseach seirgthe ioguir srónach seasg. 4 r. "Finis go salach ciodh suairc" (181m.). Nóta (180i.) ó láimh Shéamais Bhreatnaigh: "Eamonn Ó Ceirmhic ro sgriobh an leabhran . . .". Sínithe ón scríobhaí etc., agus ó "Phillip Hyde" ar an leath íochtarach de 181.

182 . Síniú an scríobhaí agus dáta—"1[5]th Day of April 1776". (Cf. 162i.) "Seamas Mac Gearailt a lamh 7 a leabhar" etc. Tá an lámh an-chosúil léi siúd ag 162i. agus léi siúd ag idirscríobh. Arbh ionann an bheirt? Cf. freisin (b) 185m.

184 - 5 . Leath duilleoige scáinte. Scribleáil agus sínithe E. Ó C.

(b)

18ú haois. Páipéar. 6" x 3.8". Lgh 185-302 den uimhriú leanúnach. Bhí an t-uimhriú seo féin lochtach ar dtús, ach leasaíodh é. Bhí uimhriú leis ar an ls ón scríobhaí, ag tosú le 1=189; cealaíodh é, ach is féidir é a léamh ar a lán lch fós (e.g. 197=9; 55=244— dearmad anseo timpeall). Aodh Buidhe Mac Cruitín a scríobh 185-256, 291-'9, 302 ina pheannaireacht ghleoite. Tugann sé 14-9-1714 mar dháta agus Áth Cliath mar log ar lch 185. Duine éigin eile a scríobh 257-285; 301. Dhein an duine céanna ceartúcháin anseo is ansiúd ar Aodh Buidhe.

185 . "Moladh do Dhia Ámen. An ceathramhadh lá déag do mhí September an bhliagain d'aois Chríost .i. 1714, ann Áth Cliath; arna sgríobha le hAodh Buidhe mac Cruitín; et sirim ar an léightheoir guidh orm".

185 m. Rígh gan tús gan deireadh Dia. 1 r. Síniú éadrom "Jacobus Walsh" (?cf. (a) 162i.). An chuid eile den lch bán.

186 - 188 . Bán, ach oideas (?) ar bharr 187 "R. pilu. Cornachim 3 ii electuar . . .''.

189 . Seádhan Ó Conaill. An uair smaoinim ar shaoithibh na hÉreann. 119 v.

217 . gana. D'éis mhíle et chúig ceád. 6 r.

219 . "An Síoguidhe Rómhánach". Innisim fios ní fios bhréige. 80+1 v. Ceartúcháin ó lámh eile. Ví as ord, ach treoir tugtha ag an scríobhaí eile chun an míghléas a réiteach.

239 . "Dán an Ghearráin Riabhaigh". A gearráin riabhaigh lér chaillios mo shearc. 13 r. + l v. "Cuirtéar do leagadh san charnn aoiligh ós comhair ádhbhair a mhná dar leis".

244 . "Sgiathlúithreach an Choxaigh". A Risteird mhúirnigh na ccreach. 19 r.+l v.

251 . "An Síoguidhe Rómhánach .i. Cathaoír Buídhe Ó Maolmhuaidh". (Cf. Five Seventeenth-Century Pol. Poems, lch 12.) Cidh f ad me a bpéin 's le háon nach truagh mo léan. 4 v.

252 . Cathal Maol. A Antoin an Bhéarla, a phéisd is gruama gláim. 7 v.

254 . Baothghalach Dubh Mac Aoghadháin. Dia do chruthaigh grianbhrugh nimhe. 12 v. "Duain tíghe na trócaire". Neamhiomlán. Scríobh Aodh Buidhe an tideal reatha "Duain etc.", ar bharr lch 257, ach scrios an dara scríobhaí é sin.

257 . "P. 7 Oisin". A Oisín is fada do shuan. 64 r. gan a bheith roinnte ina ranna sa chuid is mó de (ón scríobhaí eile). Cf. 301 thíos.

271 . [A] Osín is binn liom do bheul. 64 ½ r. "Laoidh na Mná Móire".

286 - 290 . Bán.

291 . "Ag so Mionghraiméar na Gaoidheilge et na riaghlacha cinnte le ttig neach chum na teangan Gaoidheilge do leaghadh et do sgríobhadh go cumair".

298 . "Beagán do na nodaibh".

300 . Bán.

301 . A Phádruig Mhic Calpruinn úir. 3 r. Baineann seo, is dócha, leis an laoi thuas lch 257.

302 . Dánfhocail. Ní ghabhann aineolach dall. An cnoc is airde is é is fuaire. Bheith a mbeartuibh loma.