ISOS logo
en

MS M 85

Catalogue of Irish Manuscripts in Maynooth University

M 85

[ceangailte le M 86]

LS DHONNCHADHA RÚA MHIC CONMARA

18ú haois. Páipéar. 5.8" × 3.5". 168 lch. Seo lámhscríbhinn bheag a bhfuil lgh caillte óna tosach (13) agus óna deireadh (ní fios cé méid). Tá duilleog caillte óna lár istigh freisin. Tá uimhriú léi féin uirthi óna scríobhaí, é soléite ar fhormhór na lch (ach na 14 lgh deiridh) d'ainneoin é bheith scriosta le dúch dubh. Tosaíonn an t-uimhriú seo le 14 agus téann go [183]. Tá duilleog 56-57 caillte agus tá beagán damáiste déanta do na lgh deiridh. Tá dhá uimhriú eile ar (fhormhór na) ls(e), iad araon leanúnach ó M 86; an ceann is luaithe acu scriosta (cf. M 86), agus an ceann eile lochtach. Gabhann an tríú ceann seo 303-439, 450; níl an duilleog atá caillte san áireamh; bhí sí caillte go luath. (cf. Pól Breatnach, Irisleabhar MN 1927, 41). Donnchadh Ruadh Mac Conmara a scríobh in Aibreán—Meitheamh 1758 (cf. 140i., 144i., 145, 168). Chóipeáil Pól Ó Longáin nithe as an ls seo (cf. M 14). Feic M 86. Leanaim uimhriú an scríbhneora i mo chuntas thíos, agus tugaim farais idir lúibíní an t-uimhriú lochtach déanach ná fuil scriosta.

14 (303) . Tugadh chugadsa a chroch ion[mhain]. 18 r. An líne deiridh: Rugais dfheadhaibh an bheatha a mbárr. Ba é seo an triú dán le Donnchadh Mór Ó Dálaigh (de réir an "IV Donnchadh" atá 18i.) a bhí sa ls.

19 (308) . idem. [A]s trúagh mar tá mo cholann chríadh. 5 r.

20 (309) . idem. Da ttuigiodh cách cor an domhainn. 3 r.

21 (310) . idem. [Á]luinn dún Mhic Muire. 36 r.

30 (319) . idem. Nar badh slán iomráidh don óig[e]. 13 r.

33 (322) . idem. Sgéal doiligh ar Mhuire mhóir. 20 r.

38 (327) . idem. Éisd rem fhaoisidín, a Íosa. 72 r. "Faoisidín Dhonnchadh Mhóir Uí Dhála"; duilleog 56-7 ar lár (cf. f.c. agus iarsma). Síniú "Darby Myles" marg. dext. Lch 38.

59 (346) . "Finit. Deire Dhánta Dhonnchadh Móir Uí Dhálaigh".

60 (347) . Ó Cáinte. As mór donídh daoine diobh féin. 7 r.

62 (349) . gana. Seisior as fearr d'fuil Adhamh. 7 r.

64 (351) . gana. Tuirseach sin, a mhacaoimh mná. 11 r.

66i (353i.) . Figiúirí ag baint le hairgead. "Recd. the above money in full. Domhnall O Égán".

67 (354) . Tadhg Ó Cobhthaigh. Crann seoil na cruinne an chroch naomh. 17 r.

71 (358) . Tadhg mac Dáire. Mór atá ar theagasg bhflatha. 42 r.

82 (369) . gana. Ceólchar sin, a chruit mó rígh. 10 r.

84 (371) m. A chleite an gheidh riamaigh. 1 r. agus "Freagradh an Chleite". Nár suaitear leat mo chnamha. 1 r.

85 (372) . "Deirdre". Gleann meisge iasgach linneach. 7 r.

87 (374) . "Éagnoidhe laoithe chaointe do rinneadh Déirdre, bean rioghain Chonchúbhair rígh Ula, iar marbhadh tríar mac Uisne a nEamhainn na rioghadh c". An mór na héachta a nEamhainn. 34 r. Lean. "As a haithle sin d'iarr Deirdre athchuinngidh fortha, léigean di Naoisi do phógadh luighis san bhfeart do ghabh ag ól fola Naoise ... Ag sin Laoithe Dhéirdre" (lch 94 = 381).

95 (382) . "Mola Diomola na mBan". Ait liom bean sgiamhach sgathantá. 8 r.

97 (384) . Seáfrún Céiting. Mo thruaighe mar tá Éire. 18 r.

101 (388) . An aibítir. Sínithe: "Mauread ní Sanley, Lucás Cinsealach".

102 (389) . Fearghaill Óg Mac An Bhaird. Beanacht síar uaim go hÉirinn. 25 r.

108 (395) m. Caoneacht is míneacht is greann gan sult. 1 v., agus "Freagradh": Mara mbidhimsi, bídhim annsin. 1 v.

109 (396) . Cathal Ó Feadhaigh. Tinn anocht mo mhaoimheanma. 24 r.

115 (402) . "Eachtradh chSeain Uí Chonaill". Nuair smaoinghim ar shaoithibh na hÉirionn. 123 v. Na lgh ar a bhfuil sé seo uimhrithe leo féin. Imeall 116-7 caite.

139 (426) . Diarmuid mac Domhnaill mac Fighnín Chaoil. A dhalta ghil dar radusa mo annsacht dian ("ceartaithe" go na radhusar mo mo). 6 v.

140i. (427) . "An chéad lá don mhéidh Abraon 1758".

141 (428) . [An] Mangaire Súgach. A shagairt na rún, na diulta a mbliadhna pis. 4 v.

142 (429) . D'fhág an scríobhaí an lch seo bán. Véarsa i mBéarla: The verses on the other side / nor test nor censure can abide / are calculated to amuse / scavengers in a baudy house. Lean. "Execrabilis illorum est author". Sínithe: "Daniel Egan's hand 30 August 1800". I bpeann luaidhe go an-lag: "James Murphy. David Murphy".

143 (430) . Seafrún Céiting. On sgeol ar árdmhagh Fáil ní chodluim oidhche. 7 r.

144i. (431) . "Foirceann an chéad lá donn Mheidh Beilteine aois an Tighearna 1758" (lch 145=432).

145 (432) . Donnchadh Mhac Conmara. Gealluimsi dhíbhsi nár gabhadh Prág [Autograf] "An chéad lá don míos Júine . . . 1758".

146 (433) . D'fhág an scríobhaí é seo bán. Scribleáil. Sínithe: "Domhnall O Egán . . . Daniel Egan dated June first 1800".

147 (434) . "Seaghan Inglis" (l.d., i bpeann luaidhe). Do thárlaidh a Luimneach lena chéile. 29 r.+1 v. "Eachtara Thiobóid Phattraic Mhathghamhain".

153 (450) . "Eachtara Ghiolla an Amráin" [Autograf] Do riarfuínn sgeól dom chomharsa air aonrod. 291 11.

168i. (465) . Colafan: "Airna sgríobh le Donnchadh Mach Namara úghdar an bheagshaothair so. Sir trocaire dho, a léighteoir".

[169] (466) . "Teasdus tug Donnchadh Duanógach Mhacnamara, ar thuireadh do rineadh le Laighneach do Thiobóid Builtéar". [Autograf] Tuigim ad thuireamh, a Laighnigh. 12 r.

[173] (470) . BEATHA ("Trach ar") MHEIRLÍNO MHALIGNO " air an Spiorad eolais ". Tos. Do bhí athach n-aon 'na chomhnaidhe a ríoghacht na Bohéimía, duine aithríghte dar chomhainn Meirlíno Maligno. Stad. Neamhiolán toisc lgh a bheith ar iarradh (lch [183]=480). Cúinne íochtarach [182-'3] caite.